+RIALACHÁN (AE) 2026/1881 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 24 Iúil 2026 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
------+Airteagal 1 1
------+Airteagal 1 2
------+Airteagal 1 3
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
------+Airteagal 2 (1)
------+Airteagal 2 (2)
------+Airteagal 2 (3)
------+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 3 Raon feidhme an mhaolaithe
------+Airteagal 3 1
------+Airteagal 3 2
------+Airteagal 3 3
---+Airteagal 4 Treoirlínte ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí
---+Airteagal 5 Leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha
---+Airteagal 6 Údaráis mhaoirseachta
---+Airteagal 7 Liosta poiblí d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí
------+Airteagal 7 1
------+Airteagal 7 2
---+Airteagal 8 Staidreamh
------+Airteagal 8 1
------+Airteagal 8 2
---+Airteagal 9 Tuarascáil cur chun feidhme
------+Airteagal 9 1
------+Airteagal 9 2
---+Airteagal 10 Nós imeachta coiste
------+Airteagal 10 1
------+Airteagal 10 2
---+Airteagal 11 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
|
English -
European Union -
ICT -
Data Privacy -
RIALACHÁN (AE) 2026/1881 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 24 Iúil 2026 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
RIALACHÁN (AE) 2026/1881 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Iúil 2026
maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2), i gcomhar le hAirteagal 114(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos rialacha lena n-áirithítear an ceart chun príobháideachais agus chun rúndachta maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i malartuithe sonraí in earnáil na cumarsáide leictreonaí. Sonrú agus comhlánú ar Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá sa Treoir sin (4).
|
|
(2)
|
Tá feidhm ag Treoir 2002/58/CE maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a sholáthar. Go dtí an 21 Nollaig 2020, bhí feidhm ag an sainmhíniú ar ‘seirbhís cumarsáide leictreonaí’ a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (c), de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). An dáta sin, le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), rinneadh Treoir 2002/21/CE a aisghairm. Áirítear sa sainmhíniú ar ‘seirbhís cumarsáide leictreonaí’ in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972, seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7) den Treoir sin. Dá bhrí sin, an 21 Nollaig 2020, tugadh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, lena n-áirítear, mar shampla, Prótacal Idirlín Guthaithe, seirbhísí teachtaireachtaí agus seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe, laistigh de raon feidhme Threoir 2002/58/CE.
|
|
(3)
|
I gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Le hAirteagal 7 den Chairt cosnaítear an ceart bunúsach atá ag gach duine go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, an áit chónaithe agus an chumarsáid, agus áirítear air sin rúndacht na cumarsáide. Tá an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint in Airteagal 8 den Chairt.
|
|
(4)
|
Le hAirteagal 3(1) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, 1989 (UNCRC) agus le hAirteagal 24(2) den Chairt, foráiltear nach mór leas an linbh a bheith ina phríomhthosaíocht i ngach gníomhaíocht a bhaineann le leanaí a dhéanann údaráis phoiblí nó a dhéanann institiúidí príobháideacha. In Airteagal 3(2) UNCRC agus in Airteagal 24(1) den Chairt, tagraítear freisin don cheart atá ag leanaí chun cibé cosaint agus cúram is gá ar mhaithe lena ndea-bhail.
|
|
(5)
|
Tá cosaint leanaí, as líne agus ar líne araon, ar cheann de thosaíochtaí an Aontais. Is sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus cearta bunúsacha iad mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí, go háirithe ar chearta leanaí a bheith cosanta ar gach cineál foréigin, mí-úsáide agus faillí, drochíde nó teacht i dtír, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach, dá bhforáiltear le UNCRC agus leis an gCairt. Tháinig go leor buntáistí don tsochaí agus don gheilleagar as an digitiú, ach tháinig dúshláin as freisin, lena n-áirítear méadú ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne. An 24 Iúil 2020, ghlac an Coimisiún teachtaireacht dar teideal ‘Straitéis de chuid an Aontais maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí’ (‘an Straitéis’). Is é is aidhm don Straitéis freagairt éifeachtach a chur ar fáil, ar leibhéal an Aontais, i dtaca le coir na mí-úsáide gnéasaí leanaí.
|
|
(6)
|
I gcomhréir le Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ní rialaítear leis an Rialachán seo beartais na mBallstát maidir le gníomhaíochtaí gnéasacha comhthoiliúla a bhféadfadh leanaí a bheith rannpháirteach iontu agus ar féidir iad a mheas a bheith ina gcuid den ghnáthphróiseas foghlama gnéasachta le linn fhorbairt an duine, agus na traidisiúin éagsúla chultúrtha agus dhlíthiúla agus dóigheanna nua chun caidreamh i measc leanaí agus ógánach a bhunú agus a chothú á gcur san áireamh, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide.
|
|
(7)
|
Tá roinnt soláthraithe de sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir áirithe (‘soláthraithe’), amhail seirbhísí poist gréasáin agus seirbhísí teachtaireachtaí, a úsáideann teicneolaíochtaí sonracha ar bhonn deonach chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a gcuid seirbhísí agus í a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí, trí scanadh a dhéanamh ar an inneachar, mar shampla íomhánna agus téacs, nó ar shonraí tráchta cumarsáidí trí úsáid a bhaint, i gcásanna áirithe, as sonraí stairiúla. D’fhéadfadh an teicneolaíocht a úsáidtear le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a bheith ina teicneolaíocht haiseála le haghaidh íomhánna agus físeán agus ina haicmitheoirí agus ina hintleacht shaorga chun anailís a dhéanamh ar shonraí téacs nó tráchta. Agus teicneolaíocht haiseála á húsáid, tuairiscítear an t-ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne nuair a fhaightear amas dearfach, rud a chiallaíonn meaitseáil a eascraíonn as comparáid idir íomhá nó físeán agus síniú digiteach uathúil neamh-ath-intiontaithe (‘hais’) ó bhunachar sonraí atá á choimeád ag eagraíocht a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí ina bhfuil ábhar fíoraithe mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne. Téann na soláthraithe sin i dteagmháil le beolínte náisiúnta chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a thuairisciú agus le heagraíochtaí, atá lonnaithe laistigh den Aontas agus eagraíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha araon, a bhfuil sé d’aidhm acu leanaí a shainaithint, teacht i dtír gnéasach leanaí agus mí-úsáid ghnéasach leanaí a laghdú agus íospairt leanaí a chosc. D’fhéadfadh sé nach mbeadh eagraíochtaí den sórt sin faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/679. I dteannta a chéile, tá ról luachmhar ag gníomhaíochtaí deonacha den sórt sin chun sainaithint agus tarrtháil íospartach a chumasú, ar íospartaigh iad a sáraítear go mór a gcearta bunúsacha chun dínit an duine agus chun sláine coirp agus meabhraí. Tá gníomhaíochtaí deonacha den sórt sin tábhachtach freisin chun scaipeadh breise ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a laghdú agus chun rannchuidiú le ciontóirí a shainaithint agus a imscrúdú agus le cionta mí-úsáide gnéasaí leanaí a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
|
|
(8)
|
D’ainneoin an chuspóra dhlisteanaigh a ghabhann leo, is ionannionann gníomhaíochtaí deonacha a dhéanann soláthraithe chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus cur isteach ar na cearta bunúsacha go n-ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú agus go ndéanfar sonraí pearsanta úsáideoirí uile seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir (‘úsáideoirí’) a chosaint. Ní féidir údar a thabhairt le haon teorannú a dhéanfar ar fheidhmiú an chirt bhunúsaigh go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, lena n-áirítear maidir le rúndacht na cumarsáide, ar na forais go raibh teicneolaíochtaí áirithe in úsáid ag soláthraithe tráth nach raibh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ag teacht faoin sainmhíniú ar ‘seirbhísí cumarsáide leictreonaí’. Níl féidir teorainneacha den sórt sin a dhéanamh ach amháin faoi choinníollacha áirithe. De bhun Airteagal 52(1) den Chairt, ní mór foráil le dlí do theorainneacha den sórt sin agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart maidir le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh agus maidir le cosaint sonraí pearsanta a urramú agus, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, caithfear gá a bheith leo agus ní mór dóibh freagairt go hiarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don ghá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. I gcás ina bhfuil faireachán ginearálta agus neamh-idirdhealaitheach agus anailís ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach ar chumarsáid gach úsáideora i gceist le teorainneacha den sórt sin, cuireann siad isteach ar an gceart chun rúndachta cumarsáide.
|
|
(9)
|
Go dtí an 20 Nollaig 2020, is le Rialachán (AE) 2016/679, agus leis an Rialachán sin amháin, a rialaíodh an phróiseáil arna déanamh ag soláthraithe ar shonraí pearsanta trí bhíthin bearta deonacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí. Le Treoir (AE) 2018/1972, a bhí le trasuí faoin 20 Nollaig 2020, tugadh soláthraithe laistigh de raon feidhme Threoir 2002/58/CE.
|
|
(10)
|
Le Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), rinneadh foráil maidir le córas sealadach a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaineann soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá ar fáil go poiblí as teicneolaíochtaí chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac, go dtí go nglacfar creat dlíthiúil fadtéarmach lena dtabharfar aghaidh ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc agus a chomhrac (‘an creat dlíthiúil fadtéarmach’). Leasaíodh Rialachán (AE) 2021/1232 le Rialachán (AE) 2024/1307 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), lena gcuirtear síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin sin go dtí an 3 Aibreán 2026.
|
|
(11)
|
An togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022, is é is aidhm don togra sin an creat dlíthiúil fadtéarmach a sholáthar. Tá an chaibidlíocht idirinstitiúideach maidir leis an togra sin fós ar bun.
|
|
(12)
|
An 19 Nollaig 2025, mhol an Coimisiún síneadh 2 bhliain a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/1232 go dtí an 3 Aibreán 2028. Ós rud é nach raibh na comhreachtóirí in ann teacht ar chomhaontú maidir leis an togra sin faoin 3 Aibreán 2026, tá Rialachán (AE) 2021/1232 imithe in éag.
|
|
(13)
|
I bhfianaise a thábhachtaí atá sé mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac go héifeachtach agus go dtí go nglacfar agus go gcuirfear i bhfeidhm an creat dlíthiúil fadtéarmach, is gá maolú sealadach ar Airteagal 5(1) agus Airteagal 6(1) de Threoir 2002/58/CE a cheadú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo. I bhfianaise na n-imthosca ar leith, ba cheart tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a theorannú don dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm ionas go mbeidh dóthain ama ann chun an creat dlíthiúil fadtéarmach a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm.
|
|
(14)
|
Níl aon fhoráil shonrach i dTreoir 2002/58/CE a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann soláthraithe ar shonraí pearsanta i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí. Mar sin féin, de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE, is féidir leis na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh chun srian a chur le raon feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí dá bhforáiltear, inter alia, in Airteagail 5 agus 6 den Treoir sin, a bhaineann le rúndacht na cumarsáide agus sonraí tráchta, chun cionta coiriúla a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. In éagmais bearta reachtacha náisiúnta den sórt sin agus go dtí go nglacfar creat dlí fadtéarmach chun dul i ngleic le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar leibhéal an Aontais, ní féidir le soláthraithe a bheith ag brath a thuilleadh ar Rialachán (AE) 2016/679 chun leanúint de bhearta deonacha a úsáid chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí tar éis an 21 Nollaig 2020. Cé nach ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le foras dlíthiúil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag soláthraithe chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí, agus chun na críche sin amháin, déantar foráil ann maidir le maolú ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE. Leagtar síos leis an Rialachán seo coimircí breise nach mór do na soláthraithe a urramú más mian leo brath air.
|
|
(15)
|
D’fhéadfadh próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 a bheith i gceist le próiseáil sonraí chun críocha an Rialacháin seo. Dá ndéanfaí íomhánna agus físeáin a phróiseáil le modhanna teicniúla sonracha lena gceadaítear duine nádúrtha a shainaithint nó a fhíordheimhniú go huathúil, meastar gur próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta é.
|
|
(16)
|
Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le maolú sealadach ar Airteagal 5(1) agus Airteagal 6(1) de Threoir 2002/58/CE, lena gcosnaítear rúndacht na cumarsáide agus sonraí tráchta. An úsáid dheonach a bhaineann soláthraithe as teicneolaíochtaí chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil a mhéid is gá chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí, tagann sí faoi raon feidhme an mhaolaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar choinníoll go gcomhlíontar, le húsáid den sórt sin, na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí faoi réir na gcoimircí agus na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679.
|
|
(17)
|
Glacadh Treoir 2002/58/CE ar bhonn Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). De bhreis air sin, níor ghlac na Ballstáit uile bearta reachtacha i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE chun srian a chur le raon feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí a bhaineann le rúndacht na cumarsáide agus na sonraí tráchta a leagtar amach sa Treoir sin, agus, má ghlactar bearta den sórt sin, tá baol suntasach ilroinnte ann is dóigh a mbeidh tionchar diúltach aici ar an margadh inmheánach. Dá bharr sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith bunaithe ar Airteagal 114 CFAE.
|
|
(18)
|
Ós rud é go gcáilíonn sonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach lena mbaineann daoine nádúrtha mar shonraí pearsanta de ghnáth, ba cheart an Rialachán seo a bheith bunaithe ar Airteagal 16 CFAE chomh maith, lena dtugtar bunús dlí ar leith chun rialacha a ghlacadh a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus ag na Ballstáit nuair a bhíonn gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin.
|
|
(19)
|
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a bheith á soláthar ag soláthraithe chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí, agus chun na críche sin amháin, a mhéid a thagann an phróiseáil sin faoi raon feidhme an mhaolaithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.
|
|
(20)
|
Ba cheart na cineálacha teicneolaíochtaí a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo a bheith ar na cinn is lú a chuireann isteach ar an bpríobháideachas i gcomhréir leis an úrscothacht atá in úsáid sa tionscal. Níor cheart na teicneolaíochtaí sin a úsáid chun téacs a scagadh agus a scanadh go córasach i gcumarsáid ach amháin má dhéantar sin chun patrúin a bhrath lena dtugtar le fios go bhféadfadh cúiseanna nithiúla amhrais a bheith ann faoi mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne, agus níor cheart a bheith in ann, leis na teicneolaíochtaí sin, substaint inneachar na cumarsáide a thuiscint. I gcás na teicneolaíochta a úsáidtear chun sirtheoireacht leanaí a shainaithint, ba cheart na cúiseanna nithiúla amhrais sin a bheith bunaithe ar thosca riosca arna sainaithint go hoibiachtúil amhail difríocht aoise agus an bhaint is dócha a bheith ag leanbh sa chumarsáid scanta.
|
|
(21)
|
Ba cheart nósanna imeachta agus sásraí sásaimh iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir le daoine aonair gearáin a thaisceadh le soláthraithe. Tá nósanna imeachta agus sásraí den sórt sin ábhartha go háirithe i gcás ina ndearnadh inneachar nach mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne é a bhaint nó a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí nó d’eagraíocht a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí.
|
|
(22)
|
Chun cruinneas agus iontaofacht a áirithiú a mhéid is féidir, ba cheart, leis an teicneolaíocht a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir leis an úrscothacht sa tionscadal, líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) a theorannú a mhéid is féidir agus ba cheart, i gcás inar gá, aon earráid den sórt sin a d’fhéadfadh a bheith ann mar sin féin a cheartú gan mhoill.
|
|
(23)
|
Maidir leis na sonraí inneachair agus na sonraí tráchta a phróiseáiltear agus na sonraí pearsanta a ghintear agus na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo á ndéanamh, agus an tréimhse ar lena linn a stóráiltear na sonraí ina dhiaidh sin i gcás mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta a shainaithint, ba cheart iad a bheith fós teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh. Ba cheart aon sonraí a scriosadh láithreach agus go do-athraithe a luaithe nach mbeidh fíorghá leo a thuilleadh ar mhaithe le ceann de na críocha a shonraítear sa Rialachán seo, lena n-áirítear i gcás nach sainaithnítear aon mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta ar braitheadh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta. Níor cheart gur dhochar an méid sin don fhéidearthacht sonraí inneachair agus sonraí tráchta ábhartha a stóráil i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE. Ní dhéanann an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm aon oibleagáide dlíthiúla faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta maidir le sonraí a chaomhnú a bhfuil feidhm aici maidir le soláthraithe.
|
|
(24)
|
Ní chuireann an Rialachán seo cosc ar sholáthraí a thuairiscigh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne d’údaráis forfheidhmithe dlí iarraidh ar na húdaráis sin a admháil go bhfuarthas an tuairisc.
|
|
(25)
|
Chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i leith na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun an mhaolaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart do sholáthraithe, faoi 6 mhí ó dháta a theacht i bhfeidhm, agus faoin 31 Eanáir gach bliain ina dhiaidh sin, tuarascálacha a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil maoirseachta arna ainmniú de bhun Rialachán (AE) 2016/679 (‘údarás maoirseachta’) agus faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart a chumhdach le tuarascálacha den sórt sin an phróiseáil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear cineál agus líon na sonraí a phróiseáiltear, na forais shonracha ar a mbeifear ag brath chun sonraí pearsanta a phróiseáil de bhun Rialachán (AE) 2016/679, na forais ar a mbeifear ag brath i gcomhair aon aistriú sonraí pearsanta lasmuigh den Aontas de bhun Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, i gcás inarb infheidhme, líon na gcásanna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh, agus idirdhealú á dhéanamh idir ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne agus sirtheoireacht leanaí, líon na gcásanna inar thaisc úsáideoir gearán leis an sásra sásaimh inmheánaigh nó inar lorg sé nó sí leigheas breithiúnach agus toradh gearán agus imeachtaí breithiúnacha den sórt sin, líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) na dteicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear, na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus an ráta earráide a bhaintear amach leo, an beartas coinneála agus na coimircí cosanta sonraí a chuirtear i bhfeidhm de bhun Rialachán (AE) 2016/679, agus ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí ar roinneadh sonraí leo de bhun an Rialacháin seo.
|
|
(26)
|
Is gá tuairisciú don Choimisiún ó na Ballstáit agus ó sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir araon a áirithiú. Tá sé tábhachtach a chur i bhfáth freisin gur cheart don Choimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo go tráthúil.
|
|
(27)
|
Chun tuairisciú ó sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a éascú, go háirithe chun a áirithiú go bhfuil a dtuarascálacha meaisín-inléite agus so-inrochtana, ba cheart formáid choiteann tuairiscithe a bhunú le haghaidh na dtuarascálacha sin.
|
|
(28)
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 3(1), pointe (g)(vii), den Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).
|
|
(29)
|
Chun tacú leis na húdaráis mhaoirseachta na cúraimí atá orthu a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún a iarraidh ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte a eisiúint maidir le comhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679 ag an bpróiseáil a thagann faoi raon feidhme an mhaolaithe a leagtar síos sa Rialachán seo. Nuair a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta measúnú i dtaobh an i gcomhréir leis an úrscothacht sa tionscal teicneolaíocht seanbhunaithe nó teicneolaíocht nua atá le húsáid, i dtaobh an í an teicneolaíocht is lú í lena gcuirtear isteach ar an bpríobháideachas agus i dtaobh an oibríonn sí ar bhunús dlí leordhóthanach faoi Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart do na treoirlínte sin cabhrú, go háirithe, leis na húdaráis maoirseachta sin comhairle a chur ar fáil faoi chuimsiú an nós imeachta réamhchomhairliúcháin a leagtar amach sa Rialachán sin.
|
|
(30)
|
Leis an Rialachán seo, cuirtear srian leis an gceart go ndéanfar rúndacht na cumarsáide a chosaint agus maolaítear ar an gcinneadh a glacadh faoi Threoir (AE) 2018/1972 seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chur faoi réir na rialacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis na seirbhísí cumarsáide leictreonaí eile uile i dtaca leis an bpríobháideachas chun críche mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar na seirbhísí sin agus í a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint de na seirbhísí sin, agus chun na críche sin amháin.
|
|
(31)
|
Maidir le gach gníomhaíocht eile a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/58/CE, ba cheart soláthraithe a bheith faoi réir na n-oibleagáidí sonracha a leagtar amach sa Treoir sin agus, dá bhrí sin, faoi réir chumhachtaí faireacháin agus imscrúdaitheacha na n-údarás inniúil arna n-ainmniú de bhun na Treorach sin.
|
|
(32)
|
Is uirlis thábhachtach é criptiú ó cheann go ceann chun slándáil agus rúndacht chumarsáid na n-úsáideoirí a ráthú, lena n-áirítear cumarsáid leanaí. D’fhéadfadh tríú páirtithe mailíseacha mí-úsáid a bhaint as aon lagú ar chriptiú. Níor cheart, dá bhrí sin, aon ní sa Rialachán seo a léiriú mar ní lena gcuirtear toirmeasc nó lena ndéantar lagú ar chriptiú ó cheann go ceann.
|
|
(33)
|
Is ceart bunúsach a ráthaítear faoi Airteagal 7 den Chairt é an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, lena n-áirítear rúndacht na cumarsáide. Dá bhrí sin, is réamhriachtanas é freisin chun go mbeidh cumarsáid shlán idir íospartaigh mí-úsáide gnéasaí leanaí agus duine fásta iontaofa nó eagraíochtaí atá gníomhach sa chomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí, agus don chumarsáid idir íospartaigh agus a ndlíodóirí.
|
|
(34)
|
Níor cheart gur dhochar an Rialachán seo do na rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil faoin dlí náisiúnta, amhail rialacha maidir le cumarsáid ghairmiúil a chosaint, idir dochtúirí agus a n-othair, idir iriseoirí agus a bhfoinsí, nó idir dlíodóirí agus a gcliaint, go háirithe ós rud é go bhfuil rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint ríthábhachtach chun feidhmiú éifeachtach chearta na cosanta a áirithiú mar chuid bhunriachtanach den cheart chun triail chóir a fháil. Ina theannta sin, níor cheart gur dhochar an Rialachán seo do rialacha náisiúnta maidir le cláir d’údaráis phoiblí nó eagraíochtaí a thairgeann comhairleoireacht do dhaoine aonair atá i gcruachás.
|
|
(35)
|
Ba cheart do sholáthraithe ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí a ndéanann siad mí-úsáid ghnéasach leanaí fhéideartha ar líne a thuairisciú dóibh faoin Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún. Cé gurb iad na soláthraithe, ag gníomhú mar rialaitheoirí, agus iadsan amháin, atá freagrach as measúnú a dhéanamh i dtaobh cén tríú páirtí ar féidir leo sonraí pearsanta a roinnt leis faoi Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart don Choimisiún trédhearcacht a áirithiú maidir le cásanna féideartha de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a aistriú trí liosta de na heagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí a chuirtear in iúl dó a phoibliú ar a shuíomh gréasáin. Ba cheart an liosta poiblí sin a bheith inrochtana go héasca. Ba cheart do na soláthraithe a bheith in ann an liosta sin a úsáid freisin chun eagraíochtaí ábhartha a shainaithint sa chomhrac domhanda in aghaidh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne. Níor cheart gur dhochar an liosta sin d’oibleagáidí na soláthraithe atá ag gníomhú mar rialaitheoirí faoi Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear maidir lena n-oibleagáid aon aistriú sonraí pearsanta lasmuigh den Aontas a dhéanamh de bhun Chaibidil V de, agus lena n-oibleagáid na hoibleagáidí uile a chomhlíonadh, de bhun Chaibidil IV de.
|
|
(36)
|
An staidreamh atá le soláthar ag na Ballstáit faoin Rialachán seo, is táscaire tábhachtach é chun meastóireacht a dhéanamh ar bheartais, lena n-áirítear bearta reachtacha. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go n-aithneofaí an tionchar a bhíonn ag íospairt thánaisteach atá ina dlúthchuid de chomhroinnt íomhánna agus físeán d’íospartaigh mí-úsáide gnéasaí leanaí a d’fhéadfadh a bheith á scaipeadh ar feadh na mblianta agus nach léirítear go hiomlán i staidreamh den sórt sin.
|
|
(37)
|
I gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe an ceanglas go n-áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais atá de dhíth orthu chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha den sórt sin ag na húdaráis mhaoirseachta chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach faoin Rialachán seo.
|
|
(38)
|
I gcás ina ndearna soláthraí measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus ina ndeachaigh sé i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta maidir le teicneolaíocht i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar an soláthraí sin faoin Rialachán seo measúnú tionchair breise ar chosaint sonraí nó comhairliúchán breise a dhéanamh ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl ag na húdaráis mhaoirseachta nach mbeadh ardriosca do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí leis an teicneolaíocht sin nó go mbeadh bearta déanta ag an rialaitheoir chun riosca den sórt sin a mhaolú.
|
|
(39)
|
Ba cheart é a bheith de cheart ag úsáideoirí leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcás inar sáraíodh a gcearta mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile chun na críche mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir agus í a thuairisciú agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint de na seirbhísí sin, mar shampla i gcás inar tuairiscíodh inneachar nó céannacht úsáideora d’eagraíocht a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí nó d’údaráis forfheidhmithe dlí nó i gcás inar baineadh inneachar úsáideora nó ina ndearnadh cuntas úsáideora a bhlocáil nó inar cuireadh seirbhís a thairgtear d’úsáideoir ar fionraí.
|
|
(40)
|
I gcomhréir le Treoir 2002/58/CE agus le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, ba cheart próiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile a bheith teoranta do na catagóirí de shonraí inneachair agus sonraí tráchta gaolmhara, a mhéid is fíorghá chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach.
|
|
(41)
|
Leis an maolú dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, ba cheart na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus Airteagal 6(1) de Threoir 2002/58/CE a chuimsiú, atá infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus neamhphearsanta araon a phróiseáiltear i gcomhthéacs seirbhís cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir a sholáthar.
|
|
(42)
|
Is é cuspóir an Rialacháin seo maolú sealadach a chruthú ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE gan ilroinnt sa mhargadh inmheánach a chruthú. Ina theannta sin, ní dócha go bhféadfadh na Ballstáit uile bearta reachtacha náisiúnta a ghlacadh in am. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Leis an Rialachán seo, tugtar isteach maolú atá sealadach agus a bhfuil teorainn dhocht aige ar infheidhmeacht Airteagal 5(1) agus Airteagal 6(1) de Threoir 2002/58/CE, mar aon le sraith coimircí chun a áirithiú nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a leagtar síos a ghnóthú.
|
|
(43)
|
I bhfianaise gur gá deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú go tráthúil, agus Rialacháin (AE) 2021/1232 ag dul in éag, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir.
|
|
(44)
|
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus thug sé a thuairim uaidh an 16 Feabhra 2026,
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. BYRNE
|
|
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
|
|
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
|
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
|
Airteagal 3 Raon feidhme an mhaolaithe
|
|
|
Airteagal 4 Treoirlínte ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí
|
Airteagal 4
Treoirlínte ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí
Faoin 1 Meán Fómhair 2026, agus de bhun Airteagal 70 de Rialachán (AE) 2016/679, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíontar Rialachán (AE) 2016/679 leis an bpróiseáil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, i gcás na dteicneolaíochtaí atá ann cheana agus na dteicneolaíochtaí nua arna n-úsáid chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a)(i), den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 5 Leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha
|
Airteagal 5
Leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha
I gcomhréir le hAirteagal 79 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 15(2) de Threoir 2002/58/CE, beidh sé de cheart ag úsáideoirí leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcás ina measann siad gur sáraíodh a gcearta mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile chun na gcríoch a leagtar amach Airteagal 3(1), pointe (a)(i), den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 6 Údaráis mhaoirseachta
|
Airteagal 6
Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta arna n-ainmniú de bhun Chaibidil VI, Roinn 1, de Rialachán (AE) 2016/679 faireachán ar an bpróiseáil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir lena n-inniúlachtaí agus lena gcumhachtaí faoin gCaibidil sin.
|
|
Airteagal 7 Liosta poiblí d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí
|
|
|
Airteagal 8 Staidreamh
|
|
|
Airteagal 9 Tuarascáil cur chun feidhme
|
|
|
Airteagal 10 Nós imeachta coiste
|
|
|
Airteagal 11 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
|
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige go dtí an 3 Aibreán 2028.
(1)
IO C, C/2026/2546, 22.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2546/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2026 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 2 Iúil 2026 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachais a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).
(4) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(5) Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Chreat-Treoir) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/21/oj).
(6) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/1972/oj).
(7) Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/93/oj).
(8) Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (IO L 274, 30.7.2021, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1232/oj).
(9) Rialachán (AE) 2024/1307 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1232 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (IO L, 2024/1307, 14.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1307/oj).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|