+RIALACHÁN (AE) 2019/517 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 19 Márta 2019 maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
------+Airteagal 1 Ábhar agus cuspóirí
---------+Airteagal 1 1
---------+Airteagal 1 2
------+Airteagal 2 Sainmhínithe
---------+Airteagal 2 (1)
---------+Airteagal 2 (2)
---------+Airteagal 2 (3)
---------+Airteagal 2 (4)
---------+Airteagal 2 (5)
---------+Airteagal 2 (6)
---+CAIBIDIL II CUR CHUN FEIDHME AN TLD ARB É .eu
------+ROINN 1 Prionsabail ghinearálta
---------+Airteagal 3 Critéir incháilitheachta
------------+Airteagal 3 (a)
------------+Airteagal 3 (b)
------------+Airteagal 3 (c)
------------+Airteagal 3 (d)
---------+Airteagal 4 Clárú agus cúlghairm ainmneacha fearainn
------------+Airteagal 4 1
------------+Airteagal 4 2
------------+Airteagal 4 3
------------+Airteagal 4 4
------------+Airteagal 4 5
------------+Airteagal 4 6
---------+Airteagal 5 Teangacha, dlí agus dlínse infheidhme
------------+Airteagal 5 1
------------+Airteagal 5 2
---------+Airteagal 6 Forchoimeád ainmneacha fearainn
------------+Airteagal 6 1
------------+Airteagal 6 2
------------+Airteagal 6 3
------------+Airteagal 6 4
---------+Airteagal 7 Cláraitheoirí
------------+Airteagal 7 1
------------+Airteagal 7 2
------+ROINN 2 Clárlann
---------+Airteagal 8 Ainmniú na Clárlainne
------------+Airteagal 8 1
------------+Airteagal 8 2
------------+Airteagal 8 3
------------+Airteagal 8 4
------------+Airteagal 8 5
---------+Airteagal 9 Saintréithe na Clárlainne
------------+Airteagal 9 1
------------+Airteagal 9 2
---------+Airteagal 10 Oibleagáidí na Clárlainne
------------+Airteagal 10 (a)
------------+Airteagal 10 (b)
------------+Airteagal 10 (c)
------------+Airteagal 10 (d)
------------+Airteagal 10 (e)
------------+Airteagal 10 (f)
------------+Airteagal 10 (g)
------------+Airteagal 10 (h)
------------+Airteagal 10 (i)
------------+Airteagal 10 (j)
------------+Airteagal 10 (k)
------------+Airteagal 10 (l)
------------+Airteagal 10 (m)
---------+Airteagal 11 Prionsabail agus nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD arb é .eu
------------+Airteagal 11 (a)
------------+Airteagal 11 (b)
------------+Airteagal 11 (c)
------------+Airteagal 11 (d)
------------+Airteagal 11 (e)
------------+Airteagal 11 (f)
------------+Airteagal 11 (g)
---------+Airteagal 12 Bunachar sonraí WHOIS
------------+Airteagal 12 1
------------+Airteagal 12 2
------+ROINN 3 Formhaoirseacht ar an gClárlann
---------+Airteagal 13 Maoirseacht
------------+Airteagal 13 1
------------+Airteagal 13 2
------------+Airteagal 13 3
------------+Airteagal 13 4
---------+Airteagal 14 Grúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí .eu
------------+Airteagal 14 1
------------+Airteagal 14 2
------------+Airteagal 14 3
------------+Airteagal 14 4
------------+Airteagal 14 5
---+CAIBIDIL III FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 15 Forchoimeád ceart
------+Airteagal 16 Meastóireacht agus athbhreithniú
---------+Airteagal 16 1
---------+Airteagal 16 2
---------+Airteagal 16 3
---------+Airteagal 16 4
------+Airteagal 17 Nós imeachta coiste
---------+Airteagal 17 1
---------+Airteagal 17 2
---------+Airteagal 17 3
------+Airteagal 18 An tarmligean a fheidhmiú
---------+Airteagal 18 1
---------+Airteagal 18 2
---------+Airteagal 18 3
---------+Airteagal 18 4
---------+Airteagal 18 5
---------+Airteagal 18 6
------+Airteagal 19 Forálacha idirthréimhseacha
---------+Airteagal 19 1
---------+Airteagal 19 2
---------+Airteagal 19 3
------+Airteagal 20 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 733/2002
------+Airteagal 21 Aisghairm
------+Airteagal 22 Teacht i bhfeidhm
---------+Airteagal 22 2
---------+Airteagal 22 3
|
English -
European Union -
ICT -
RIALACHÁN (AE) 2019/517 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 19 Márta 2019 maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
RIALACHÁN (AE) 2019/517 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Márta 2019
maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Bunaíodh fearann barrleibhéil (TLD) arb é .eu le Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus le Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún (4). Ó glacadh na rialacháin sin, tá athrú mór tagtha ar an gcomhthéacs polaitiúil agus reachtach san Aontas, ar an timpeallacht ar líne agus ar an margadh.
|
|
(2)
|
Mar gheall ar fhorás mear an mhargaidh TLD, agus an tírdhreach digiteach dinimiciúil, tá gá le timpeallacht rialála a sheasfaidh an aimsir agus atá solúbtha. Tá an TLD arb é .eu ar cheann de na cóid tíre TLDanna (ccTLDanna) is mó dá bhfuil ann. Baineann institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais feidhm as an TLD arb é .eu, lena n-áirítear i gcomhair tionscadail agus tionscnaimh Eorpacha. Is é is cuspóir don TLD arb é .eu, trí dhea-bhainistiú, cabhrú chun féiniúlacht an Aontais a fheabhsú agus chun luachanna de chuid an Aontais, amhail an t-ilteangachas, an urraim do phríobháideacht agus do shlándáil úsáideoirí agus an urraim do chearta an duine, mar aon le tosaíochtaí sonracha ar líne, a chur chun chinn ar líne.
|
|
(3)
|
Is cuid riachtanach de struchtúr ordlathach an chórais ainmneacha fearainn (DNS) iad TLDanna lena n-áirithítear córas idir-inoibritheach d'aitheantóirí uathúla, atá ar fáil ar fud an domhain, ar aon fheidhmchlár agus ar aon líonra.
|
|
(4)
|
Ba cheart don TLD arb é .eu úsáid líonraí idirlín, agus rochtain ar líonraí idirlín, a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 170 agus Airteagal 171 CFAE, trí chlárú a sholáthar atá comhlánatach le ccTLDanna atá ann cheana agus le clárú domhanda TLDanna cineálacha.
|
|
(5)
|
An TLD arb é .eu, ar lipéad é atá soiléir agus so-aitheanta go héasca, ba cheart go mbeadh sé ina nasc leis an Aontas agus leis an margadh Eorpach atá in-aitheanta go soiléir. Ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas gnóthais, eagraíochtaí agus daoine nádúrtha laistigh den Aontas ainm fearainn a chlárú faoin TLD arb é .eu. Tá tábhacht le hainm fearainn den sórt sin a bheith ann chun féiniúlacht an Aontais ar líne a neartú. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 a leasú chun go bhféadfaidh saoránaigh de chuid an Aontais ainm TLD arb é .eu a chlárú, gan beann ar a n-áit chónaithe, ón 19 Deireadh Fómhair 2019.
|
|
(6)
|
Ba cheart ainmneacha fearainn sa TLD arb é .eu a leithdháileadh ar pháirtithe incháilithe, ach iad a bheith ar fáil.
|
|
(7)
|
Ba cheart don Choimisiún comhar idir an Chlárlann, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a chur chun cinn, d'fhonn clárúcháin amhantracha agus mhí-úsáideacha ainmneacha fearainn a chomhrac, lena n-áirítear cibearshuiteoireacht, agus nósanna imeachta simplí riaracháin a sholáthar, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mhéanmhéide (FBManna).
|
|
(8)
|
Chun cosaint níos fearr a áirithiú maidir le ceart na bpáirtithe conradh a dhéanamh leis an gClárlann agus le Cláraitheoirí faoi seach, ba cheart comhlachtaí atá lonnaithe san Aontas díospóidí maidir le clárú ainmneacha fearainn sa TLD arb é .eu a réiteach tríd an dlí náisiúnta ábhartha a chur i bhfeidhm, gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí a aithníonn na Ballstáit nó an tAontas a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta.
|
|
(9)
|
Ba cheart don Choimisiún, ar bhonn nós imeachta roghnúcháin atá oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, ag féachaint d'éifeachtúlacht costais agus simplíocht riaracháin, Clárlann a ainmniú don TLD arb é .eu. Chun tacú leis an margadh aonair digiteach, chun féiniúlacht Eorpach ar líne a chruthú agus chun gníomhaíochtaí trasteorann ar líne a spreagadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin agus an nós imeachta chun an Chlárlann a ainmniú. Tá sé ríthábhachtach, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
|
|
(10)
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún na liostaí d'ainmneacha fearainn atá forchoimeádta agus atá blocáilte ag na Ballstáit a ghlacadh, chun na prionsabail a bheidh le háireamh sa chonradh idir an Coimisiún agus an Chlárlann a bhunú agus chun an Chlárlann a ainmniú ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, go háirithe chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart na liostaí sin a thiomsú faoi réir infhaighteacht na n-ainmneacha fearainn agus ainmneacha fearainn ar an dara leibhéal atá forchoimeádta nó cláraithe cheana ag na Ballstáit á gcur san áireamh.
|
|
(11)
|
Ba cheart don Choimisiún conradh a dhéanamh leis an gClárlann ainmnithe agus ba cheart a áireamh ann na prionsabail agus na nósanna imeachta mionsonraithe a bhfuil feidhm acu maidir leis an gClárlann i dtaca le heagrú, riar agus bainistiú an TLD arb é .eu. Ba cheart fad cinnte a bheith leis an gconradh agus ba cheart é a bheith in-athnuaite aon uair amháin gan an gá le nós imeachta roghnúcháin nua.
|
|
(12)
|
Ba cheart na prionsabail agus na nósanna imeachta a bhaineann le feidhmiú an TLD arb é .eu a chur i gceangal leis an gconradh idir an Coimisiún agus an Chlárlann ainmnithe.
|
|
(13)
|
Ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le hiomaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE.
|
|
(14)
|
Ba cheart don Chlárlann prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na trédhearcachta a chomhlíonadh, agus ba cheart di bearta a chur chun feidhme chun iomaíocht chothrom a choimirciú, a bheidh le húdarú roimh ré ag an gCoimisiún, go háirithe agus seirbhísí á soláthair ag an gClárlann do ghnóthais lena bhfuil sí in iomaíocht i margaí iartheachtacha.
|
|
(15)
|
Is í an Chorparáid Sannta Ainmneacha agus Uimhreacha Idirlín (ICANN) atá freagrach faoi láthair as comhordú a dhéanamh ar cóid atá in ionannas le ccTLD a tharmligean chuig na Clárlanna. Ba cheart don Chlárlann conradh iomchuí a dhéanamh le ICANN lena ndéanfar foráil maidir leis an gcód ccTLD arb é .eu a tharmligean, agus na prionsabail ábhartha arna nglacadh ag Coiste Comhairleach an Rialtais (GAC) á gcur san áireamh.
|
|
(16)
|
Ba cheart don Chlárlann comhaontú iomchuí eascró a dhéanamh chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú, agus go háirithe chun a áirithiú go bhféadfar leanúint de bheith ag soláthar seirbhísí don phobal idirlín áitiúil, lena laghad cur isteach is féidir, i gcás tarmligean an athuair nó imthosca eile gan choinne a bheith ann. Ba cheart don Chlárlann cóip leictreonach d'inneachar reatha bhunachar sonraí an TLD arb é .eu a chur faoi bhráid an ghníomhaire eascró ar bhonn laethúil.
|
|
(17)
|
Na nósanna imeachta um Réiteach Malartach Díospóide (RMD) a bheidh le glacadh, ba cheart go gcomhlíonfaidís Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus ba cheart do dtabharfaidís aird ar na dea-chleachtais idirnáisiúnta sa réimse seo agus go háirithe moltaí ábhartha na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, chun a áirithiú go seachnófar clárúcháin amhantracha agus mhí-úsáideacha a mhéid is féidir. Ba cheart go n-urramófaí leis na nósanna imeachta RMD sin rialacha nós imeachta aonfhoirmeacha atá i gcomhréir leo siúd a leagtar amach i mBeartas Aonfhoirmeach ICANN um Réiteach Díospóidí ar Ainmneacha Fearainn.
|
|
(18)
|
Ba cheart foráil a dhéanamh sa bheartas maidir le clárú míchuí ainmneacha fearainn arb iad .eu go ndéanfaidh an Chlárlann na sonraí a gheobhaidh sé a fhíorú, go háirithe sonraí maidir le céannacht na gcláraithe, agus maidir le hainmneacha fearainn a mheasfar le cinneadh deiridh ó chúirt i mBallstát go bhfuil siad clúmhillteach, ciníoch nó contrártha le dlí an Bhallstáit ar bhealach eile, go ndéanfar clárú na n-ainmneacha fearainn sin a chúlghairm nó a bhlocáil amach anseo. Ba cheart don Chlárlann an-chúram a ghlacadh chun cruinneas na sonraí a gheobhaidh sí agus a bheidh ina seilbh aici a áirithiú. Leis an nós imeachta um chúlghairm, ba cheart í deis réasúnach a thabhairt do shealbhóir an ainm fearainn aon sárú ar na critéir incháilitheachta, ar na ceanglais clárúcháin nó ar fhiacha gan íoc a chur ina cheart sula ngabhfaidh éifeacht leis an gcúlghairm.
|
|
(19)
|
Ainm fearainn atá comhionann le hainm, nó atá cosúil leis ar bhealach mearbhlach, a mbunaítear ceart ina leith le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus a cláraíodh gan cearta ná leas dlisteanach san ainm, ba cheart, i bprionsabal, é a chúlghairm agus, i gcás inar gá, é a aistriú chuig an sealbhóir dlisteanach. I gcás ina n-aimsítear gur úsáideadh ainm fearainn de mheon mímhacánta, ba cheart é a chúlghairm i gcónaí.
|
|
(20)
|
Ba cheart go nglacfadh an Chlárlann beartais shoiléire a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go ndéanfar clárúcháin amhantracha ainmneacha fearainn a shainaithint go tráthúil agus, i gcás inar gá, ba cheart go n-oibreodh sí i gcomhar le húdaráis inniúla agus le comhlachtaí poiblí eile is ábhartha don chibearshlándáil agus do shlándáil faisnéise atá rannpháirteach go sonrach sa chomhrac in aghaidh na gclárúchán sin, amhail foirne náisiúnta phráinnfhreagartha ríomhaire (CERTanna).
|
|
(21)
|
Ba cheart don Chlárlann tacú le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí sa chomhrac in aghaidh na coireachta, trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme a bhfuil sé mar aidhm leo údaráis inniúla a chumasú chun rochtain a bheith acu ar na sonraí atá sa Chlárlann chun críocha coireanna a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, amhail dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.
|
|
(22)
|
Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le príobháideachas agus le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart don Chlárlann rialacha, prionsabail agus treoirlínte ábhartha cosanta sonraí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe ceanglais slándála ábhartha, prionsabail an riachtanais, na comhréireachta, an teorannaithe de réir cuspóra, agus tréimhse coinneála sonraí chomhréireach. Ina theannta sin, ba cheart cosaint sonraí pearsanta trí dhearadh agus cosaint sonraí mar réamhshocrú a bheith leabaithe i ngach córas próiseála sonraí agus i ngach bunachar sonraí arna fhorbairt agus arna chothabháil.
|
|
(23)
|
D'fhonn maoirseacht thréimhsiúil éifeachtach a áirithiú, ba cheart do chomhlacht neamhspleách iniúchadh a dhéanamh ar an gClárlann, ar chostas na Clárlainne, gach 2 bhliain ar a laghad, chun a dhearbhú, trí bhíthin tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta, go gcomhlíonann an Chlárlann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart don Chlárlann an tuarascáil sin a thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir lena conradh leis an gCoimisiún.
|
|
(24)
|
Ba cheart foráil a dhéanamh sa chonradh idir an Chlárlann agus an Coimisiún maidir le nósanna imeachta chun eagrú, riar agus bainistiú an TLD arb é .eu ag an gClárlann a fheabhsú i gcomhréir le treoracha an Choimisiúin a eascraíonn as na gníomhaíochtaí maoirseachta amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
|
|
(25)
|
Ina conclúidí an 27 Samhain 2014, dár teideal “Rialachas an Idirlín”, d'athdhearbhaigh an Chomhairle tiomantas an Aontais i leith struchtúir rialachais páirtithe leasmhara éagsúla a chur chun cinn atá bunaithe ar shraith chomhleanúnach de phrionsabail dhomhanda i dtaobh rialachas an idirlín. Tagraíonn rialachas chuimsitheach an idirlín d'fhorbairt agus d'fheidhmiú prionsabal chomhroinnte, norm, rialacha, nósanna imeachta cinnteoireachta agus clár lena múnlaítear forás agus úsáid an idirlín ag rialtais, ag an earnáil phríobháideach, ag an tsochaí shibhialta, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag an bpobal teicniúil, ag gníomhú dóibh uile ina róil faoi seach.
|
|
(26)
|
Ba cheart Grúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí .eu a chur ar bun agus é de ról aige comhairle a thabhairt don Choimisiún chun an t-ionchur sa dea-rialachas ar an gClárlann a neartú agus a leathnú. Ba cheart go mbeadh an Grúpa ina léiriú ar shamhail il-gheallsealbhóirí Rialachais an Idirlín, agus a gcomhaltaí, cé is moite díobh siúd a gheofar ó údaráis na mBallstát agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ba cheart go gceapfadh an Coimisiún iad ar bhonn nós imeachta oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach. An t-ionadaí a gheobhfar ó údaráis na mBallstát, ba cheart é a cheapadh ar bhonn córas uainíochta lena n-áiritheofaí leanúnachas leordhóthanach ó thaobh rannpháirtíocht an Ghrúpa de.
|
|
(27)
|
Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar fheidhmiú an TLD arb é .eu. Ba cheart don mheastóireacht sin féachaint do chleachtais oibre na Clárlainne ainmnithe agus d'ábharthacht chúraimí na Clárlainne. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún tuarascálacha rialta maidir le feidhmíocht ainm an TLD arb é .eu a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
|
|
(28)
|
Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”), mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad, go háirithe cosaint sonraí pearsanta, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus cosaint do thomhaltóirí. Ba cheart nósanna imeachta iomchuí de chuid an Aontais a urramú agus deimhin á dheanamh de go ndéanfaidh na forálacha sa dlí náisiúnta lena ndéantar difear don Rialachán seo dlí an Aontais agus, go háirithe, an Chairt a chomhlíonadh. I gcásanna amhrais, ba cheart don Chlárlann treoir a lorg ar an gCoimisiún maidir le comhlíonadh dhlí an Aontais.
|
|
(29)
|
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon TLD uile-Eorpach a chur chun feidhme sa bhreis ar na ccTLDanna náisiúnta, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
|
|
(30)
|
Chun srian a chur le haon riosca go dtarlódh suaitheadh i seirbhísí an TLD arb é .eu le linn chur chun feidhme an chreata rialála nua, leagtar síos forálacha idirthréimhseacha sa Rialachán seo.
|
|
(31)
|
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 a leasú agus a aisghairm, agus ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 a aisghairm,
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
|
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
|
CAIBIDIL II CUR CHUN FEIDHME AN TLD ARB É .eu
|
CAIBIDIL II CUR CHUN FEIDHME AN TLD ARB É .eu
|
|
CAIBIDIL III FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
CAIBIDIL III FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|