+TREOIR (AE) 2019/1024 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (athmhúnlú)
---+Preamble: 1
---+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
------+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
---------+Airteagal 1 1
---------+Airteagal 1 2
---------+Airteagal 1 3
---------+Airteagal 1 4
---------+Airteagal 1 5
---------+Airteagal 1 6
---------+Airteagal 1 7
------+Airteagal 2 Sainmhínithe
---------+Airteagal 2 (1)
---------+Airteagal 2 (2)
---------+Airteagal 2 (3)
---------+Airteagal 2 (4)
---------+Airteagal 2 (5)
---------+Airteagal 2 (6)
---------+Airteagal 2 (7)
---------+Airteagal 2 (8)
---------+Airteagal 2 (9)
---------+Airteagal 2 (10)
---------+Airteagal 2 (11)
---------+Airteagal 2 (12)
---------+Airteagal 2 (13)
---------+Airteagal 2 (14)
---------+Airteagal 2 (15)
---------+Airteagal 2 (16)
---------+Airteagal 2 (17)
------+Airteagal 3 Prionsabal ginearálta
---------+Airteagal 3 1
---------+Airteagal 3 2
---+CAIBIDIL II IARRATAÍ AR ATHÚSÁID
------+Airteagal 4 Próiseáil a dhéanamh ar iarrataí ar athúsáid
---------+Airteagal 4 1
---------+Airteagal 4 2
---------+Airteagal 4 3
---------+Airteagal 4 4
---------+Airteagal 4 5
---------+Airteagal 4 6
---+CAIBIDIL III COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hATHÚSÁID
------+Airteagal 5 Na formáidí a mbeidh fáil orthu
---------+Airteagal 5 1
---------+Airteagal 5 2
---------+Airteagal 5 3
---------+Airteagal 5 4
---------+Airteagal 5 5
---------+Airteagal 5 6
---------+Airteagal 5 7
---------+Airteagal 5 8
------+Airteagal 6 Na prionsabail lena rialaítear an muirearú
---------+Airteagal 6 1
---------+Airteagal 6 2
---------+Airteagal 6 3
---------+Airteagal 6 4
---------+Airteagal 6 5
---------+Airteagal 6 6
------+Airteagal 7 Trédhearcacht
---------+Airteagal 7 1
---------+Airteagal 7 2
---------+Airteagal 7 3
------+Airteagal 8 Ceadúnais chaighdeánacha
---------+Airteagal 8 1
---------+Airteagal 8 2
------+Airteagal 9 Socruithe praiticiúla
---------+Airteagal 9 1
---------+Airteagal 9 2
------+Airteagal 10 Sonraí taighde
---------+Airteagal 10 1
---------+Airteagal 10 2
---+CAIBIDIL IV NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS CÓIRTHRÁDÁIL
------+Airteagal 11 Neamh-idirdhealú
---------+Airteagal 11 1
---------+Airteagal 11 2
------+Airteagal 12 Socruithe eisiacha
---------+Airteagal 12 1
---------+Airteagal 12 2
---------+Airteagal 12 3
---------+Airteagal 12 4
---------+Airteagal 12 5
---+CAIBIDIL V TACAIR ARDLUACHA SONRAÍ
------+Airteagal 13 Catagóirí téamacha de thacair ardluacha sonraí
---------+Airteagal 13 1
---------+Airteagal 13 2
------+Airteagal 14 Tacair ardluacha sonraí sonracha agus socruithe maidir le foilsiú agus athúsáid
---------+Airteagal 14 1
---------+Airteagal 14 2
---------+Airteagal 14 3
---------+Airteagal 14 4
---------+Airteagal 14 5
---+CAIBIDIL VI FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 15 An tarmligean a fheidhmiú
---------+Airteagal 15 1
---------+Airteagal 15 2
---------+Airteagal 15 3
---------+Airteagal 15 4
---------+Airteagal 15 5
---------+Airteagal 15 6
------+Airteagal 16 Nós imeachta coiste
---------+Airteagal 16 1
---------+Airteagal 16 2
------+Airteagal 17 Trasuí
---------+Airteagal 17 1
---------+Airteagal 17 2
------+Airteagal 18 Meastóireacht ón gCoimisiún
---------+Airteagal 18 1
---------+Airteagal 18 2
------+Airteagal 19 Aisghairm
------+Airteagal 20 Teacht i bhfeidhm
------+Airteagal 21 Seolaithe
---+IARSCRÍBHINN I
------+1. Geospásúil
------+2. Faire na cruinne agus an comhshaol
------+3. Meitéareolaíoch
------+4. Staidreamh
------+5. Cuideachtaí agus úinéireacht cuideachtaí
------+6. Soghluaisteacht
---+IARSCRÍBHINN II
---+IARSCRÍBHINN III
|
English -
European Union -
ICT -
TREOIR (AE) 2019/1024 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (athmhúnlú)
TREOIR (AE) 2019/1024 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Meitheamh 2019
maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid
(athmhúnlú)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Rinneadh Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a leasú go suntasach. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart í a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.
|
|
(2)
|
De bhun Airteagal 13 de Threoir 2003/98/CE agus 5 bliana tar éis ghlacadh Threoir 2013/37/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lenar leasaíodh Treoir 2003/98/CE, tá meastóireacht agus athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, ar fheidhmiú Threoir 2003/98/CE faoi chuimsiú an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála.
|
|
(3)
|
I ndiaidh an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí agus i bhfianaise thorthaí an mheasúnaithe tionchair, ba é mheas an Choimisiúin gur ghá beart ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá fós ann agus ar na bacainní atá ag teacht chun cinn maidir le hathúsáid fhairsing a bhaint ar fud an Aontais as faisnéis ón earnáil phoiblí agus as faisnéis arb é an ciste poiblí a d'íoc aisti, chun an creat reachtach a thabhairt bord ar bhord leis an dul chun cinn atá déanta sna teicneolaíochtaí digiteacha, agus tuilleadh den nuálaíocht dhigiteach a spreagadh, go mór mór maidir leis an Intleacht Shaorga.
|
|
(4)
|
Ba cheart gur ar na réimsí seo a leanas a dhíreofaí na hathruithe substainteacha a dhéantar ar an téacs dlí chun leas iomlán a bhaint as an bpoitéinseal atá i bhfaisnéis ón earnáil phoiblí do gheilleagar agus do shochaí na hEorpa: rochtain fíor-ama ar shonraí dinimiciúla trí mhodhanna teicniúla iomchuí, méadú ar sholáthar sonraí poiblí luachmhara lena n-athúsáid, lena n-áirítear sonraí ó ghnóthais phoiblí, ó eagraíochtaí déanta taighde agus ó eagraíochtaí maoinithe taighde, dul i ngleic leis na cineálacha nua socruithe eisiacha atá ag teacht chun cinn, dul i ngleic le húsáid eisceachtaí ar an bprionsabal an costas imeallach a ghearradh agus an gaol idir an Treoir seo agus ionstraimí dlí gaolmhara áirithe, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2016/679 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 96/9/CE (6), 2003/4/CE (7) agus 2007/2/CE (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
|
|
(5)
|
Ceart bunúsach is ea an rochtain ar fhaisnéis. Foráiltear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) go bhfuil ag cách an ceart chun tuairimí a nochtadh lena n-áirítear an tsaoirse tuairimí a bheith ag an duine agus eolas agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údaráis phoiblí agus beag beann ar theorainneacha.
|
|
(6)
|
Le hAirteagal 8 den Chairt, ráthaítear an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta agus foráiltear gur gá na sonraí sin a phróiseáil go cothrom chun críocha sonracha, ar bhonn thoiliú an duine lena mbaineann nó ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos sa dlí agus faoi réir rialaithe ag údarás neamhspleách.
|
|
(7)
|
Foráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do bhunú margaidh inmheánaigh agus córais a áiritheoidh nach ndéanfar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Le comhchuibhiú na rialacha agus na gcleachtas atá ar fáil sna Ballstáit i ndáil le leas a bhaint as faisnéis ón earnáil phoiblí, cuirtear le gnóthú na gcuspóirí sin.
|
|
(8)
|
Sna Ballstáit, déanann an earnáil phoiblí raon leathan faisnéise ina lán réimsí gníomhaíochta a bhailiú, a tháirgeadh, a atáirgeadh agus a scaipeadh, amhail faisnéis i réimsí sóisialta, polaitiúla, eacnamaíocha, dhlíthiúla, geografacha, comhshaoil, meitéareolaíocha, seismeachta, turasóireachta, gnó, paitinne agus faisnéis a bhaineann leis sin, agus réimsí oideachasúla. Na doiciméid a tháirgeann comhlachtaí poiblí de chuid an fheidhmeannais, an reachtais nó na breithiúnachta, is stór luachmhar acmhainní iad atá ollmhór agus ilchineálach agus a rachadh chun tairbhe don tsochaí. Ach an fhaisnéis sin, lena n-áirítear sonraí dinimiciúla, a chur ar fáil i bhformáid leictreonach a úsáidtear go coitianta, tugtar deis do shaoránaigh agus d'eintitis dhlíthiúla teacht ar bhealaí nua chun iad a úsáid, agus chun táirgí agus seirbhísí nua agus nuálacha a chruthú. Tharlódh go bhféadfadh na Ballstáit agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí tacaíocht leordhóthanach airgeadais a fháil ó chistí agus ó chláir ábhartha de chuid an Aontais agus tairbhe a bhaint astu, rud a d'áiritheodh go mbainfí úsáid fhorleathan as na teicneolaíochtaí digiteacha nó go ndéanfaí claochlú digiteach ar na córais riaracháin phoiblí agus ar na seirbhísí poiblí, agus iad ag féachaint le sonraí a chur ar fáil gan stró chun a n-athúsáide.
|
|
(9)
|
Is iontach go deo an fhoinse sonraí í faisnéis ón earnáil phoiblí, sonraí a dtig leo a bheith ina gcuidiú chun an margadh inmheánach a fheabhsú agus feidhmchláir nua a cheapadh do thomhaltóirí agus d'eintitis dhlíthiúla. Ach úsáid chliste a bhaint as sonraí, lena n-áirítear iad a phróiseáil le feidhmchláir intleachta saorga, is féidir tionchar claochlaitheach a imirt ar gach cuid den gheilleagar.
|
|
(10)
|
Le Treoir 2003/98/CE bunaíodh sraith íosta rialacha lena rialaítear an athúsáid agus na socruithe praiticiúla le hathúsáid na ndoiciméad arb ann dóibh atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí na mBallstát a éascú, lena n-áirítear comhlachtaí feidhmeannacha, reachtacha agus breithiúnacha. Ón uair a glacadh an chéad sraith rialacha maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid, tá méadú as cuimse tagtha ar an méid sonraí ar domhan, lena n-áirítear sonraí poiblí, agus tá cineálacha nua sonraí á nginiúint agus á mbailiú. Lena ais sin, tá forbairt leanúnach ar siúl sna teicneolaíochtaí anailísithe, saothraithe, agus próiseála sonraí, amhail an mheaisínfhoghlaim, an intleacht shaorga, agus idirlíon na rudaí nithiúla. A bhuí leis an bhforbairt ghasta sin ar an teicneolaíocht is féidir seirbhísí agus feidhmeanna nua a chruthú bunaithe ar úsáid, comhbhailiú agus comhcheangal sonraí. Na rialacha a glacadh i dtosach in 2003, agus a leasaíodh in 2013, níl ag éirí leo a thuilleadh coinneáil bord ar bhord leis na hathruithe gasta sin agus dá thoradh sin d'fhéadfaí deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta a chuireann an athúsáid sonraí poiblí ar fáil a chailleadh.
|
|
(11)
|
Imríonn an t-ascnamh i dtreo sochaí shonraíbhunaithe, nuair a úsáidtear sonraí ó réimsí agus gníomhaíochtaí éagsúla, tionchar ar shaol gach saoránaigh san Aontas, inter alia toisc go gcuireann sé bealaí nua ar fáil dóibh le heolas a rochtain agus a shealbhú.
|
|
(12)
|
Tá ról tábhachtach ag an inneachar digiteach san ascnamh sin. A bhuí leis an táirgeadh inneachair cruthaíodh poist go gasta le blianta beaga anuas agus tá siad fós á gcruthú. Is i ngnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a chruthaítear formhór na bpost sin.
|
|
(13)
|
Ar na príomhaidhmeanna atá le bunú an mhargaidh inmheánaigh, tá dálaí a chruthú atá fabhrach d'fhorbairt seirbhísí agus táirgí ar fud an Aontais agus laistigh de na Ballstáit. I dtaca le faisnéis ón earnáil phoiblí nó faisnéis a bhailítear, a tháirgtear, a atáirgtear, agus a scaiptear agus cúram poiblí nó seirbhís phoiblí is suim le cách á chur i gcrích, is bunábhar tábhachtach an méid sin ag táirgí agus seirbhísí a úsáideann inneachar digiteach, agus is mó a bheidh a dtábhacht mar acmhainn don inneachar i ngeall ar an bhforbairt atáthar a dhéanamh ar na hardteicneolaíochtaí digiteacha, amhail an intleacht shaorga, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte, agus idirlíon na rudaí nithiúla. Is gá an clúdach geografach trasteorann a bheith fairsing chuige sin freisin. I ngeall ar an athúsáid mhéadaithe is féidir a bhaint as faisnéis den chineál sin, táthar ag súil, inter alia, go mbeadh deis ag gach gnólacht san Aontas, lena n-áirítear micreafhiontair agus FBManna, agus an tsochaí shibhialta, teacht i dtír ar phoitéinseal na faisnéise sin, agus cur leis an bhforbairt eacnamaíoch, agus le cruthú agus cosaint na fostaíochta ardchaighdeáin, agus sin a bheith go háirithe chun leas na gcomhphobal áitiúil, agus chun leas na spriocanna tábhachtacha sin de chuid na sochaí, mar atá an chuntasacht agus an trédhearcacht.
|
|
(14)
|
Nuair a cheadaítear doiciméid atá i seilbh comhlachta den earnáil phoiblí a athúsáid, cuirtear lena luach chun tairbhe an athúsáideora, an úsáideora deiridh agus an sochaí i gcoitinne agus, ina lán cásanna, chun tairbhe chomhlacht na hearnála poiblí féin, trí thrédhearcacht agus cuntasacht a chur chun cinn agus trí aiseolas ó athúsáideoirí agus ó úsáideoirí deiridh a chur ar fáil a ligean don chomhlacht poiblí i gceist feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise a bhailíonn sé mar aon le feabhas a chur ar fheidhmiú a chuid cúraimí.
|
|
(15)
|
Tá difríochtaí nach beag idir na rialacha agus na cleachtais sna Ballstáit maidir le leas a bhaint as acmhainní faisnéise ón earnáil phoiblí, agus is bacainní iad na difríochtaí sin ar ghnóthú lánphoitéinseal eacnamaíoch na hacmhainne doiciméadachta sin atá fíorthábhachtach. Ba cheart a chur san áireamh go mbíonn éagsúlacht ann i gcónaí ó Bhallstát go Ballstát maidir le cleachtas chomhlachtaí na hearnála poiblí agus leas á bhaint acu as faisnéis ón earnáil phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart comhchuibhiú íosta a shaothrú maidir leis na rialacha agus na cleachtais náisiúnta maidir le doiciméad ón earnáil phoiblí a athúsáid, i gcásanna ina bhfuil na difríochtaí idir na rialacháin agus na cleachtais náisiúnta nó an easpa soiléireachta ina mbac ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ar dhea-fhorbairt na sochaí faisnéise san Aontas.
|
|
(16)
|
Is é ciall ghinearálta atá le coincheap na sonraí oscailte sonraí a bhíonn i bhformáid oscailte ar féidir le haon duine iad a úsáid, a athúsáid, agus a roinnt chun gach críche. Beartais sonraí oscailte lena gcothaítear infhaighteacht fhairsing agus athúsáid fhairsing faisnéise ón earnáil phoiblí chun críocha príobháideacha agus tráchtála, faoi íosmhéid srianta dlíthiúla, teicniúla nó airgeadais, nó saor ó shrianta den sórt sin, agus lena gcuirtear cúrsaíocht na faisnéise chun cinn ní hamháin d'oibreoirí eacnamaíocha ach go príomha don phobal freisin, is féidir le beartais den sórt sin a bheith tábhachtach i ndáil le spreagadh na rannpháirtíochta sóisialta, agus spreagadh a chur i bhforbairt agus i gcur chun cinn seirbhísí nua atá bunaithe ar bhealaí nua leis an bhfaisnéis sin a chomhcheangal agus a úsáid. Moltar do na Ballstáit, dá bhrí sin, cruthú sonraí a chur chun cinn de réir an phrionsabail “oscailte d'aon ghnó agus mar réamhshocrú”, i gcás gach doiciméad a chumhdaítear faoi raon na Treorach seo. Le linn dóibh déanamh amhlaidh, ba cheart dóibh a áirithiú go dtugtar leibhéal comhsheasmhach cosanta do chuspóirí ar mhaithe le leasa an phobail, amhail an tslándáil phoiblí, lena n-áirítear faisnéis íogair a bhaineann le bonneagar criticiúil. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go gcosnófar sonraí pearsanta, lena n-áirítear cás den chineál seo: nuair nár ghá gur bhaol do thacar sonraí ar leith duine nádúrtha a shainaithint nó a roghnú as measc cáich, ach go bhféadfadh riosca a bheith i gceist a luaithe a chuirfí an fhaisnéis sin le faisnéis éigin eile a bheadh ar fáil.
|
|
(17)
|
Thairis sin, gan comhchuibhiú íosta ar leibhéal an Aontais, d'fhéadfadh go dtiocfadh méadú ar na héagsúlachtaí de dheasca gníomhaíocht reachtach ar an leibhéal náisiúnta, gníomhaíocht a bhfuil tús curtha leis cheana i roinnt Ballstát chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin theicneolaíocha. Tiocfaidh méadú ar thábhacht an tionchair atá ag na héagsúlachtaí reachtacha agus ag na héiginnteachtaí sin, de réir mar a thiocfaidh tuilleadh forbartha ar an tsochaí faisnéise, rud a mhéadaigh go mór cheana féin úsáid trasteorann faisnéise.
|
|
(18)
|
Tá beartais athúsáide bunaithe ag na Ballstáit faoi Threoir 2003/98/CE agus tá cur chuige uaillmhianach glactha ag roinnt acu maidir le sonraí oscailte chun athúsáid na sonraí poiblí inrochtana a dhéanamh níos fusa do shaoránaigh agus d'eintitis dhlíthiúla de bhreis ar an íosleibhéal a leagtar síos sa Treoir sin. Tá baol ann go bhféadfadh éagsúlacht na rialacha ó Bhallstát go chéile a bheith ina bac ar tháirgí agus seirbhísí a thairiscint thar teorainneacha agus cosc a chur le tacair sonraí poiblí inchomparáide a athúsáid i gcomhair feidhmeanna uile-Aontais a bhunófaí orthu. Dá bhrí sin, is gá comhchuibhiú íosta chun a chinneadh cé na sonraí poiblí a bheidh le fáil lena n-athúsáid i margadh inmheánach na faisnéise, i gcomhréir leis na córais rochtana ábhartha agus gan difear a dhéanamh dóibh, idir chórais ghinearálta agus chórais earnálacha, amhail an córas a shainmhínítear i dTreoir 2003/4/CE. Ba cheart na forálacha de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta a théann níos faide ná na híoscheanglais sin, go háirithe i gcásanna dlí earnála leanúint d'fheidhm a bheith acu. Mar shamplaí d'fhorálacha a théann níos faide ná an t-íosleibhéal comhchuibhithe a leagtar amach sa Treoir seo áirítear tairseacha do na muirir is ceadmhach a ghearradh as an athúsáid is ísle ná na tairseacha dá bhforáiltear sa Treoir seo nó téarmaí ceadúnaithe is scaoilte ná na téarmaí ceadúnaithe dá dtagraítear sa Treoir seo. Go háirithe, ní dochar an Treoir seo a bheith gan dochar d'fhorálacha a théann níos faide ná an t-íosleibhéal comhchuibhithe a leagtar amach sa Treoir seo mar a leagtar síos sna rialacháin tarmligthe ón gCoimisiún a glacadh faoi Threoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).
|
|
(19)
|
Ina theannta sin, spreagtar na Ballstáit dul níos faide ná na híoscheanglais a leagtar amach sa Treoir seo a shásamh trí na ceanglais sin a chur i bhfeidhm ar dhoiciméid atá i seilbh gnóthais phoiblí, ar doiciméid iad a bhaineann le gníomhaíochtaí ar suíodh ina leith, de bhun Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), go nochtar iad go díreach leis an iomaíocht. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ceanglais na Treorach seo a chur i bhfeidhm ar ghnóthais phríobháideacha freisin, go háirithe orthu siúd a chuireann ar fáil seirbhísí is suim le cách.
|
|
(20)
|
Is gá creat ginearálta do na coinníollacha lena rialaítear athúsáid doiciméad ón earnáil phoiblí chun a áirithiú gurb ann do choinníollacha cothroma comhréireacha neamh-idirdhealaitheacha maidir le hathúsáid faisnéise den sórt sin. Déanann comhlachtaí na hearnála poiblí doiciméid a bhailiú, a tháirgeadh, a atáirgeadh agus a scaipeadh chun a gcúraimí poiblí a chomhlíonadh. Déanann gnóthais phoiblí doiciméid a bhailiú, a tháirgeadh, a atáirgeadh agus a scaipeadh chun seirbhísí leasa ghinearálta a chur ar fail. Athúsáid atá ann nuair a úsáidtear na doiciméid sin chun críocha eile. Is féidir le beartais na mBallstát dul níos faide ná na caighdeáin íosta a leagtar síos sa Treoir seo, sa dóigh go gceadófar athúsáid níos fairsinge. Agus an Treoir seo á trasuí, féadfaidh na Ballstáit téarmaí eile seachas “doiciméid” a úsáid, a fhad agus a choinnítear raon feidhme iomlán an tsainmhínithe ar an téarma “doiciméad” a leagtar amach sa Treoir seo.
|
|
(21)
|
Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le doiciméid a bhfuil a soláthar mar chuid de na cúraimí poiblí atá ar na comhaltaí earnála poiblí lena mbaineann, mar a shainítear sin de réir dlí nó de réir rialacha ceangailteacha eile de chuid na mBallstát. Murab ann do rialacha den sórt sin, ba cheart na cúraimí poiblí a shainiú i gcomhréir leis an gcleachtas riaracháin coiteann sna Ballstáit, ar choinníoll go bhfuil raon feidhme na gcúraimí poiblí trédhearcach agus faoi réir a athbhreithnithe. D'fhéadfaí na cúraimí poiblí a shainiú i gcoitinne nó de réir an cháis le haghaidh comhlachtaí aonair den earnáil phoiblí.
|
|
(22)
|
Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le doiciméid a chuirtear ar fáil lena n-athúsáid nuair a dhéanann comhlachtaí den earnáil phoiblí faisnéis a cheadúnú, a dhíol, a scaipeadh, a mhalartú nó a sholáthar. Chun tras-fhóirdheontais a sheachaint, nuair a bhaintear tuilleadh úsáid as doiciméid laistigh den eagraíocht féin le haghaidh gníomhaíochtaí atá lasmuigh de scóip a cúraimí poiblí, ba cheart é sin a áireamh mar athúsáid. Is iondúil go gcuimsíonn gníomhaíochtaí atá lasmuigh dá cúraimí poiblí soláthar doiciméad a tháirgtear agus a mhuirearaítear ar bhonn iomlán tráchtála agus in iomaíocht le gníomhaithe eile sa mhargadh.
|
|
(23)
|
Ní teorainn ná srian í an Treoir seo ar fheidhmiú a gcuid cúraimí reachtacha ag na húdaráis phoiblí ná ag aon chomhlachtaí earnála poiblí eile. Leagtar síos sa Treoir seo go bhfuil sé d'oibleagáid ar na Ballstáit gach doiciméad arb ann dó a dhéanamh in-athúsáidte ach amháin má tá rochtain orthu srianta nó coiscthe faoi na rialacha náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid nó faoi réir na n-eisceachtaí eile a leagtar síos sa Treoir seo. Is forbairt í an Treoir seo ar na córais rochtana arb ann dóibh sna Ballstáit agus ní athróidh sí na rialacha náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid. Níl feidhm aici sna cásanna nach féidir le saoránaigh nó le heintitis dhlíthiúla, faoin gcóras rochtana ábhartha, doiciméad a fháil mura bhfuil siad in ann a léiriú go bhfuil leas ar leith acu ann. Ar leibhéal an Aontais, aithnítear in Airteagal 41 (an ceart chun dea-riaracháin) agus in Airteagal 42 (an ceart rochtana ar dhoiciméid) de Chairt go bhfuil sé de cheart ag aon saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air i mBallstát nó a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát rochtain a fháil ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Ba cheart comhlachtaí na hearnála poiblí a spreagadh le haon doiciméad atá ina seilbh a chur ar fáil lena athúsáid. Ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí athúsáid doiciméad a chothú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear téacsanna oifigiúla de chineál reachtach agus riaracháin sna cásanna sin ina bhfuil an t-údarás ag an gcomhlacht earnála poiblí athúsáid na ndoiciméad sin a údarú.
|
|
(24)
|
Is minic na Ballstáit soláthar seirbhísí leasa ghinearálta a chur de chúram ar eintitis lasmuigh den earnáil phoiblí, ach ardleibhéal rialaithe a choinneáil ar na heintitis sin ag an am céanna. Ag an am céanna, níl feidhm ag Treoir 2003/98/CE ach maidir le doiciméid atá i seilbh chomhlachtaí na hearnála poiblí, gan gnóthais phoiblí a chuimsiú ina raon feidhme. Infhaighteacht thearc ar dhoiciméid lena n-athúsáid is toradh air sin, i ndáil le doiciméid arna dtáirgeadh agus seirbhísí leasa ghinearálta á dtabhairt i roinnt réimsí, go háirithe in earnálacha na bhfóntas. Fágann sé freisin gur lú go mór an poitéinseal le haghaidh seirbhísí trasteorann a chruthú bunaithe ar dhoiciméid atá i seilbh gnóthas poiblí a sholáthraíonn seirbhísí leasa ghinearálta.
|
|
(25)
|
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2003/98/CE a leasú chun a áirithiú gur féidir í chur i bhfeidhm maidir le hathúsáid doiciméad arb ann dóibh a tháirgtear agus seirbhísí leasa ghinearálta á soláthar ag gnóthais phoiblí a dhéanann ceann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 go hAirteagal 14 de Threoir 2014/25/AE, agus ag gnóthais phoiblí atá ag gníomhú mar oibreoirí seirbhíse poiblí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ag gnóthais phoiblí atá ag gníomhú mar aeriompróirí ag comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus ag gnóthais phoiblí atá ag gníomhú mar longúinéirí Comhphobail ag comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle (13).
|
|
(26)
|
Níl oibleagáid ghinearálta sa Treoir seo maidir le hathúsáid doiciméad a tháirgeann gnóthais phoiblí. Is faoin ngnóthas poiblí lena mbaineann atá sé cinneadh a dhéanamh an athúsáid a údarú nó gan í a údarú, agus ba cheart dó sin fanacht amhlaidh, seachas i gcás ina gceanglaítear a mhalairt leis an Treoir seo, nó le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Is tar éis don ghnóthas poiblí doiciméad a chur ar fáil lena athúsáid, agus an tráth sin amháin, ba cheart dó na hoibleagáidí ábhartha a urramú a leagtar síos i gCaibidil III agus i gCaibidil IV den Treoir seo, go háirithe maidir le formáidí, muirearú, trédhearcacht, ceadúnais, neamh-idirdhealú agus toirmeasc ar shocruithe eisiacha. Ar an lámh eile, níor cheart é a bheith de cheangal ar ghnóthais phoiblí na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil II a chomhlíonadh, na rialacha is infheidhme maidir le hiarrataí a phróiseáil, mar shampla. Agus athúsáid doiciméad á ceadú, ní mór aird ar leith a thabhairt ar fhaisnéis íogair a bhaineann le bonneagar criticiúil a chosaint mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2008/114/CE ón gComhairle (14) agus ar na seirbhísí bunriachtanacha de réir bhrí Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).
|
|
(27)
|
Tá fás as cuimse ag teacht ar an méid sonraí taighde atá á nginiúint agus tá an poitéinseal ann iad a athúsáid lasmuigh den phobal eolaíochta. Chun a bheith in ann aghaidh a thabhairt go héifeachtúil agus ar bhealach iomlánaíoch ar dhúshláin shochaíocha mhéadaitheacha, tá sé ríthábhachtach agus práinneach anois a bheith in ann sonraí ó fhoinsí éagsúla, agus ó earnálacha agus disciplíní éagsúla, a rochtain, a chumasc agus a athúsáid. Cuimsíonn sonraí taighde staidreamh, torthaí turgnamh, miosúir, torthaí oibre allamuigh, torthaí suirbhéanna, taifid agallamh agus íomhánna. Ina theannta sin, cuimsíonn siad meiteashonraí, sonraíochtaí agus oibiachtaí digiteacha eile. Ní ionann sonraí taighde agus ailt eolaíocha ina ndéantar tuairisciú agus trácht ar na torthaí ar thaighde eolaíoch. Le blianta fada anuas, cuireadh tionscnaimh shonracha beartais ar bun i ndáil le hinfhaighteacht oscailte agus in-athúsáideacht oscailte sonraí taighde eolaíoch a rinneadh le maoiniú poiblí. Is é a thuigtear le rochtain oscailte rochtain ar líne ar aschuir taighde a chur ar fáil saor in aisce don úsáideoir deiridh agus gan srian maidir le húsáid agus athúsáid seachas go bhféadfaí a iarradh go ndéanfaí an t-údar a aithint. Go háirithe, is é is aidhm do bheartais rochtana oscailte rochtain a thabhairt do lucht taighde agus don phobal i gcoitinne ar shonraí taighde a luaithe is féidir i bpróiseas a scaipthe agus úsáid agus athúsáid na sonraí sin a éascú. De thoradh na rochtana rochtain oscailte, is féidir cur leis an gcáilíocht, laghdú a dhéanamh ar an ngá le dúbailt iomarcach ar thaighde, dlús a chur leis an dul chun cinn eolaíoch, cur i gcoinne na calaoise eolaíche, agus is féidir leis, ar an iomlán, bheith fabhrach don fhás eacnamaíoch agus don nuálaíocht. Le cois na rochtana oscailte, tá iarrachtaí fónta á ndéanamh lena áirithiú gur cleachtas eolaíoch caighdeánach a bheadh i bpleanáil bainistithe sonraí agus chun tacú le scaipeadh na sonraí taighde ar sonraí in-aimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte iad (an prionsabal FAIR).
|
|
(28)
|
Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, is iomchuí oibleagáid a chur ar na Ballstáit beartais rochtana oscailte a ghlacadh i ndáil le sonraí taighde a dhéantar le maoiniú poiblí agus a áirithiú go ndéanfaidh gach eagraíocht déanta taighde agus gach eagraíocht maoinithe taighde na beartais sin a chur chun feidhme. Is ceart na heagraíochtaí déanta taighde agus na heagraíochtaí maoinithe taighde a eagrú freisin mar chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó mar ghnóthais phoiblí. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo i leith eagraíochta hibrideacha den chineál sin ach ina gcáil mar eagraíochtaí déanta taighde agus i leith a gcuid sonraí taighde. Is iondúil go gceadaíonn beartais rochtana oscailte raon eisceachtaí ar thorthaí taighde eolaíoch a chur ar fáil go hoscailte. Déantar le Moladh ón gCoimisiúin an 25 Aibreán 2018 maidir le rochtain ar fhaisnéis eolaíoch agus caomhnú na faisnéise sin tuairisciú, maille le nithe eile, ar na heilimintí is ábhartha maidir le beartais rochtana oscailte. Ina theannta sin, ba cheart feabhas a chur ar na coinníollacha ar ar féidir sonraí taighde áirithe a athúsáid. Ar an ábhar sin, ba cheart oibleagáidí áirithe a eascraíonn ón Treoir seo a shíneadh chuig sonraí taighde ar toradh iad ar ghníomhaíochtaí taighde eolaíoch a fóirdheonaíodh le maoiniú poiblí nó a bhí cómhaoinithe ag eintitis phoiblí agus ag eintitis earnála príobháidí. De réir na mbeartas náisiúnta rochtana oscailte, is ceart é a bheith ina réamhshocrú gur oscailte a bheidh aon sonraí taighde a mhaoiníonn an pobal. I dtaca leis sin, áfach, ba cheart aird chuí a thabhairt ar imní faoi phríobháideacht, faoi chosaint sonraí pearsanta, rúndacht, an tslándáil náisiúnta, leasanna tráchtála dlisteanacha, amhail rúin trádála, agus faoi chearta maoine intleachtúla tríú páirtithe, i gcomhréir leis an bprionsabal “a oscailte is féidir, a iata is gá”. Thairis sin, níor cheart sonraí taighde a bhfuil cosc ar rochtain orthu ar bhonn na slándála náisiúnta, na cosanta nó na slándála poiblí a chumhdach sa Treoir seo. Chun aon ualach riaracháin a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin a eascraíonn as an Treoir seo ach maidir leis na sonraí taighde sin atá curtha ar fáil go poiblí cheana féin ag taighdeoirí, eagraíochtaí déanta taighde nó eagraíochtaí maoinithe taighde trí thaisclann institiúideach nó ábharbhunaithe agus níor cheart costais bhreise a fhorchur chun tacair sonraí a aisghabháil ná coimeádaíocht breise sonraí a cheangal. Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm na Treorach seo a shíneadh freisin ionas go gcuimseofar sonraí taighde a chuirtear ar fáil go poiblí trí infreastruchtúir eile sonraí nach taisclanna, trí fhoilseacháin rochtana oscailte, bídís i gcomhad atá i gceangal le halt, páipéar sonraí nó páipéar in irisleabhar sonraí. Ba cheart doiciméid seachas sonraí taighde leanúint de bheith díolmhaithe ó raon na Treorach seo.
|
|
(29)
|
Tá an sainmhíniú ar “comhlacht earnála poiblí” bunaithe ar an sainmhíniú i bpointe (1) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Ba cheart go mbeadh feidhm ag an sainmhiniú ar 'comhlacht a rialaítear leis an dlí poiblí' a leagtar amach sa Treoir sin agus ag an sainmhíniú ar “gnóthas poiblí” a leagtar amach i dTreoir 2014/25/AE maidir leis an Treoir seo.
|
|
(30)
|
Leis an Treoir seo, leagtar síos an sainmhíniú ar an téarma “doiciméad” agus cuímsítear faoin sainmhíniú sin aon chuid de dhoiciméad. Ba cheart go gcumhdódh an téarma “doiciméad” aon léiriú ar ghníomhartha, ar fhíricí nó ar fhaisnéis — agus aon tiomsú de na gníomhartha, na fíricí nó an fhaisnéis sin — gan beann ar an meán (ar pháipéar, i bhfoirm leictreonach nó mar thaifead fuaime, físe nó closamhairc). Níl an sainmhíniú ar “dhoiciméad” ceaptha ríomhchláir a chumhdach. Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm na Treorach seo a shíneadh le go gcuimseofaí ríomhchláir.
|
|
(31)
|
Tá comhlachtaí na hearnála poiblí ag éirí níos réamhghníomhaí i dtaobh a ndoiciméid a chur ar fáil lena n-athúsáid, trína áirithiú go bhfuil siad in-aimsithe ar líne agus go bhfuil doiciméad agus meiteashonraí gaolmhara ar fáil i ndáiríre i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín lena n-áirithítear an idir-inoibritheacht, an athúsáid agus an inrochtaineacht. Ina theannta sin, ba cheart doiciméid a chur ar fáil lena n-athúsáid nuair a chuireann athúsáideoir iarraidh isteach. Sna cásanna sin, ba cheart an teorainn ama leis an iarraidh a fhreagairt a bheith réasúnach agus i gcomhréir leis an am coibhéiseach atá ann maidir le hiarrataí ar rochtain ar an doiciméad faoi na córais rochtana ábhartha. Ba cheart gnóthais phoiblí, bunaíochtaí oideachais, eagraíochtaí déanta taighde agus eagraíochtaí maoinithe taighde a bheith díolmhaithe ón gceanglas sin, áfach. A bhuí le teorainneacha ama réasúnacha ar fud an Aontais, spreagfar cruthú táirgí agus seirbhísí nua faisnéise comhiomlánaithe ar an leibhéal uile-Aontais. Tá an méid sin an-tábhachtach i ndáil le sonraí dinimiciúla (lena n-áirítear sonraí comhshaoil, sonraí tráchta, sonraí satailíte, sonraí meitéareolaíocha agus sonraí braiteoirghinte), a mbraitheann a luach eacnamaíoch ar an bhfaisnéis a bheith ar fáil láithreach agus ar nuashonruithe rialta. Dá bhrí sin, ba cheart sonraí dinimiciúla a chur ar fáil láithreach tar éis a mbailithe, nó i gcás nuashonrú láimhe iad a chur ar fáil díreach tar éis an tacar sonraí a mhodhnú, trí chomhéadan feidhmchláir (API) chun éascaíocht a dhéanamh d'fhorbairt feidhmeanna idirlín, móibíleacha agus néil bunaithe ar na sonraí sin. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta de dheasca srianta teicniúla nó airgeadais, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí na doiciméid a chur ar fáil in achar ama a fhágfaidh gur féidir leas a bhaint as a bpoitéinseal eacnamaíoch ina iomláine. Ba cheart bearta sonracha a dhéanamh chun fáil réidh le srianta teicniúla agus airgeadais. I gcás ina bhfuil ceadúnas in úsáid, féadfaidh sé a bheith mar chuid de théarmaí an cheadúnais doiciméid a bheith ar fáil go prapúil. I gcás inar riachtanach fíorú sonraí ar mhaithe le leas an phobail a bhfuil údar maith leis, go háirithe maidir le sláinte agus sábháilteacht an phobail, ba cheart sonraí dinimiciúla a chur ar fáil láithreach tar éis fíorú a dhéanamh. Níor cheart go ndéanfadh fíorú riachtanach den sórt sin difear do mhinicíocht na nuashonruithe.
|
|
(32)
|
Chun rochtain a fháil ar na sonraí a chuirfear ar fáil lena n-athúsáid faoin Treoir seo, is mór an chabhair rochtain ar shonraí dinimiciúla a áirithiú trí APInna atá dea-cheaptha. Is éard is ciall le API tacar feidhmeanna, nósanna imeachta, sainmhínithe agus prótacail ó thaobh cumarsáid meaisín le meaisín agus malartú faisnéise gan uaim. Ba cheart doiciméadacht theicniúil shoiléir atá iomlán agus atá ar fáil ar líne a bheith ag teacht le APInna. I gcás inar féidir, ba cheart APInna oscailte a úsáid. Ba cheart prótacail chaighdeánacha a aithnítear ar an leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus úsáid a bhaint as caighdeáin idirnáisiúnta i gcomhair tacair sonraí i gcás inarb infheidhme. Féadfaidh leibhéil éagsúla castachta a bheith ag APInna agus is féidir nasc bunúsach chuig bunachar sonraí, comhéadan gréasáin nó córacha níos casta a bheith i gceist chun tacair áirithe sonraí a aisghabháil. Baineann luach ginearálta le hathúsáid agus le comhroinnt sonraí trí úsáid oiriúnach APInna mar cuideoidh sé le forbróirí agus le gnólachtaí nuathionscanta seirbhísí agus táirgí nua a chruthú. Bunriachtanas freisin é chun éiceachórais luachmhara a chruthú bunaithe ar acmhainní sonraí atá díomhaoin go minic. Ní mór roinnt prionsabal a leanúint agus APInna á gcur ar bun agus á n-úsáid: infhaighteacht, cobhsaíocht, cothabháil feadh an tsaolré, aonfhoirmeacht úsáide agus caighdeán, fusacht úsáide agus slándáil. Maidir le sonraí dinimiciúla, is é sin sonraí a nuashonraítear go minic, i bhfíor-am go minic, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí agus do ghnóthais phoiblí na sonraí sin a chur ar fáil lena n-athúsáid láithreach tar éis a mbailithe, trí APInna oiriúnacha agus, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil, ach amháin i gcásanna a mbainfeadh iarracht dhíréireach leis sin. Agus comhréireacht na hiarrachta á measúnú, ba cheart méid agus buiséad oibriúcháin an chomhlachta earnála poiblí nó an ghnóthais phoiblí atá i gceist a chur san áireamh.
|
|
(33)
|
Is féidir na deiseanna athúsáide a fheabhsú ach teorainn a chur leis an ngá doiciméid pháipéir a dhigitiú nó comhaid dhigiteacha a phróiseáil le go mbeidís comhoiriúnach dá chéile. Dá bhrí sin, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí doiciméid a chur ar fáil in aon fhormáid nó teanga ina bhfuil siad cheana féin, trí mhodhanna leictreonacha i gcás inar féidir agus inarb iomchuí. Ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí féachaint go fabhrach ar iarrataí ar shleachta as doiciméid arb ann dóibh, nuair nach mbeadh ach oibríocht shimplí de dhíth chun an iarraidh a cheadú. Níor cheart oibleagáid a bheith ar chomhlachtaí na hearnála poiblí, áfach, sliocht as doiciméad a sholáthar nó formáid na faisnéise atá á hiarraidh a mhodhnú i gcás ina mbeadh iarracht dhíréireach de dhíth chuige sin. Chun an athúsáid a éascú, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí a ndoiciméid féin a chur ar fáil i bhformáid nach mbraitheann, a mhéid is féidir agus is iomchuí, ar bhogearraí sonracha a úsáid. I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí aird a thabhairt ar dheiseanna do dhaoine faoi mhíchumas doiciméid a athúsáid, agus ar dheiseanna doiciméid a athúsáid ar mhaithe le daoine faoi mhíchumas, tríd an bhfaisnéis a sholáthar i bhformáid inrochtana i gcomhréir le ceanglais Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).
|
|
(34)
|
Chun an athúsáid a éascú, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, doiciméid, lena n-áirítear na doiciméid a fhoilsítear ar shuíomhanna gréasáin, a chur ar fáil i bhformáid oscailte agus meaisín-inléite agus in éineacht leis na meiteashonraí a bhaineann leo, ar an leibhéal beachtais agus gráinneachta is fearr, i bhformáid a áiritheoidh an idir-inoibritheacht, mar shampla. trína bpróiseáil ar bhealach atá ag teacht leis na prionsabail lena rialaítear na ceanglais chomhoiriúnachta agus in-úsáideachta a bhaineann le faisnéis spásúil faoi Threoir 2007/2/CE.
|
|
(35)
|
Ba cheart a mheas go bhfuil doiciméad i bhformáid mheaisín-inléite má tá sé i bhformáid chomhaid atá struchtúrtha sa dóigh gur féidir le feidhmeanna bogearraí sonraí ar leith a shainaithint, a aithint agus a bhaint as gan dua. Ba cheart a mheas gur sonraí meaisín-inléite iad na sonraí atá códaithe i gcomhaid atá struchtúrtha i bhformáid mheaisín-inléite. Is féidir le formáid mheaisín-inléite a bheith oscailte nó dílsithe; féadfaidh caighdeáin fhoirmiúla a bheith nó gan a bheith i gceist. Doiciméid atá códaithe i bhformáid chomhaid a theorannaíonn an phróiseáil uathoibríoch toisc nach féidir na sonraí a bhaint astu, nó a bhaint astu gan dua, níor cheart a mheas go bhfuil na doiciméid sin i bhformáid mheaisín-inléite. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, úsáid formáidí a aithnítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta atá oscailte meaisín-inléite a chur chun cinn. Ba cheart an Creat Eorpach Idirinoibritheachta a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme, agus réitigh theicniúla á gceapadh chun doiciméid a athúsáid.
|
|
(36)
|
Tá muirir ar athúsáid doiciméad ina mbacainn mhór ar dhul isteach sa mhargadh do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna. Dá bhrí sin, ba cheart doiciméid a chur ar fáil lena n-athúsáid saor in aisce agus, i gcás ina mbeidh muirir riachtanach, ba cheart iad a bheith teoranta i bprionsabal do na costais imeallacha. I gcás ina ndéanann comhlachtaí earnála poiblí cuardach i gcomhair na faisnéise a iarradh, ar cuardach fíorchuimsitheach é, nó ina ndéanann siad modhnuithe ar fhormáid na faisnéise a iarradh, ar modhnuithe fíorchostasacha iad, ar bhonn deonach nó de réir mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta, féadfaidh go gcumhdóidh na costais imeallacha na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin. I gcásanna eisceachtúla, ba cheart a chur san áireamh gur gá gan bac a chur ar ghnáthfheidhmiú comhlachtaí earnála poiblí a bhfuil ceangal orthu ioncam a ghiniúint chun cuid shubstaintiúil dá gcostas a chumhdach i ndáil lena gcúraimí poiblí a dhéanamh. Tá feidhm aige sin freisin i gcás ina gcuireann comhlacht de chuid na hearnála poiblí sonraí ar fáil ina sonraí oscailte ach go bhfuil ceangal air ioncam a ghiniúint chun cuid shubstaintiúil dá chostas a chumhdach i ndáil lena chúraimí poiblí a fheidhmiú Ba cheart an ról atá ag gnóthais phoiblí i dtimpeallacht eacnamaíoch iomaíoch a aithint freisin. I gcásanna den sórt sin, ba cheart comhlachtaí na hearnála poiblí agus gnóthais phoiblí a bheith in ann, dá réir sin, muirear os cionn na gcostas imeallach a ghearradh. Ba cheart na muirir sin a shocrú de réir critéir oibiachtúla thrédhearcacha infhíoraithe agus níor cheart an t-ioncam iomlán ó sholáthar agus ceadú athúsáide doiciméad a bheith níos mó ná costais an bhailithe agus an táirgthe, lena n-áirítear ceannach ó thríú páirtithe, an atáirgthe, na cothabhála, na stórála agus an scaipthe, maille le brabús réasúnach ar an infheistíocht. I gcás inarb infheidhme, ba cheart gur féidir a áireamh ar na costais incháilithe freisin na costais a bhaineann le sonraí pearsanta a anaithnidiú agus na costais a bhaineann le bearta chun rúndacht sonraí a chosaint. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar chomhlachtaí earnála poiblí agus gnóthais phoiblí na costais sin a nochtadh. An ceanglas ioncam a ghiniúint chun cuid shubstaintiúil de chostais chomhlachtaí na hearnála poiblí a chumhdach i ndáil lena gcúraimí poiblí a dhéanamh nó scóip na seirbhísí leasa ghinearálta a chuirtear de chúram ar ghnóthais phoiblí, ní gá ceanglas dlí a bheith iontu agus féadfaidh siad eascairt, mar shampla, ón gcleachtas riaracháin sna Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit an ceanglas sin a athbhreithniú go rialta.
|
|
(37)
|
Is féidir an toradh ar infheistíocht a thuiscint mar chéatadán, sa bhreis ar chostais imeallacha, lenar féidir costas an chaipitil a aisghabháil agus fíor-ráta toraidh a chur san áireamh. Ar an ábhar go mbíonn costas an chaipitil nasctha go dlúth le rátaí úis institiúidí creidmheasa, rátaí atá bunaithe iad féin ar ráta seasta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (“BCE”) maidir le príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, níor cheart gur mhó na 5 % os cionn ráta seasta úis BCE an toradh réasúnach ar infheistíocht.
|
|
(38)
|
Ba cheart leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim agus cartlanna a bheith in ann muirir os cionn na gcostas imeallach a ghearradh ionas nach gcuirfear isteach ar a ngnáthfheidhmiú. I gcás comhlachtaí earnála poiblí den sórt sin, níor cheart an t-ioncam iomlán ó sholáthar agus ceadú athúsáide doiciméad le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí a bheith níos mó ná costas an bhailithe, an táirgthe, an atáirgthe, an scaipthe, an chaomhnaithe agus an imréitigh ceart, maille le brabús réasúnach ar an infheistíocht. I gcás inarb infheidhme, na costais a bhaineann le sonraí pearsanta nó faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a anaithnidiú, ba cheart iad a áireamh ar na costais incháilithe freisin. I gcás leabharlann, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaem agus cartlann, agus aird á tabhairt ar shainiúlachtaí na forais sin, an praghas a ghearrtar san earnáil phríobháideach ar athúsáid doiciméad atá comhionann nó comhchosúil, ba cheart é a chur san áireamh agus an brabús réasúnach ar an infheistíocht á ríomh.
|
|
(39)
|
Na huasteorainneacha le muirir a shocraítear sa Treoir seo, ní dochar iad do cheart na mBallstát muirir níos ísle a ghearradh nó gan muirear a ghearradh.
|
|
(40)
|
Ba cheart do na Ballstáit na critéir a leagan síos le haghaidh muirearú os cionn na gcostas imeallach. Mar shampla, ba cheart go mbeadh siad in ann na critéir sin a leagan síos i rialacha náisiúnta nó go mbeadh siad in ann comhlacht iomchuí nó na comhlachtaí iomchuí a ainmniú, seachas an comhlacht earnála poiblí féin, is inniúil chun na critéir sin a leagan síos. Ba cheart an comhlacht sin a bheith eagraithe i gcomhréir le córais bhunreachtúla agus dhlíthiúla na mBallstát. D'fheadfadh comhlacht arb ann dó a bhfuil cumhachtaí cur chun feidhme buiséid aige agus arb ann d'fhreagracht pholaitiúil ina leith a bheith ann.
|
|
(41)
|
Réamhchoinníoll chun margadh faisnéise uile-Aontais a fhorbairt is ea a áirithiú go bhfuil na coinníollacha maidir le hathúsáid doiciméad ón earnáil phoiblí soiléir agus ar fáil go poiblí. Dá bhrí sin, ba cheart na coinníollacha infheidhme uile ar athúsáid na ndoiciméad a shoiléiriú don athúsáideoir féideartha. Ba cheart do na Ballstát spreagadh a chur i gcruthú innéacsanna de na doiciméid atá ar fáil a mbeidh rochtain orthu ar líne, más iomchuí, chun iarrataí athúsáide a chur chun cinn agus a éascú. Na hiarratasóirí ar athúsáid doiciméad atá i seilbh eintiteas nach gnóthais phoiblí, bunaíochtaí oideachais, eagraíochtaí déanta taighde ná eagraíochtaí maoinithe taighde iad, ba cheart iad a chur ar an eolas faoi na modhanna sásaimh atá le fáil i ndáil le cinntí nó cleachtais a dhéanann difear dóibh. Bainfidh tábhacht ar leith leis sin i gcás gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna toisc go bhféadfadh sé nach mbeidís cleachtach ar dhéileáil le comhlachtaí earnála poiblí i mBallstáit eile agus na modhanna sásaimh comhfhreagracha.
|
|
(42)
|
An deis comhlacht athbhreithnithe neamhchlaonta athbhreithniú a dhéanamh, ba cheart an deis sin a bheith ar na modhanna sásaimh. D'fhéadfadh údarás náisiúnta arb ann dó a bheith sa chomhlacht sin, amhail an t-údarás iomaíochta náisiúnta, an t-údarás maoirseachta náisiúnta arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, an t-údarás náisiúnta um rochtain ar dhoiciméid nó údarás breithiúnach náisiúnta. Ba cheart an comhlacht sin a bheith eagraithe i gcomhréir le córais bhunreachtúla agus dhlíthiúla na mBallstát. Níor cheart gur dhochar dul ar iontaoibh an chomhlachta sin d'aon mhodhanna sásaimh eile atá ar fáil d'iarratasóirí ar athúsáid. Ba cheart dó, áfach, a bheith ar leithligh ón sásra de chuid an Bhallstáit lena leagtar síos na critéir le haghaidh muirear os cionn na gcostas imeallach a ghearradh. Ba cheart an deis a áireamh ar na modhanna sásaimh athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí diúltacha agus ar chinntí a cheadódh an athúsáid ach, d'ainneoin sin, a chuirfeadh isteach ar an iarratasóir ar fhorais eile, go háirithe de dheasca na rialacha muirearaithe a bhaineann leo. Ba cheart próiseas an athbhreithnithe a bheith gasta, i gcomhréir le riachtanais an mhargaidh a bhíonn ag athrú go tapa.
|
|
(43)
|
Poibliú na ndoiciméad uile a bhfuil fáil orthu go ginearálta agus atá i seilbh na hearnála poiblí — ní hamháin i ndáil leis an bpróiseas polaitiúil, ach i ndáil leis an bpróiseas dlíthiúil agus riaracháin freisin — is uirlis bhunúsach é sin le haghaidh fhairsingiú an chirt chun eolais, ar bunphrionsabal de chuid an daonlathais é. Baineann an cuspóir sin le hinstitiúidí ar gach leibhéal, bíodh sin an leibhéal áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta.
|
|
(44)
|
Ni cheart go mbeadh athúsáid doiciméad faoi réir ag coinníollacha. I gcásanna eile, áfach, ina bhfuil údar maith maidir le cuspóir ar mhaithe le leas an phobail ag baint leo, féadfar ceadúnas a eisiúint lena bhforchuirfear coinníollacha ar an athúsáid ag an gceadúnaí agus a dhéileálfaidh le saincheisteanna amhail dliteanas, cosaint sonraí pearsanta, úsáid chuí doiciméad, ráthaíocht nach n-athrófar iad agus aitheantas na foinse. Má cheadúnaíonn comhlachtaí na hearnála poiblí doiciméid lena n-athúsáid, ba cheart coinníollacha an cheadúnais a bheith oibiachtúil, comhréireach agus. neamh-idirdhealaitheach. Féadfaidh ról tábhachtach ina thaobh sin freisin a bheith ag ceadúnais chaighdeánacha a bhfuil fáil orthu ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le ceadúnais chaighdeánacha a bheith ar fáil. I ngach cás, le haon cheadúnas le haghaidh athúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí, ba cheart a laghad srianta is féidir a chur ar an athúsáid, e.g. aitheantas na foinse agus sin a mhéid. Maidir leis sin, ba cheart ról tábhachtach a bheith ag ceadúnais oscailte, i bhfoirm ceadúnais phoiblí chaighdeánaithe atá ar fáil ar líne, lena dtugtar cead d'aon duine rochtain a fháil gan bhac ar shonraí agus ábhar, agus na sonraí agus an t-ábhar sin a úsáid, a mhodhnú agus a chomhroinnt gan srian chun gach aon chríche, ar ceadúnais iad a bhraitheann ar fhormáidí sonraí oscailte. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid ceadúnas oscailte a spreagadh, agus ba cheart é sin a bheith ina ghnáthchleachtas ar fud an Aontais amach anseo. Gan dochar do cheanglais dliteanais a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, i gcás ina gcuirfidh comhlacht earnála poiblí nó gnóthas poiblí doiciméid ar fáil lena n-athúsáid gan aon choinníollacha ná srianta eile, féadfaidh an comhlacht earnála poiblí nó an gnóthas poiblí sin bheith in ann gach dliteanas a tharscaoileadh maidir leis na doiciméid a cuireadh ar fáil lena n-athúsáid.
|
|
(45)
|
Má chinneann an t-údarás inniúil gan doiciméid áirithe a chur ar fáil lena n-athúsáid a thuilleadh, nó scor de na doiciméid sin a nuashonrú, ba cheart dó na cinntí sin a phoibliú, a luaithe is féidir, trí mhodhanna leictreonacha nuair is féidir.
|
|
(46)
|
Ba cheart na coinníollacha ar an athúsáid a bheith neamh-idirdhealaitheach le haghaidh catagóirí inchomparáide athúsáide. Níor cheart, i ndáil leis an méid sin, go gcuirfí cosc ar mhalartú faisnéise saor in aisce idir comhlachtaí earnála poiblí chun cúraimí poiblí a dhéanamh, ach muirear a ghearradh ar pháirtithe eile as athúsáid na ndoiciméad céanna. Ná níor cheart go gcuirfí cosc leis ar bheartas muirear difreáilte a ghlacadh maidir le hathúsáid tráchtála agus neamhthráchtála.
|
|
(47)
|
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go háirithe nach ndéanfaí de thoradh athúsáid doiciméad, ar le gnóthais phoiblí iad, an margadh a shaobhadh agus nach mbainfí an bonn ó iomaíocht chóir.
|
|
(48)
|
Ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí rialacha iomaíochta an Aontais agus rialacha iomaíochta náisiúnta a chomhlíonadh nuair a leagann siad síos na prionsabail le haghaidh athúsáid doiciméad, ag seachaint, an oiread is féidir, comhaontuithe eisiacha eatarthu féin agus comhpháirtithe príobháideacha. Chun seirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a sholáthar, áfach, d'fhéadfadh sé gur gá, uaireanta, ceart eisiach chun doiciméid shonracha ón earnáil phoiblí a athúsáid. D'fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás nach bhfoilseodh aon fhoilsitheoir tráchtála an fhaisnéis gan ceart eisiach den sórt sin. I dtaca leis sin, is iomchuí aon chonarthaí seirbhísí poiblí a eisiatar ó raon feidhme Threoir 2014/24/AE de bhun Airteagal 11 den Treoir sin agus comhpháirtíochtaí nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 31 de Threoir 2014/24/AE a chur san áireamh.
|
|
(49)
|
Is iomaí socrú comhair atá ann idir leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim, cartlanna agus comhpháirtithe príobháideacha lena mbaineann digitiú acmhainní cultúrtha a thugann cearta eisiacha do chomhpháirtithe príobháideacha. Is léir ar an taithí gur féidir le comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí den sórt sin úsáid fhónta bailiúchán cultúrtha a éascú agus ag an am céanna rochtain ar an oidhreacht chultúrtha a thabhairt don phobal níos tapa. Dá bhrí sin, is iomchuí na héagsúlachtaí a chur san áireamh atá ann faoi láthair idir na Ballstáit maidir le digitiú acmhainní cultúrtha, le sraith shonrach rialacha maidir le comhaontuithe faoi dhigitiú acmhainní den sórt sin. I gcás ina mbainfidh ceart eisiach le digitiú acmhainní cultúrtha, d'fhéadfadh sé gur gá tréimhse áirithe eisiachais chun deis a thabhairt don chomhpháirtí príobháideach a infheistíocht a fháil ar ais. Ba cheart an tréimhse sin, áfach, a bheith teoranta chuig an tréimhse ama is giorra agus is féidir, chun an prionsabal gur cheart d'ábhar atá san fhearann poiblí fanacht san fhearann poiblí nuair a dhéantar é a dhigitiú a chomhlíonadh. Ní cheart, go ginearálta, gur fada ná 10 mbliana an tréimhse a mhairfeadh ceart eisiach chun acmhainní cultúrtha a dhigitiú. Ba cheart aon tréimhse is faide ná 10 mbliana a bheith faoi réir a hathbhreithnithe, ag cur san áireamh athruithe teicneolaíocha, airgeadais agus riaracháin lena mbaineann ó rinneadh an socrú. Ina theannta sin, le haon chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí maidir le digitiú acmhainní cultúrtha ba cheart cearta iomlána a thabhairt don institiúid chultúrtha is comhpháirtí inti i ndáil le húsáid acmhainní cultúrtha digitithe tar éis fhoirceannadh na comhpháirtíochta.
|
|
(50)
|
Socruithe idir sealbhóirí sonraí agus athúsáideoirí sonraí nach dtugann cearta eisiacha go sainráite ach is féidir a cheapadh go réasúnach go gcuirfidh siad srian le hinfhaighteacht doiciméad lena n-athúsáid, ba cheart grinnscrúdú poiblí breise a dhéanamh orthu. Dá bhrí sin, ba cheart na gnéithe fíor-riachtanacha de shocruithe den sórt sin a fhoilsiú ar líne 2 mhí, ar a laghad, roimh dóibh teacht i bhfeidhm, eadhon, 2 mhí roimh an dáta a socraíodh a gcuirfí tús le comhlíonadh oibleagáidí na bpáirtithe. Agus an méid thuas á fhoilsiú, ba cheart deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara athúsáid na ndoiciméad atá cumhdaithe ag na socruithe sin a iarraidh agus an riosca go gcuirfí srian le raon na n-athúsáideoirí féideartha a chosc. Ar aon chuma, na gnéithe fíor-riachtanacha de shocruithe den sórt sin atá sa leagan críochnaitheach arna gcomhaontú ag na páirtithe, ba cheart iad a phoibliú ar líne gan mhoill mhíchuí nuair a thabharfaí i gcrích iad.
|
|
(51)
|
Tá sé d'aidhm ag an Treoir seo íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh buntáiste an cheannródaí iomarcach sa dóigh laghdófaí líon na n-athúsáideoirí féideartha a bheadh ann do na sonraí. De bhreis ar oibleagáidí an Bhallstáit faoin Treoir seo doiciméid a thabhairt, i gcás inar dóigh go bhféadfadh aistriú acmhainní an Bhallstáit laistigh de bhrí Airteagal 107 (1) CFAE a bheith i gceist le socruithe conarthacha, ba cheart nár dhochar an Treoir seo do chur i bhfeidhm na rialacha maidir leis na rialacha iomaíochta agus státchabhrach eile a leagtar síos in Airteagal 101 go hAirteagal 109 CFAE. De thoradh na rialacha maidir leis an státchabhair a leagtar síos in Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, ní mór don Bhallstát a fhíorú ex ante an bhfuil státchabhair i gceist leis na socruithe conarthacha ábhartha agus ní mór dó a áirithiú go gcloíonn na socruithe sin leis na rialacha maidir le státchabhair.
|
|
(52)
|
Ní dhéantar leis an Treoir seo difear do chosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), agus lena n-áirítear aon fhorálacha forlíontacha den dlí náisiúnta. Ciallaíonn sé sin, inter alia, nach ceadmhach sonraí pearsanta a athúsáid ach amháin má chomhlíontar prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra mar a leagtar amach é i bpointe (b) d'Airteagal 5(1) agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679. Is éard is faisnéis anaithnid aon fhaisnéis nach mbaineann le duine nádúrtha atá sainaitheanta nó in-sainaitheanta nó le sonraí pearsanta a dhéantar anaithnid ar bhealach nach féidir an t-ábhar sonraí a aithint nó nach féidir an t-ábhar sonraí a shainaithint a thuilleadh. Bealach é an t-anaithnidiú faisnéise le teacht ar réiteach idir na leasanna a bhaineann le faisnéis ón earnáil phoiblí a dhéanamh chomh hin-athúsáidte agus is féidir agus na hoibleagáidí arb ann dóibh de réir an dlí cosanta sonraí, ach baineann costas leis. Is iomchuí an costas sin a mheas mar cheann de na hítimí costais atá le cur san áireamh mar chuid den chostas imeallach a bhaineann leis an scaipeadh dá dtagraítear sa Treoir seo é.
|
|
(53)
|
Nuair a dhéanfar cinntí faoin raon feidhme agus faoi na coinníollacha a bhaineann le hathúsáid doiciméad ón earnáil phoiblí ina bhfuil sonraí pearsanta, in earnáil na sláinte cuir i gcás, féadfaidh sé gur gá measúnaithe tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679.
|
|
(54)
|
Ní dhéanann an Treoir seo difear do chearta maoine intleachtúla tríú páirtithe. Chun amhras a sheachaint, is do chóipcheart agus cearta gaolmhara (lena n-áirítear cineálacha cosanta sui generis), agus dóibh sin amháin, a thagraíonn an téarma “cearta maoine intleachtúla”. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le doiciméid a chumhdaítear le cearta maoine tionsclaíocha, amhail paitinní agus dearthaí agus trádmharcanna cláraithe. Ní dhéanann an Treoir difear do bheithsine ná d'úinéireacht chearta maoine intleachtúla chomhlachtaí na hearnála poiblí, ná ní chuireann sí teorainn leis le feidhmiú na gceart sin ar aon bhealach de bhreis ar na teorainneacha a leagtar síos sa Treoir seo. Níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Treoir seo ach sa mhéid go bhfuil siad ag teacht le comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint, go háirithe Coinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint (“Coinbhinsiún Bheirn”), an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (“Comhaontú TRIPS”) agus Conradh EDMI um Chóipcheart (“WCT”). Ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí, áfach, a gcóipcheart a fheidhmiú ar bhealach a éascaíonn an athúsáid.
|
|
(55)
|
Ag cur san áireamh dhlí an Aontais agus na n-oibleagáidí idirnáisiúnta atá ar na Ballstáit agus ar an Aontas, go háirithe faoi Choinbhinsiún Bheirn agus faoi Chomhaontú TRIPS, ba cheart doiciméid a bhfuil cearta maoine intleachtúla ag tríú páirtithe ina leith a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. Más ag tríú páirtí i dtosach a bhí na cearta maoine intleachtúla i leith doiciméad atá i seilbh leabharlainne, lena n-áirítear leabharlann ollscoile, músaeim nó cartlainne agus nach bhfuil tréimhse cosanta na gceart sin in éag, ba cheart a mheas chun críche na Treorach seo, gur doiciméad é an doiciméad sin a bhfuil cearta maoine intleachtúla ag tríú páirtithe ina leith.
|
|
(56)
|
Ba cheart nár dhochar an Treoir seo do na cearta, lena n-áirítear cearta eacnamaíocha agus morálta, is féidir a bheith ag fostaithe chomhlachtaí na hearnála poiblí faoin dlí náisiúnta.
|
|
(57)
|
Thairis sin, nuair a chuirtear aon doiciméad ar fáil lena athúsáid, ba cheart don chomhlacht earnála poiblí lena mbaineann an ceart a choinneáil chun leas a bhaint as an doiciméad sin.
|
|
(58)
|
Ní dochar an Treoir seo do Threoir 2014/24/AE.
|
|
(59)
|
Uirlisí a chuidíonn le athúsáideoirí féideartha teacht ar dhoiciméid lena n-athúsáid agus ar na coinníollacha ar an athúsáid, is féidir leo éascaíocht nach beag a dhéanamh d'úsáid trasteorann doiciméad ón earnáil phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil socruithe praiticiúla i bhfeidhm a chuidíonn le hathúsáideoirí na doiciméid atá ar fáil lena n-athúsáid a chuardach. Is samplaí de shocruithe praiticiúla iad liostaí acmhainní, a bheadh le fáil ar líne de rogha, de dhoiciméid (doiciméid a athúsáidtear go tréan nó a bhfuil an poitéinseal ann go n-athúsáidfí go tréan iad), agus suíomhanna tairsí atá nasctha le hacmhainní díláraithe. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh teacht go héasca san fhadtéarma ar fhaisnéis ón earnáil phoiblí lena hathúsáid, i gcomhréir leis na beartais chaomhnaithe is infheidhme.
|
|
(60)
|
Ba cheart don Choimisiún comhar idir na Ballstáit a éascú agus tacú le ceapadh, tástáil, cur chun feidhme agus cur in úsáid comhéadan leictreonach idir-inoibritheach, rud a chuirfeadh le héifeachtúlacht agus sláine seirbhísí poiblí.
|
|
(61)
|
Ní dochar an Treoir seo do Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Foráiltear inti na coinníollacha ar ar féidir le comhlachtaí na hearnála poiblí a gcearta maoine intleachtúla a fheidhmiú i margadh inmheánach na faisnéise nuair a cheadaíonn siad athúsáid doiciméad. I gcásanna ina bhfuil an ceart ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, níor cheart dóibh an ceart sin a fheidhmiú chun cosc a chur ar athúsáid doiciméid arb ann dóibh nó chun srian a chur ar athúsáid doiciméad arb ann dóibh thar na teorainneacha dá bhforáiltear leis an Treoir seo.
|
|
(62)
|
Thacaigh an Coimisiún le forbairt na tuarascála ar líne maidir le haibíocht i dtaobh sonraí oscailte le táscairí ábhartha feidhmíochta maidir le hathúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí sna Ballstáit uile. Le nuashonrú tráthrialta na tuarascála sin cothófar malartú faisnéise idir na Ballstáit agus infhaighteacht faisnéise maidir le beartais agus cleachtais san Aontas trí chéile.
|
|
(63)
|
Is gá a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit faireachán ar an méid athúsáide atáthar a bhaint as faisnéis ón earnáil phoiblí, na coinníollacha ar a gcuirtear ar fáil í agus na cleachtais sásaimh.
|
|
(64)
|
Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a thabhairt don na Ballstáit an Treoir seo a chur chun feidhme ar bhealach comhleanúnach trí threoirlíne a chur amach agus trí na treoirlínte arb ann dóibh a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe maidir lena moltar i ndáil leis na ceadúnais chaighdeánacha, na tacair sonraí agus an muirearú le haghaidh athúsáid doiciméad, tar éis comhairliúchán le páirtithe leasmhara.
|
|
(65)
|
Ar phríomhaidhmeanna bhunú an mhargaidh inmheánaigh tá cruthú dálaí atá fabhrach do fhorbairt seirbhísí uile-Aontais. I seilbh na leabharlann, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, na músaem agus na gcartlann tá méid mór acmhainní luachmhara faisnéise ón earnáil phoiblí, go háirithe toisc go bhfuil tionscadail digitithe tar éis cur go mór leis an méid ábhair dhigitigh atá san fhearann poiblí. Bunachar iad na bailiúcháin oidhreachta cultúrtha sin agus na meiteashonraí a bhaineann leo as a bhféadfaí táirgí agus seirbhísí inneachair dhigitigh a chruthú, agus tá poitéinseal ollmhór iontu d'athúsáid nuálach in earnálacha ar nós na foghlama agus na turasóireachta. Bunaíocht chultúrtha de chineálacha eile, amhail ceolfhoirne, forais cheoldrámaíochta, forais bhailé agus amharclanna, lena n-áirítear na cartlanna ar cuid de na bunaíochtaí sin iad, ba cheart dóibh fanacht lasmuigh den raon feidhme na Treorach seo de thairbhe a sainiúlachta mar “thaibhealaíona” agus toisc go bhfuil a gcuid ábhair ar fad nach mór faoi réir cearta maoine intleachtúla tríú páirtí.
|
|
(66)
|
Chun foráil a dhéanamh do dhálaí a thacóidh le hathúsáid doiciméad lena mbaineann mórthairbhí socheacnamaíocha a mbeidh ardfhiúntas ar leith iontu don gheilleagar agus don tsochaí, ba cheart liosta de chatagóirí téamacha de thacair sonraí ardluacha a leagan amach in Iarscribhinn. Mar shampla, agus gan dochar do na gníomhartha cur chun feidhme lena sainaithnítear na tacair sonraí ardluacha ar cheart feidhm a bheith ag na ceanglais shonracha a leagtar amach sa Treoir seo ina leith, ag cur san áireamh treoirlínte ón gCoimisiún maidir le ceadúnais caighdéanacha, tacair sonraí agus muirear a ghearradh ar athúsáid doiciméad), d'fhéadfadh na catagóirí téamacha na nithe seo a leanas a chumhdach, i measc nithe eile: cóid phoist, léarscáileanna náisiúnta agus áitiúla (geospásúil), tomhaltas fuinnimh agus íomhánna satailíte (faire na cruinne agus comhshaoil), sonraí in situ ó ionstraimí agus réamhaisnéisí aimsire (meitéareolaíocht), táscairí déimeagrafacha agus eacnamaíocha (staidreamh), cláir ghnó agus aitheantóirí clárúcháin (cuideachtaí agus úinéireacht cuideachtaí), comharthaí bóthair agus uiscebhealaí intíre (soghluaisteacht).
|
|
(67)
|
D'fhonn an liosta d chatagóirí téamacha de thacair sonraí ardluacha a leasú, trína thuilleadh catagóirí téamacha a chur isteach ann, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún.Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (20). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
|
|
(68)
|
Liosta uile-Aontais de thacair sonraí a bhfuil poitéinseal ar leith iontu tairbhí eacnamaíocha a ghiniúint, in éineacht le coinníollacha comhchuibhithe ar athúsáid, is áis thábhachtach a bheadh sa mhéid sin chun feidhmeanna agus seirbhísí sonraí trasteorann a dhéanamh. D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun tacú le hathúsáid doiciméad a bhaineann le tairbhí socheacnamaíocha tábhachtacha trí liosta a ghlacadh de thacair sonraí ardluacha sonracha a mbeadh feidhm maidir leo ag ceanglais shonracha de chuid na Treorach seo, agus trí na socruithe praiticiúla dá bhfoilsiú agus dá n-athúsáid a ghlacadh freisin. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag na ceanglais shonracha sin sula nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme. Ba cheart gníomhartha dlí earnála an Aontais lena rialaítear foilsiú tacar sonraí a chur san áireamh sa liosta, amhail Treoracha 2007/2/CE agus 2010/40/AE chun a áirithiú go ndéanfar na tacair sonraí a chur ar fáil faoi na caighdeáin agus na tacair meiteashonraí chomhfhreagracha. Ba cheart go mbeadh an liosta bunaithe ar na catagóirí téamacha a leagtar amach sa Treoir seo. Agus an liosta á ullmhú, ba cheart don Choimisiún comhairliúcháin iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe. Lena chois sin, agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na sonraí atá á gcoinneáil ag gnóthais phoiblí nó maidir lena n-infhaighteacht shaor, ba cheart na héifeachtaí ar an iomaíocht sna margaí ábhartha a chur san áireamh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).
|
|
(69)
|
D'fhonn a áirithiú go mbeidh an t-uasmhéid tionchair acu agus chun an athúsáid a éascú, ba cheart na tacair sonraí ardluacha a chur ar fáil lena n-athúsáid faoi shrianta dlíthiúla íosta agus saor in aisce. Ina theannta sin, ba cheart iad a fhoilsiú trí APInna. Ní chuireann an méid sin cosc ar chomhlachtaí earnála poiblí muirir a ghearradh ar sheirbhísí a sholáthraíonn siad i ndáil leis na tacair sonraí ardluacha agus iad ag feidhmiú mar údarás poiblí, go háirithe agus barántúlacht nó fírinneacht doiciméad á deimhniú acu.
|
|
(70)
|
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon cruthú táirgí agus seirbhísí faisnéise uile-Aontais bunaithe ar dhoiciméid ón earnáil phoiblí a éascú, úsáid éifeachtach trasteorann doiciméad ón earnáil phoiblí a áirithiú, ar thaobh amháin ag gnóthlachtaí príobháideacha, go háirithe FBManna, le haghaidh táirgí agus seirbhísí faisnéise breisluacha, agus ar an taobh eile ag saoránaigh chun saorchúrsaíocht faisnéise agus cumarsáide a éascú, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr raon feidhme uile-Aontais na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
|
|
(71)
|
Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an ceart chun príobháideachta, cosaint sonraí pearsanta, an ceart chun maoine lánpháirtiú daoine atá faoi mhíchumas. Níor cheart aon rud sa Treoir seo a léiriú ná a chur chun feidhme ar bhealach nach bhfuil ag teacht le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.
|
|
(72)
|
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh an 10 Iúil 2018 (22).
|
|
(73)
|
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. De bhun Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, ba cheart an mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar chúig chritéar, mar atá an éifeachtúlacht, an éifeachtacht, an ábharthacht, an chomhsheasmhacht agus an breisluach, agus ba cheart í a bheith ina bunús le measúnuithe tionchair ar ghníomhaíocht a d'fhéadfaí a dhéanamh amach anseo.
|
|
(74)
|
Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis an teorainn ama chun na Treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid B, a thrasuí sa dlí náisiúnta,
|
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
|
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
|
CAIBIDIL II IARRATAÍ AR ATHÚSÁID
|
CAIBIDIL II IARRATAÍ AR ATHÚSÁID
|
|
CAIBIDIL III COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hATHÚSÁID
|
CAIBIDIL III COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hATHÚSÁID
|
|
CAIBIDIL IV NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS CÓIRTHRÁDÁIL
|
CAIBIDIL IV NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS CÓIRTHRÁDÁIL
|
|
CAIBIDIL V TACAIR ARDLUACHA SONRAÍ
|
CAIBIDIL V TACAIR ARDLUACHA SONRAÍ
|
|
CAIBIDIL VI FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
CAIBIDIL VI FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
|
IARSCRÍBHINN I
|
IARSCRÍBHINN I
|
|
IARSCRÍBHINN II
|
IARSCRÍBHINN II
Cuid A
An Treoir aisghairthe agus an leasú a rinneadh uirthi
(dá dtagraítear in Airteagal 19)
Cuid B
Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta agus dátaí an chur i bhfeidhm
(dá dtagraítear in Airteagal 19)
|
Treoir
|
Teorainn ama don trasuí
|
Dáta cur i bhfeidhm
|
|
2003/98/CE
|
1 Iúil 2005
|
1 Iúil 2005
|
|
2013/37/AE
|
18 Iúil 2015
|
18 Iúil 2015
|
|
|
IARSCRÍBHINN III
|
IARSCRÍBHINN III
TÁBLA COMHGHAOIL
|
Treoir 2003/98/CE
|
An Treoir seo
|
|
Airteagal 1(1)
|
Airteagal 1(1), an fhoclaíocht réamhráiteach
|
|
|
Airteagal 1(1)(a), (b) agus (c)
|
|
Airteagal 1(2), an fhoclaíocht réamhráiteach
|
Airteagal 1(2), an fhoclaíocht réamhráiteach
|
|
Airteagal 1(2)(a)
|
Airteagal 1(2)(a)
|
|
—
|
Airteagal 1(2)(b)
|
|
Airteagal 1(2)(b)
|
Airteagal 1(2)(c)
|
|
Airteagal 1(2)(c)
|
Airteagal 1(2)(d)
|
|
—
|
Airteagal 1(2)(e)
|
|
Airteagal 1(2)(ca)
|
Airteagal 1(2)(f)
|
|
Airteagal 1(2)(cb)
|
Airteagal 1(2)(g)
|
|
Airteagal 1(2)(cc)
|
Airteagal 1(2)(h)
|
|
Airteagal 1(2)(d)
|
Airteagal 1(2)(i)
|
|
Airteagal 1(2)(e)
|
Airteagal 1(2)(l)
|
|
Airteagal 1(2)(f)
|
Airteagal 1(2)(j)
|
|
—
|
Airteagal 1(2)(k)
|
|
Airteagal 1(3)
|
Airteagal 1(3)
|
|
Airteagal 1(4)
|
Airteagal 1(4)
|
|
Airteagal 1(5)
|
Airteagal 1(5)
|
|
—
|
Airteagal 1(6) agus (7)
|
|
Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh
|
Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh
|
|
Airteagal 2(1)
|
Airteagal 2(1)
|
|
Airteagal 2(2)
|
Airteagal 2(2)
|
|
—
|
Airteagal 2(3) agus (5)
|
|
Airteagal 2(3)
|
Airteagal 2(6)
|
|
—
|
Airteagal 2(7) go (10)
|
|
Airteagal 2(4)
|
Airteagal 2(11)
|
|
Airteagal 2(5)
|
Airteagal 2(12)
|
|
Airteagal 2(6)
|
Airteagal 2(13)
|
|
Airteagal 2(7)
|
Airteagal 2(14)
|
|
Airteagal 2(8)
|
Airteagal 2(15)
|
|
Airteagal 2(9)
|
Airteagal 2(4)
|
|
—
|
Airteagal 2(16) agus (17)
|
|
Airteagal 3
|
Airteagal 3
|
|
Airteagal 4(1)
|
Airteagal 4(1)
|
|
Airteagal 4(2)
|
Airteagal 4(2)
|
|
Airteagal 4(3)
|
Airteagal 4(3)
|
|
Airteagal 4(4)
|
Airteagal 4(4)
|
|
—
|
Airteagal 4(5)
|
|
Airteagal 4(5)
|
Airteagal 4(6), an fhoclaíocht réamhráiteach
|
|
|
Airteagal 4(6)(a) agus (b)
|
|
Airteagal 5(1)
|
Airteagal 5(1)
|
|
—
|
Airteagal 5(2)
|
|
Airteagal 5(2)
|
Airteagal 5(3)
|
|
Airteagal 5(3)
|
Airteagal 5(4)
|
|
—
|
Airteagal 5(5) go (8)
|
|
—
|
Airteagal 6(1) an chéad fomhír
|
|
Airteagal 6(1)
|
Airteagal 6(1) an dara fomhír
|
|
Airteagal 6(2), an fhoclaíocht réamhráiteach
|
Airteagal 6(2), an fhoclaíocht réamhráiteach
|
|
Airteagal 6(2)(a)
|
Airteagal 6(2)(a)
|
|
Airteagal 6(2)(b)
|
—
|
|
Airteagal 6(2)(c)
|
Airteagal 6(2)(b)
|
|
—
|
Airteagal 6(2)(c)
|
|
—
|
Airteagal 6(3)
|
|
Airteagal 6(3)
|
Airteagal 6(4)
|
|
Airteagal 6(4)
|
Airteagal 6(5)
|
|
—
|
Airteagal 6(6)
|
|
Airteagal 7(1)
|
Airteagal 7(1)
|
|
Airteagal 7(2)
|
Airteagal 7(2)
|
|
Airteagal 7(3)
|
—
|
|
Airteagal 7(4)
|
Airteagal 7(3)
|
|
Airteagal 8
|
Airteagal 8
|
|
Airteagal 9
|
Airteagal 9(1)
|
|
—
|
Airteagal 9(2)
|
|
—
|
Airteagal 10(1) agus (2)
|
|
Airteagal 10
|
Airteagal 11
|
|
Airteagal 11(1)
|
Airteagal 12(1)
|
|
Airteagal 11(2)
|
Airteagal 12(2)
|
|
Airteagal 11(2a)
|
Airteagal 12(3)
|
|
—
|
Airteagal 12(4)
|
|
Airteagal 11(3)
|
—
|
|
Airteagal 11(4)
|
Airteagal 12(5)
|
|
—
|
Airteagail 13 go 16
|
|
Airteagal 12
|
Airteagal 17(1)
|
|
—
|
Airteagal 17(2)
|
|
Airteagal 13(1)
|
Airteagal 18(1)
|
|
Airteagal 13(2)
|
—
|
|
Airteagal 13(3)
|
Airteagal 18(2), an fhoclaíocht réamhráiteach
|
|
—
|
Airteagal 18(2)(a) go (g)
|
|
—
|
Airteagal 19
|
|
Airteagal 14
|
Airteagal 20
|
|
Airteagal 15
|
Airteagal 21
|
|
—
|
Iarscríbhinní I, II agus III
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|