+RIALACHÁN (AE, Euratom) 2023/2841 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais
---+Preamble: 1
---+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
------+Airteagal 1 Ábhar
---------+Airteagal 1 (a)
---------+Airteagal 1 (b)
---------+Airteagal 1 (c)
---------+Airteagal 1 (d)
------+Airteagal 2 Raon feidhme
---------+Airteagal 2 1
---------+Airteagal 2 2
---------+Airteagal 2 3
------+Airteagal 3 Sainmhínithe
---------+Airteagal 3 (1)
---------+Airteagal 3 (2)
---------+Airteagal 3 (3)
---------+Airteagal 3 (4)
---------+Airteagal 3 (5)
---------+Airteagal 3 (6)
---------+Airteagal 3 (7)
---------+Airteagal 3 (8)
---------+Airteagal 3 (9)
---------+Airteagal 3 (10)
---------+Airteagal 3 (11)
---------+Airteagal 3 (12)
---------+Airteagal 3 (13)
---------+Airteagal 3 (14)
---------+Airteagal 3 (15)
------+Airteagal 4 Próiseáil sonraí pearsanta
---------+Airteagal 4 1
---------+Airteagal 4 2
---------+Airteagal 4 3
---+CAIBIDIL II BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA
------+Airteagal 5 Bearta a chur chun feidhme
---------+Airteagal 5 1
---------+Airteagal 5 2
------+Airteagal 6 Creat bainistíochta riosca, rialachais agus rialaithe cibearshlándála
---------+Airteagal 6 1
---------+Airteagal 6 2
---------+Airteagal 6 3
---------+Airteagal 6 4
---------+Airteagal 6 5
---------+Airteagal 6 6
---------+Airteagal 6 7
---------+Airteagal 6 8
---------+Airteagal 6 9
------+Airteagal 7 Measúnuithe aibíochta cibearshlándála
---------+Airteagal 7 1
---------+Airteagal 7 2
---------+Airteagal 7 3
---------+Airteagal 7 4
------+Airteagal 8 Bearta bainistíochta riosca cibearshlándála
---------+Airteagal 8 1
---------+Airteagal 8 2
---------+Airteagal 8 3
------+Airteagal 9 Pleananna cibearshlándála
---------+Airteagal 9 1
---------+Airteagal 9 2
---------+Airteagal 9 3
---+CAIBIDIL III AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL
------+Airteagal 10 An Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil
---------+Airteagal 10 1
---------+Airteagal 10 2
---------+Airteagal 10 3
---------+Airteagal 10 4
---------+Airteagal 10 5
---------+Airteagal 10 6
---------+Airteagal 10 7
---------+Airteagal 10 8
---------+Airteagal 10 9
---------+Airteagal 10 10
---------+Airteagal 10 11
---------+Airteagal 10 12
---------+Airteagal 10 13
---------+Airteagal 10 14
------+Airteagal 11 Cúraimí IICB
---------+Airteagal 11 (a)
---------+Airteagal 11 (b)
---------+Airteagal 11 (c)
---------+Airteagal 11 (d)
---------+Airteagal 11 (e)
---------+Airteagal 11 (f)
---------+Airteagal 11 (g)
---------+Airteagal 11 (h)
---------+Airteagal 11 (i)
---------+Airteagal 11 (j)
---------+Airteagal 11 (k)
---------+Airteagal 11 (l)
---------+Airteagal 11 (m)
---------+Airteagal 11 (n)
---------+Airteagal 11 (o)
---------+Airteagal 11 (p)
---------+Airteagal 11 (q)
---------+Airteagal 11 (r)
---------+Airteagal 11 (s)
------+Airteagal 12 Comhlíonadh
---------+Airteagal 12 1
---------+Airteagal 12 2
---------+Airteagal 12 3
---------+Airteagal 12 4
---------+Airteagal 12 5
---+CAIBIDIL IV CERT-EU
------+Airteagal 13 Misean agus cúraimí CERT-EU
---------+Airteagal 13 1
---------+Airteagal 13 2
---------+Airteagal 13 3
---------+Airteagal 13 4
---------+Airteagal 13 5
---------+Airteagal 13 6
---------+Airteagal 13 7
---------+Airteagal 13 8
---------+Airteagal 13 9
---------+Airteagal 13 10
---------+Airteagal 13 11
---------+Airteagal 13 12
------+Airteagal 14 Treoirlínte, moltaí agus glaonna ar ghníomhaíocht
---------+Airteagal 14 1
---------+Airteagal 14 2
------+Airteagal 15 Ceann CERT-EU
---------+Airteagal 15 1
---------+Airteagal 15 2
---------+Airteagal 15 3
---------+Airteagal 15 4
---------+Airteagal 15 5
------+Airteagal 16 Cúrsaí airgeadais agus foirne
---------+Airteagal 16 1
---------+Airteagal 16 2
---------+Airteagal 16 3
---------+Airteagal 16 4
---------+Airteagal 16 5
------+Airteagal 17 Comhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit
---------+Airteagal 17 1
---------+Airteagal 17 2
---------+Airteagal 17 3
------+Airteagal 18 Comhar CERT-EU le contrapháirtithe eile
---------+Airteagal 18 1
---------+Airteagal 18 2
---------+Airteagal 18 3
---+CAIBIDIL V OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU
------+Airteagal 19 Láimhseáil faisnéise
---------+Airteagal 19 1
---------+Airteagal 19 2
---------+Airteagal 19 3
------+Airteagal 20 Socruithe um chomhroinnt faisnéise maidir leis an gcibearshlándáil
---------+Airteagal 20 1
---------+Airteagal 20 2
---------+Airteagal 20 3
---------+Airteagal 20 4
---------+Airteagal 20 5
---------+Airteagal 20 6
------+Airteagal 21 Oibleagáidí tuairiscithe
---------+Airteagal 21 1
---------+Airteagal 21 2
---------+Airteagal 21 3
---------+Airteagal 21 4
---------+Airteagal 21 5
---------+Airteagal 21 6
---------+Airteagal 21 7
---------+Airteagal 21 8
---------+Airteagal 21 9
---------+Airteagal 21 10
------+Airteagal 22 Comhordú agus comhar maidir le freagairt ar theagmhais
---------+Airteagal 22 1
---------+Airteagal 22 2
---------+Airteagal 22 3
---------+Airteagal 22 4
---------+Airteagal 22 5
------+Airteagal 23 Bainistiú ar mhórtheagmhais
---------+Airteagal 23 1
---------+Airteagal 23 2
---------+Airteagal 23 3
---------+Airteagal 23 4
---+CAIBIDIL VI FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 24 Ath-leithdháileadh an bhuiséid tosaigh
------+Airteagal 25 Athbhreithniú
---------+Airteagal 25 1
---------+Airteagal 25 2
---------+Airteagal 25 3
------+Airteagal 26 Teacht i bhfeidhm
|
English -
European Union -
ICT -
Cybersecurity -
RIALACHÁN (AE, Euratom) 2023/2841 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais
RIALACHÁN (AE, Euratom) 2023/2841 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Nollaig 2023
lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 298 de,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1)
,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Sa ré dhigiteach, is bunchloch í an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide do riarachán Eorpach atá oscailte, éifeachtúil agus neamhspleách. De bharr shíorathrú na teicneolaíochta agus castacht agus idirnascthacht mhéadaithe na gcóras digiteach, méadaítear ar na rioscaí cibearshlándála lena bhfágtar go bhfuil eintitis an Aontais níos leochailí i leith cibearbhagairtí agus cibeartheagmhas, rud a chruthaíonn bagairt dá leanúnachas gnó agus dá n-acmhainneacht a sonraí a choinneáil slán. Cé gur príomhghnéithe de gníomhaíochtaí uile eintitis an Aontais is ea an úsáid mhéadaithe a bhaintear as néalseirbhísí, an úsáid uileláithreach a bhaintear as teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), an t-ardleibhéal digitithe, an chianobair agus síorathrú na teicneolaíochta agus na nascachta, níl an athléimneacht dhigiteach leabaithe go leordhóthanach fós.
|
|
(2)
|
Bíonn timpeallacht na gcibearbhagairtí atá roimh eintitis an Aontais ag athrú de shíor. Bíonn na taicticí, na teicnící agus na próisis a úsáideann na gníomhaithe bagartha ag athrú de shíor cé gur beag athrú a thagann ar na príomh-bhunchúiseanna atá leis na hionsaithe sin, ó fhaisnéis neamhnochta luachmhar a ghoid go hairgead a dhéanamh, cúbláil a dhéanamh ar thuairim an phobail nó an bonn a bhaint ón mbonneagar digiteach. Tá an luas ar a ndéanann gníomhaithe bagartha a gcibirionsaithe ag méadú de shíor, agus tá a bhfeachtais ag éirí níos sofaisticiúla agus níos uathoibrithe, lena ndírítear ar raonta ionsaithe nochta atá ag síormhéadú agus lena ndéantar leochaileachtaí a dhúshaothrú go mear.
|
|
(3)
|
Tá timpeallachtaí TFC eintitis an Aontais spleách ar a chéile agus tá sreabha sonraí comhtháite acu agus oibríonn a n-úsáideoirí i ndlúthchomhair le chéile. Ciallaítear leis sin gur féidir le haon suaitheadh, fiú nuair nach mbaineann sé ar dtús ach le heintiteas amháin de chuid an Aontais, éifeachtaí méadaitheacha a bheith aige ar bhonn níos leithne, a bhféadfadh tionchair dhiúltacha fhorleathana agus fhadmharthanacha a bheith acu ar eintitis eile an Aontais. Ina theannta sin, tá timpeallachtaí TFC eintitis áirithe de chuid an Aontais nasctha le timpeallachtaí TFC na mBallstát, agus mar sin, d’fhéadfadh teagmhas in eintiteas de chuid an Aontais a bheith ina riosca cibearshlándála do thimpeallachtaí TFC na mBallstát, agus a mhalairt. Trí fhaisnéis a bhaineann go sonrach le teagmhas a chomhroinnt, d’fhéadfaí brath cibearbhagairtí nó cibeartheagmhas comhchosúil a dhéanann difear do na Ballstáit a éascú.
|
|
(4)
|
Is spriocanna tarraingteacha iad eintitis an Aontais a thugann aghaidh ar ghníomhaithe bagartha a bhfuil ardscileanna agus neart acmhainní acu agus ar bhagairtí eile chomh maith. An tráth céanna, tá éagsúlachtaí móra idir na heintitis sin maidir le leibhéal agus aibíocht na cibear-athléimneachta agus an cumas atá acu cibirghníomhaíochtaí mailíseacha a bhrath agus freagairt orthu. Is gá, dá bhrí sin, le haghaidh fheidhmiú eintitis an Aontais go mbainfidh siad ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála amach trí bhearta cibearshlándála a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rioscaí cibearshlándála, malartú faisnéise agus comhar sainaitheanta.
|
|
(5)
|
Is é is aidhm do Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) feabhas breise a chur ar acmhainneachtaí cibear-athléimneachta agus freagartha ar theagmhais na n-eintiteas poiblí agus príobháideach, na n-údarás inniúil, na gcomhlachtaí inniúla mar aon leis an Aontas ina iomláine. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go ndéanfaidh eintitis an Aontais amhlaidh trí fhoráil a dhéanamh maidir le rialacha atá i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555 agus atá ar aon dul lena leibhéal uaillmhéine.
|
|
(6)
|
Chun ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a bhaint amach, is gá d’eintitis uile an Aontais creat inmheánach bainistíochta rioscaí, rialachais agus rialaithe cibearshlándála (‘an Creat’) a bhunú lena n-áiritheofar bainistíocht éifeachtach stuama ar gach riosca cibearshlándála agus lena gcuirfear bainistíocht leanúnachais gnó agus ghéarchéime san áireamh. Leis an gCreat, ba cheart beartais chibearshlándála a bhunú, lena n-áirítear cuspóirí agus tosaíochtaí, maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise lena gcuimsítear an timpeallacht TFC neamh-rúnaicmithe ina hiomláine. Ba cheart an Creat a bheith bunaithe ar chur chuige uileghuaise, darb aidhm córais gréasán agus faisnéise agus timpeallacht fhisiciúil na gcóras sin a chosaint ar theagmhais amhail goid, dóiteán, tuilte, teipeanna teileachumarsáide nó cumhachta, nó rochtain fhisiciúil neamhúdaraithe ar shaoráidí faisnéise agus próiseála faisnéise eintitis den Aontas agus damáiste do na saoráidí sin agus cur isteach orthu, a d’fhéadfadh cur isteach ar infhaighteacht, ar bharántúlacht, ar shláine nó ar rúndacht sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear, a phróiseáiltear nó a bhfuil rochtain orthu trí chórais gréasán agus faisnéise.
|
|
(7)
|
Chun na rioscaí cibearshlándála a shainaithnítear faoin gCreat a bhainistiú, ba cheart d’eintitis uile an Aontais bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach a ghlacadh. Ba cheart do na bearta sin aghaidh a thabhairt ar na réimsí agus na bearta bainistíochta riosca cibearshlándála dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun cibearshlándáil eintitis uile an Aontais a neartú.
|
|
(8)
|
Ba cheart na sócmhainní agus na rioscaí cibearshlándála arna sainaithint sa Chreat mar aon leis na conclúidí a dhíorthaítear ó mheasúnuithe rialta aibíochta cibearshlándála a léiriú i bplean cibearshlándála a bhunóidh gach eintiteas de chuid an Aontais. Ba cheart na bearta bainistíochta riosca cibearshlándála arna nglacadh a bheith san áireamh sa phlean cibearshlándála.
|
|
(9)
|
Ós rud é gur próiseas leanúnach é an chibearshlándáil a áirithiú, ba cheart oiriúnacht agus éifeachtacht na mbeart arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo a athbhreithniú go rialta i bhfianaise na n-athruithe atá ag teacht ar rioscaí cibearshlándála, sócmhainní agus aibíocht cibearshlándála eintitis an Aontais. Ba cheart an Creat a athbhreithniú ar bhonn rialta agus gach 4 bliana ar a laghad, agus ba cheart an plean cibearshlándála a athbhreithniú gach 2 bhliain nó níos minice ná sin i gcás inar gá, tar éis na measúnuithe aibíochta cibearshlándála nó aon athbhreithniú substaintiúil ar an gCreat.
|
|
(10)
|
Ba cheart a áireamh sna bearta bainistíochta riosca cibearshlándála arna gcur i bhfeidhm ag eintitis an Aontais beartais arb é is aidhm dóibh, i gcás inar féidir, an cód foinseach a dhéanamh trédhearcach, agus coimircí le haghaidh cearta tríú páirtithe nó eintitis an Aontais á gcur san áireamh. Ba cheart na beartais sin a bheith comhréireach leis an riosca cibearshlándála, agus é mar aidhm leo an anailís ar chibearbhagairtí a éascú, ach níor cheart go gcruthófaí leo oibleagáidí maidir le nochtadh ná cearta rochtana ar chód tríú páirtí thar na téarmaí conarthacha is infheidhme.
|
|
(11)
|
Is féidir le huirlisí cibearshlándála foinse oscailte agus feidhmchláir chibearshlándála foinse oscailte rannchuidiú le leibhéal níos airde oscailteachta. Le caighdeáin oscailte, déantar an idir-inoibritheacht idir uirlisí slándála a éascú, rud a théann chun tairbhe do shlándáil geallsealbhóirí. Is féidir le huirlisí cibearshlándála foinse oscailte agus feidhmchláir chibearshlándála foinse oscailte an pobal forbróirí níos leithne a threisiú, rud a chumasaíonn éagsúlú soláthróirí. Is féidir le próiseas níos trédhearcaí chun uirlisí a bhaineann leis an gcibearshlándáil a fhíorú agus le próiseas faoi thionchar an phobail chun leochaileachtaí a aimsiú teacht as foinse oscailte. Dá bhrí sin, ba cheart d’eintitis an Aontais a bheith in ann úsáid bogearraí foinse oscailte agus caighdeán oscailte a chur chun cinn trí bheartais a shaothrú a bhaineann le húsáid sonraí oscailte agus foinse oscailte mar chuid den tslándáil tríd an trédhearcacht.
|
|
(12)
|
De bharr na n-éagsúlachtaí idir eintitis an Aontais, tá gá le solúbthacht maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Maidir leis na bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála dá bhforáiltear sa Rialachán seo, níor cheart aon oibleagáid a áireamh sna bearta sin lena gcuirfear isteach go díreach ar fheidhmiú mhisin eintitis an Aontais nó lena gcúngófar ar a neamhspleáchas institiúideach. Dá bhrí sin, ba cheart do na heintitis sin a gCreataí féin a bhunú agus a mbearta bainistíochta riosca cibearshlándála agus a bpleananna cibearshlándála féin a ghlacadh. Agus bearta den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart aird chuí a thabhairt ar shineirgí atá ann cheana idir eintitis an Aontais, agus é mar aidhm acmhainní a bhainistiú go cuí agus costais a optamú. Ba cheart aird chuí a thabhairt freisin nach gcuireann na bearta isteach ar mhalartú éifeachtúil faisnéise agus ar chomhar idir eintitis an Aontais agus idir eintitis an Aontais agus contrapháirtithe ó na Ballstáit.
|
|
(13)
|
Ar mhaithe le húsáid acmhainní a bharrfheabhsú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir leis an bhféidearthacht go n-oibreoidh dhá eintiteas nó níos mó de chuid an Aontais a bhfuil struchtúir chomhchosúla acu i gcomhar le chéile, agus measúnuithe aibíochta cibearshlándála á ndéanamh acu dá n-eintitis faoi seach.
|
|
(14)
|
Ionas nach gcuirfear ualach airgeadais ná riaracháin díréireach ar eintitis an Aontais, ba cheart na ceanglais bainistíochta riosca cibearshlándála a bheith i gcomhréir leis an riosca cibearshlándála a bhaineann leis an gcóras gréasán agus faisnéise lena mbaineann, agus úrscothacht na mbeart sin á cur san áireamh. Ba cheart d’eintitis uile an Aontais díriú ar chéatadán leordhóthanach dá mbuiséad TFC a leithdháileadh chun feabhas a chur ar a leibhéal cibearshlándála. Go fadtéarmach ba cheart tabhairt faoi sprioc tháscach de thart ar 10 % ar a laghad. Sa mheasúnú aibíochta cibearshlándála, ba cheart meastóireacht a dhéanamh an bhfuil caiteachas eintiteas an Aontais ar chibearshlándáil comhréireach leis na rioscaí cibearshlándála atá roimhe amach. Gan dochar do na rialacha a bhaineann le buiséad bliantúil an Aontais faoi na Conarthaí, ina thogra maidir leis an gcéad bhuiséad bliantúil a ghlacfar tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar riachtanais bhuiséadaithe agus foirne eintitis an Aontais mar thoradh ar a meastacháin ar chaiteachas.
|
|
(15)
|
Chun ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a bhaint amach, ní mór an chibearshlándáil a chur faoi fhormhaoirseacht an leibhéil bainistíochta is airde d’eintitis uile an Aontais. Ba cheart an leibhéal bainistíochta is airde atá ag eintiteas sin an Aontais a bheith freagrach as cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear as an gCreat a bhunú, as na bearta bainistíochta riosca cibearshlándála a dhéanamh agus as an bplean cibearshlándála a fhormheas. Cuid lárnach den Chreat agus de na bearta comhfhreagracha bainistíochta riosca cibearshlándála in eintitis uile an Aontais is ea aghaidh a thabhairt ar an gcultúr cibearshlándála, eadhon cleachtas laethúil na cibearshlándála.
|
|
(16)
|
Tá ríthábhacht le slándáil córas gréasán agus faisnéise a láimhseálann faisnéis rúnaicmithe AE (FRAE). Ceanglaítear ar eintitis an Aontais a láimhseálann FRAE na creataí rialála cuimsitheacha atá ann chun faisnéis den sórt sin a chosaint, lena n-áirítear rialachas, beartais agus nósanna imeachta bainistíochta riosca sonracha, a chur i bhfeidhm. Is gá do chórais gréasán agus faisnéise a láimhseálann FRAE caighdeáin slándála níos déine a chomhlíonadh ná córais gréasán agus faisnéise neamh-rúnaicmithe. Dá bhrí sin, tá córais gréasán agus faisnéise a láimhseálann FRAE níos athléimní i gcoinne cibearbhagairtí agus cibeartheagmhas. Dá réir sin, agus aitheantas á thabhairt don ghá atá le creat coiteann i ndáil leis sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le córais gréasán agus faisnéise a láimhseálann FRAE. Mar sin féin, má iarrann eintiteas de chuid an Aontais go sainráite uirthi é sin a dhéanamh, ba cheart an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) a bheith in ann cúnamh a sholáthar don eintiteas sin de chuid an Aontais i ndáil le teagmhais i dtimpeallachtaí TFC rúnaicmithe.
|
|
(17)
|
Ba cheart d’eintitis an Aontais measúnú a dhéanamh ar rioscaí cibearshlándála a bhaineann leis an gcaidreamh le soláthróirí agus le soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí stórála sonraí agus próiseála sonraí nó seirbhísí slándála bainistithe, agus ba cheart dóibh bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin. Ba cheart sonrú breise a dhéanamh ar na bearta cibearshlándála sna treoirlínte nó sna moltaí arna n-eisiúint ag CERT-EU. Agus bearta agus treoirlínte á mbunú, ba cheart aird chuí a thabhairt ar úrscothacht agus, i gcás inarb infheidhme, caighdeáin ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta, mar aon le dlí agus beartais ábhartha an Aontais, lena n-áirítear measúnuithe riosca cibearshlándála agus moltaí arna n-eisiúint ag an nGrúpa Comhair arna bhunú de bhun Airteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555, amhail measúnú riosca comhordaithe AE ar chibearshlándáil líonraí 5G agus bosca uirlisí an Aontais le haghaidh cibearshlándáil 5G. Ina theannta sin, agus timpeallacht na cibearbhagartha agus an tábhacht a bhaineann leis an gcibear-athléimneacht a fhorbairt d’eintitis an Aontais á gcur san áireamh, d’fhéadfaí táirgí ábhartha TFC, seirbhísí ábhartha TFC agus próisis ábhartha TFC a chur faoi cheangal deimhniúcháin, faoi scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)
.
|
|
(18)
|
I mí na Bealtaine 2011, chinn Ard-Rúnaithe institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais foireann a bhunú chun réamhchumraíocht a dhéanamh ar CERT-EU, arna mhaoirsiú ag Bord Stiúrtha idirinstitiúideach. I mí Iúil 2012, dheimhnigh na hArd-Rúnaithe na socruithe praiticiúla agus thoiligh siad le CERT-EU a choinneáil ina eintiteas buan chun leanúint de chúnamh a thabhairt chun feabhas a chur ar leibhéal foriomlán slándála teicneolaíochta faisnéise institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais mar eiseamláir de chomhar idirinstitiúideach sofheicthe i dtaobh na cibearshlándála. I mí Mheán Fómhair 2012, bunaíodh CERT-EU ina Thascfhórsa de chuid an Choimisiúin, agus sainordú idirinstitiúideach aige. I mí na Nollag 2017, thug institiúidí agus comhlachtaí an Aontais socrú idirinstitiúideach i gcrích maidir le heagrú agus oibriú CERT-EU (4). Leis an Rialachán seo, ba cheart foráil a dhéanamh do shraith chuimsitheach rialacha maidir le heagrú, feidhmiú agus oibriú CERT-EU. Tá forlámhas ag forálacha an Rialacháin seo ar fhorálacha an tsocraithe Idirinstitiúidigh maidir le heagrú agus oibriú CERT-EU a tugadh i gcrích i mí na Nollag 2017.
|
|
(19)
|
Ba cheart CERT-EU a athainmniú mar Sheirbhís Cibearshlándála d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, ach ba cheart di an t-ainm gearr CERT-EU a choinneáil mar gheall ar aitheantas ainm.
|
|
(20)
|
De bhreis ar níos mó cúraimí agus ról leathnaithe a thabhairt do CERT-EU, leis an Rialachán seo, bunaítear an Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB) chun ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a éascú i measc eintitis an Aontais. Ba cheart ról eisiach a bheith ag IICB le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ag eintitis an Aontais, agus tacú leis an gcur chun feidhme sin, agus le haghaidh maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme tosaíochtaí agus cuspóirí ginearálta ag CERT-EU agus le haghaidh stiúradh straitéiseach a sholáthar dó. Dá bhrí sin, ba cheart do IICB ionadaíocht institiúidí an Aontais a áirithiú agus ba cheart ionadaithe ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais trí Líonra Gníomhaireachtaí AE (EUAN) a bheith ar áireamh ann. Ba cheart eagrú agus feidhmiú IICB a rialáil tuilleadh trí rialacha inmheánacha nósanna imeachta lena bhféadfaí sonrú breise ar chruinnithe rialta IICB a áireamh, lena n-áirítear cruinnithe bliantúla den leibhéal polaitiúil ina bhféadfadh ionadaithe ón leibhéal bainistíochta is airde de gach comhalta de IICB plé straitéiseach a thionól do IICB agus treoir straitéiseach a chur ar fáil dó. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh IICB in ann coiste feidhmiúcháin a bhunú chun cabhrú lena chuid oibre agus chun roinnt dá chúraimí agus dá chumhachtaí a tharmligean chuige, go háirithe maidir le cúraimí lena n-éilítear saineolas sonrach a chomhaltaí, mar shampla an chatalóg seirbhíse, agus aon nuashonrú a dhéanfar air ina dhiaidh sin, a fhormheas, socruithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse, measúnuithe ar dhoiciméid agus tuarascálacha arna dtíolacadh ag eintitis an Aontais chuig IICB de bhun an Rialacháin seo nó cúraimí a bhaineann le cinntí a ullmhú maidir le bearta comhlíonta arna n-eisiúint ag IICB agus maidir le faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. Ba cheart don Bhord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil rialacha nós imeachta an choiste feidhmiúcháin a leagan síos, lena n-áirítear a chúraimí agus a chumhachtaí.
|
|
(21)
|
Tá sé d’aidhm ag IICB tacú le heintitis an Aontais a seasaimh chibearshlándála faoi seach a thabhairt chun tosaigh tríd an Rialachán seo a chur chun feidhme. Chun tacú le heintitis an Aontais, ba cheart do IICB treoir a thabhairt do Cheann CERT-EU, straitéis ilbhliantúil a ghlacadh maidir leis an leibhéal cibearshlándála in eintitis an Aontais a ardú, an mhodheolaíocht agus gnéithe eile d’athbhreithnithe deonacha piaraí a bhunú, agus bunú grúpa neamhfhoirmiúil oifigeach cibearshlándála áitiúil a éascú, le tacaíocht ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), d’fhonn dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
|
|
(22)
|
Chun ardleibhéal cibearshlándála a bhaint amach in eintitis uile an Aontais, ba cheart do thriúr ionadaithe arna n-ainmniú ag EUAN ionadaíocht a dhéanamh ar IICB ar leasanna na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil a dtimpeallacht TFC féin á bainistiú acu. Is bunchloch den chosaint sonraí í slándáil na próiseála sonraí pearsanta, agus, dá bhrí sin, cibearshlándáil na próiseála sin. I bhfianaise na sineirgí idir cosaint sonraí agus cibearshlándáil, ba cheart ionadaíocht a bheith ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar IICB ina cháil mar eintiteas de chuid an Aontais atá faoi réir an Rialacháin seo, ag a bhfuil saineolas sonrach i réimse na cosanta sonraí, lena n-áirítear slándáil líonraí cumarsáide leictreonaí. I bhfianaise a thábhachtaí atá nuálaíocht agus iomaíochas sa chibearshlándáil, ba cheart go mbeadh ionadaíocht ag an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála ar IICB. I bhfianaise ról ENISA mar lárionad saineolais sa chibearshlándáil, agus na tacaíochta a chuireann ENISA ar fáil, agus i bhfianaise thábhacht chibearshlándáil bhonneagar agus sheirbhísí spáis an Aontais, ba cheart go mbeadh ionadaíocht ag ENISA agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis ar IICB. I bhfianaise an róil a shanntar do CERT-EU faoin Rialachán seo, ba cheart do Chathaoirleach IICB cuireadh a thabhairt do Cheann CERT-EU freastal ar chruinnithe uile IICB, ach amháin nuair a phléann IICB ábhair a bhaineann go díreach le Ceann CERT-EU.
|
|
(23)
|
Ba cheart do IICB faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus ar chur chun feidhme na dtreoirlínte agus na moltaí, agus na nglaonna ar ghníomhaíocht. Ba cheart do ghrúpaí comhairleacha teicniúla, grúpaí a chinnfidh IICB a mballraíocht, tacú le IICB maidir le cúrsaí teicniúla. Ba cheart do na grúpaí comhairleacha teicniúla oibriú i ndlúthchomhar le CERT-EU, le heintitis an Aontais agus le páirtithe leasmhara eile de réir mar is gá.
|
|
(24)
|
I gcás ina bhfionnann IICB nach bhfuil an Rialachán seo, ná na treoirlínte, na moltaí ná na glaonna ar ghníomhaíocht arna n-eisiúint dá bhun curtha chun feidhme go héifeachtach ag eintiteas de chuid an Aontais, ba cheart go mbeadh IICB in ann, gan dochar do nósanna imeachta inmheánacha eintiteas an Aontais lena mbaineann, dul ar aghaidh le bearta comhlíontachta. Ba cheart do IICB bearta comhlíonta a chur i bhfeidhm de réir a chéile, is é sin le rá, ba cheart do IICB an beart is lú déine, eadhon tuairim réasúnaithe, a ghlacadh ar dtús, agus níor cheart bearta níos déine a ghlacadh ina dhiaidh sin ach amháin i gcás inar gá sin,, agus, ar deireadh, an beart is déine, eadhon moladh go gcuirfí sreabha sonraí chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann ar fionraí go sealadach. Níor cheart moladh den sórt sin a chur i bhfeidhm ach amháin i gcásanna eisceachtúla de sháruithe fadtéarmacha, d’aon ghnó, atriallacha nó tromchúiseacha ar an Rialachán seo ag eintiteas an Aontais lena mbaineann.
|
|
(25)
|
Is ionann an tuairim réasúnaithe agus an beart comhlíontachta is lú déine lena dtugtar aghaidh ar bhearnaí i gcur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart do IICB a bheith in ann obair leantach a dhéanamh ar thuairim réasúnaithe le treoir chun cabhrú le heintiteas an Aontais a áirithiú go gcomhlíonann a Chreat, a bhearta bainistíochta riosca cibearshlándála, a phlean cibearshlándála agus a thuairisciú an Rialachán seo, agus ansin trí rabhadh a thabhairt maidir le haghaidh a thabhairt ar easnaimh shainaitheanta eintiteas an Aontais laistigh de thréimhse shonraithe. Mura dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar na heasnaimh a shainaithnítear sa rabhadh, ba cheart go mbeadh IICB in ann fógra réasúnaithe a eisiúint.
|
|
(26)
|
Ba cheart go mbeadh IICB in ann a mholadh go ndéanfaí iniúchóireacht ar eintiteas de chuid an Aontais. Ba cheart eintiteas sin an Aontais a bheith in ann a fheidhm iniúchóireachta inmheánaí a úsáid chun na críche sin. Ba cheart go mbeadh IICB in ann a iarraidh freisin go ndéanfadh seirbhís iniúchóireachta tríú páirtí iniúchadh, lena n-áirítear ó sholáthraí seirbhíse earnála príobháidí arna chomhaontú go frithpháirteach.
|
|
(27)
|
I gcásanna eisceachtúla ina ndéanann eintiteas de chuid an Aontais sárú fadtéarmach, toiliúil, atriallach agus/nó tromchúiseach ar an Rialachán seo, ba cheart go mbeadh IICB in ann a mholadh do na Ballstáit uile agus d’eintitis uile an Aontais, mar rogha dheireanach, go gcuirfí ar fionraí go sealadach sreabha sonraí chuig eintiteas sin an Aontais, a bheadh éifeachtach go dtí go mbeidh an sárú curtha i gcrích ag an eintiteas. Ba cheart moladh den sórt sin a chur in iúl trí bhealaí cumarsáide atá iomchuí agus slán.
|
|
(28)
|
Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme i gceart, ba cheart do IICB, má mheasann sé gur tharla sárú leanúnach ar an Rialachán seo ag eintiteas de chuid an Aontais go díreach mar gheall ar ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhartha duine dá fhoireann, lena n-áirítear ar an leibhéal bainistíochta is airde, a iarraidh ar eintiteas an Aontais lena mbaineann gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear a iarraidh air gníomhaíocht de chineál araíonachta a dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (5) (‘na Rialacháin Foirne’) agus le haon rialacha agus nósanna imeachta eile is infheidhme.
|
|
(29)
|
Ba cheart do CERT-EU rannchuidiú le slándáil timpeallachta TFC eintitis uile an Aontais. Agus breithniú á dhéanamh aige ar cheart nó nár cheart comhairle theicniúil nó ionchur teicniúil a sholáthar maidir le cúrsaí beartais ábhartha arna iarraidh sin d’eintiteas de chuid an Aontais, ba cheart do CERT-EU a áirithiú nach mbeidh sé sin ina bhac ar na cúraimí eile a thugtar dó de bhun an Rialacháin seo a chur i gcrích. Ba cheart do CERT-EU gníomhú thar ceann eintitis an Aontais mar chomhionann an chomhordaitheora arna ainmniú chun críocha nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí de bhun Airteagal 12(1) 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555.
|
|
(30)
|
Ba cheart do CERT-EU tacú le bearta a chur chun feidhme le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála trí thograí i gcomhair treoirlínte agus moltaí a chur faoi bhráid IICB nó trí ghlaonna ar ghníomhaíocht a eisiúint. Ba cheart do IICB na treoirlínte agus na moltaí sin a fhormheas. Nuair is gá, ba cheart do CERT-EU glaonna ar ghníomhaíocht a eisiúint lena dtabharfar tuairisc ar bhearta slándála práinneacha a dtathantófar ar eintitis an Aontais iad a chur i gcrích laistigh de thréimhse shocraithe. Ba cheart do IICB treoir a thabhairt do CERT-EU togra le haghaidh treoirlínte nó moladh, nó glao ar ghníomhaíocht, a eisiúint, a tharraingt siar nó a mhodhnú.
|
|
(31)
|
Ba cheart do CERT-EU freisin an ról a chomhlíonadh a thugtar dó le Treoir (AE) 2022/2555 a bhaineann le comhar agus malartú faisnéise le líonra na bhfoirne freagartha ar theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí (CSIRTanna) a bunaíodh de bhun Airteagal 15 den Treoir sin. Thairis sin, i gcomhréir le Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún (6), ba cheart do CERT-EU oibriú i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir le freagairt agus comhordú leo ina taobh. Chun rannchuidiú le hardleibhéal cibearshlándála ar fud an Aontais, ba cheart do CERT-EU faisnéis teagmhas-sonrach a chomhroinnt le contrapháirtithe ó na Ballstáit. Ba cheart do CERT-EU oibriú i gcomhar le comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha eile freisin, lena n-áirítear Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, faoi réir formheas a fháil roimh ré ó IICB.
|
|
(32)
|
Agus é ag tacú le cibearshlándáil oibríochtúil, ba cheart do CERT-EU úsáid a bhaint as an saineolas atá ar fáil ó ENISA trí chomhar struchtúrtha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/881. I gcás inarb iomchuí sin, ba cheart socruithe tiomnaithe a leagan síos idir an dá eintiteas chun cur chun feidhme praiticiúil an chomhair sin a shainiú agus an dúbailt gníomhaíochtaí a sheachaint. Ba cheart do CERT-EU oibriú i gcomhar le ENISA i dtaobh anailísiú ar chibearbhagairtí agus a thuarascáil maidir le timpeallacht na mbagairtí a chomhroinnt le ENISA go tráthrialta.
|
|
(33)
|
Ba cheart CERT-EU a bheith in ann oibriú i gcomhar leis na pobail ábhartha chibearshlándála laistigh den Aontas agus dá Bhallstáit agus faisnéis a mhalartú leo chun comhar oibríochtúil a chothú agus chun cur ar chumas na líonraí atá ann cheana barr a gcumais a bhaint amach maidir leis an Aontas a chosaint.
|
|
(34)
|
Ós rud é gur ar mhaithe le heintitis an Aontais iad seirbhísí agus cúraimí CERT-EU, ba cheart d’eintiteas uile an Aontais a chaitheann airgead ar TFC cion cothrom a ranníoc i leith na seirbhísí agus cúraimí sin. Tá na ranníocaíochtaí sin gan dochar do neamhspleáchas buiséadach eintitis an Aontais.
|
|
(35)
|
I gcás go leor cibearionsaithe, is codanna iad d’fheachtais níos leithne atá dírithe ar ghrúpaí d’eintitis an Aontais nó ar phobail leasmhara lena gcuimsítear eintitis an Aontais. Chun brath réamhghníomhach, freagairt ar theagmhais nó bearta maolaitheacha agus téarnamh ó theagmhais a chumasú, ba cheart d’eintitis an Aontais a bheith in ann fógra a thabhairt do CERT-EU faoi theagmhais, cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus neasteagmhais, agus mionsonraí teicniúla iomchuí a chomhroinnt lena gcumasófar teagmhais chomhchosúla, cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus neasteagmhais in eintitis eile de chuid an Aontais a bhrath nó a mhaolú, agus freagairt orthu chomh maith. I gcomhréir leis an gcur chuige céanna i dTreoir (AE) 2022/2555, ba cheart a bheith de cheangal ar eintitis de chuid an Aontais luathrabhadh a thabhairt do CERT-EU laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh teacht ar an eolas faoi theagmhas suntasach. Leis an malartú faisnéise sin, ba cheart go gcuirfí ar a chumas do CERT-EU an fhaisnéis a scaipeadh chuig eintitis eile an Aontais, agus chuig contrapháirtithe iomchuí chomh maith, chun cuidiú le timpeallachtaí TFC eintitis an Aontais agus timpeallachtaí TFC chontrapháirtithe eintitis an Aontais a chosaint in aghaidh teagmhais dá samhail.
|
|
(36)
|
Leagtar síos leis an Rialachán seo cur chuige ilchéimneach i leith teagmhais shuntasacha a thuairisciú chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach, ar thaobh amháin, idir tuairisciú mear a chabhraíonn le leathadh féideartha teagmhas suntasacha a mhaolú agus a lamhálann d’eintitis an Aontais cúnamh a lorg, agus, ar an taobh eile, do thuairisciú cuimsitheach lena mbaintear ceachtanna luachmhara as teagmhais aonair agus a fheabhsaíonn le himeacht ama cibear-athléimneacht eintitis aonair an Aontais agus a rannchuidíonn lena seasamh cibearshlándála foriomlán a mhéadú. I ndáil leis sin, ba cheart a áireamh sa Rialachán seo tuairisciú teagmhas a d’fhéadfadh, ar bhonn measúnú tosaigh arna dhéanamh ag eintiteas an Aontais lena mbaineann, mórshuaitheadh oibríochtúil d’fheidhmiú eintiteas an Aontais lena mbaineann nó caillteanas airgeadais don eintiteas sin a chruthú, nó difear a dhéanamh do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile trí dhamáiste suntasach ábhartha nó neamhábhartha a dhéanamh. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú tosaigh sin, inter alia, na córais gréasán agus faisnéise a ndéantar difear dóibh, go háirithe a thábhachtaí atá siad d’fheidhmiú eintiteas an Aontais, déine agus saintréithe teicniúla cibearbhagartha agus aon leochaileachtaí bunúsacha atá á saothrú chomh maith le taithí eintiteas an Aontais ar theagmhais dá samhail. Chun a shainaithint an bhfuil an suaitheadh oibríochtúil tromchúiseach, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag táscairí amhail a mhéid a dhéantar difear d’fheidhmiú eintiteas an Aontais, ré an teagmhais nó líon na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha a ndéantar difear dóibh.
|
|
(37)
|
Ós rud é gurb idirnasctha iad bonneagar agus córais gréasán agus faisnéise eintiteas an Aontais lena mbaineann agus an Bhallstáit ina bhfuil eintiteas sin an Aontais lonnaithe, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear an Ballstát sin ar an eolas gan moill mhíchuí faoi theagmhas suntasach laistigh d’eintiteas sin an Aontais. Chuige sin, ba cheart don eintiteas de chuid an Aontais dá ndéantar difear aon chontrapháirtí ábhartha de chuid na mBallstát arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagail 8 agus 10 de Threoir (AE) 2022/2555 a chur ar an eolas faoi theagmhas suntasach a bhfuil sé ag tuairisciú do CERT-EU ina leith. I gcás ina bhfaigheann CERT-EU amach faoi theagmhas suntasach laistigh de Bhallstát, ba cheart dó fógra a thabhairt d’aon chontrapháirtí ábhartha atá sa Bhallstáit sin.
|
|
(38)
|
Ba cheart sásra a chur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfaidh eintitis an Aontais faisnéis a mhalartú go héifeachtach, agus go mbeidh comhordú agus comhar éifeachtach idir na heintitis sin, i gcás mórtheagmhas, lena n-áirítear sainaithint shoiléir ar róil agus ar fhreagrachtaí eintitis an Aontais lena mbaineann. Ba cheart ionadaí an Choimisiúin ar IICB, faoi réir an phlean bainistíochta cibir-ghéarchéime, a bheith ina phointe teagmhála chun éascú a dhéanamh ar chomhroinnt faisnéise ábhartha ag IICB maidir le mórtheagmhais leis an Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe), mar rannchuidiú leis an bhfeasacht staide chomhroinnte. Ba cheart ról ionadaí an Choimisiúin ar IICB mar an pointe teagmhála a bheith gan dochar do ról leithleach agus éagsúil an Choimisiúin in EU-CyCLONe de bhun Airteagal 16(2) de Threoir (AE) 2022/2555.
|
|
(39)
|
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo. D’fhéadfaí sonraí pearsanta a phróiseáil i ndáil le bearta arna nglacadh a bhaineann le bainistíocht riosca cibearshlándála, leochaileacht agus láimhseáil teagmhas, comhroinnt faisnéise faoi theagmhais, cibearbhagairtí agus leochaileachtaí, agus comhordú agus comhar maidir le freagairt ar theagmhais. D’fhéadfadh sé go n-éileodh bearta den sórt sin go ndéanfaí catagóirí áirithe sonraí pearsanta a phróiseáil, amhail seoltaí IP, aimsitheoirí aonfhoirmeacha acmhainní (URLanna), ainmneacha fearainn, seoltaí ríomhphoist, róil eagraíochtúla an ábhair sonraí, stampaí ama, ábhair ríomhphoist nó ainmneacha comhad. Ba cheart gach beart a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo a bheith i gcomhréir leis an gcreat cosanta sonraí agus príobháideachais, agus ba cheart d’eintitis an Aontais, CERT-EU agus, i gcás inarb ábhartha, IICB, na coimircí teicniúla agus eagraíochtúla uile is ábhartha a dhéanamh chun an comhlíonadh sin a áirithiú ar bhealach cuntasach.
|
|
(40)
|
Bunaítear leis an Rialachán seo an bunús dlí le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta ag eintitis an Aontais, CERT-EU agus, i gcás inarb ábhartha, IICB, chun críche a gcúraimí a dhéanamh agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2018/1725. Féadfaidh CERT-EU gníomhú mar phróiseálaí nó mar rialaitheoir ag brath ar an gcúram a dhéanann sé de bhun Rialachán (AE) 2018/1725.
|
|
(41)
|
I gcásanna áirithe, chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh chun ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú agus go háirithe i gcomhthéacs leochaileachta agus láimhseála teagmhas, d’fhéadfadh sé gur ghá d’eintitis an Aontais agus CERT-EU catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725. Bunaítear leis an Rialachán seo an bunús dlí le haghaidh próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta ag eintitis an Aontais agus CERT-EU i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2018/1725. Ba cheart go mbeadh próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoin Rialachán seo i gcomhréir go docht leis an aidhm atá á saothrú. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(2), pointe (g), den Rialachán sin, níor cheart eintitis an Aontais agus CERT-EU a bheith in ann na sonraí sin a phróiseáil ach amháin a mhéid is gá agus i gcás ina bhforáiltear dó sin go sainráite sa Rialachán seo. Agus catagóirí speisialta sonraí pearsanta á bpróiseáil, ba cheart d’eintitis an Aontais agus CERT-EU éirim an chirt maidir le cosaint sonraí a urramú agus foráil a dhéanamh maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna na n-ábhar sonraí a choimirciú.
|
|
(42)
|
De bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart d’eintitis an Aontais agus CERT-EU, agus aird á tabhairt acu ar an úrscothacht, ar na costais a bhaineann leis an gcur chun feidhme agus ar chineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad lena ngabhann dóchúlacht agus déine éagsúil, bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun leibhéal iomchuí slándála sonraí pearsanta a áirithiú, amhail cearta rochtana srianta a sholáthar ar bhonn riachtanais eolais, cur i bhfeidhm phrionsabail an rian iniúchta, glacadh na líne chúraim, stóráil sonraí ar fos i dtimpeallacht rialaithe agus in-iniúchta, nósanna imeachta oibríochtúla caighdeánaithe agus bearta um chaomhnú príobháideachais amhail bréagainmniú nó criptiú. Níor cheart na bearta sin a chur chun feidhme ar bhealach a dhéanfaidh difear do chríocha láimhseála teagmhas nó do shláine na fianaise. I gcás ina n-aistríonn eintiteas de chuid an Aontais nó CERT-EU sonraí pearsanta a bhaineann le teagmhas, lena n-áirítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta, chuig contrapháirtí nó chuig comhpháirtí chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go gcomhlíonfadh aistrithe den sórt sin Rialachán (AE) 2018/1725. I gcás ina n-aistrítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta chuig tríú páirtí, ba cheart d’eintitis an Aontais agus CERT-EU a áirithiú go gcuireann an tríú páirtí bearta maidir le cosaint sonraí pearsanta i bhfeidhm ar leibhéal atá coibhéiseach le Rialachán (AE) 2018/1725.
|
|
(43)
|
Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críocha an Rialacháin seo a choinneáil ach amháin a fhad is gá i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. Ba cheart d’eintitis an Aontais agus, i gcás inarb infheidhme, CERT-EU, agus é ag gníomhú mar rialaitheoir, tréimhsí coinneála a shocrú atá teoranta don mhéid is gá chun na críocha sonraithe a bhaint amach. Go háirithe i ndáil le sonraí pearsanta arna mbailiú chun teagmhais a láimhseáil, ba cheart d’eintitis an Aontais agus CERT-EU idirdhealú a dhéanamh idir sonraí pearsanta a bhailítear chun cibearbhagairt a bhrath ina dtimpeallachtaí TFC chun teagmhas agus sonraí pearsanta a bhailítear chun teagmhas a mhaolú, freagairt air agus téarnamh uaidh a chosc. Chun cibearbhagairt a bhrath, tá sé tábhachtach go gcuirtear san áireamh an tréimhse ama ar féidir le gníomhaí bagartha a bheith gan bhrath i gcóras. Chun teagmhas a mhaolú, freagairt air agus téarnamh uaidh, tá sé tábhachtach a mheas an bhfuil gá leis na sonraí pearsanta chun teagmhas athfhillteach nó teagmhas den chineál céanna a bhféadfaí comhghaolú a léiriú ina leith a rianú agus a láimhseáil.
|
|
(44)
|
Maidir le láimhseáil faisnéise ag eintitis an Aontais agus ag CERT-EU, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le slándáil faisnéise. Ba cheart go gcomhlíonfadh cuimsiú slándála acmhainní daonna mar bheart bainistíochta riosca cibearshlándála na rialacha is infheidhme freisin.
|
|
(45)
|
Chun críche faisnéis a chomhroinnt, úsáidtear marcálacha infheicthe chun a léiriú go gcuirfidh faighteoirí na faisnéise teorainneacha comhroinnte i bhfeidhm ar bhonn, go háirithe, comhaontuithe neamhnochta, nó comhaontuithe neamhnochta neamhfhoirmiúla amhail an prótacal soilse tráchta nó léirithe soiléire eile ón bhfoinse. Tá an prótacal soilse tráchta le tuiscint mar bhealach chun faisnéis a sholáthar faoi aon teorainneacha i ndáil le faisnéis a scaipeadh a thuilleadh. Úsáidtear é i mbeagnach gach CSIRT agus i roinnt ionaid anailíse agus comhroinnte faisnéise.
|
|
(46)
|
Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn rialta i bhfianaise na caibidlíochta a bheidh ann amach anseo maidir le creataí airgeadais ilbhliantúla, lena lamhálfaí do thuilleadh cinntí a dhéanamh maidir le feidhmiú agus ról institiúideach CERT-EU, lena n-áirítear an fhéidearthacht CERT-EU a bhunú mar oifig de chuid an Aontais.
|
|
(47)
|
Ba cheart do IICB, le cúnamh ó CERT-EU, athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ba cheart dó a thorthaí a thuairisciú don Choimisiúin. Ag cur leis an ionchur sin, ba cheart don Choimisiún tuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Leis an tuarascáil sin, le hionchur IICB, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar a iomchuí atá sé córais gréasán agus faisnéise lena láimhseáiltear FRAE a áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, go háirithe in éagmais rialacha slándála faisnéise is coiteann d’eintitis an Aontais.
|
|
(48)
|
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí go leagfar síos rialacha maidir leis an gcibearshlándáil le haghaidh eintitis an Aontais chun an bunchuspóir, is é sin ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála laistigh d’eintitis an Aontais, a ghnóthú. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
|
|
(49)
|
Léiríonn an Rialachán seo go bhfuil difear idir eintitis an Aontais ó thaobh méide agus acmhainneachta de, lena n-áirítear i dtaca le hacmhainní airgeadais agus daonna.
|
|
(50)
|
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 17 Bealtaine 2022 (8),
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Nollaig 2023.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NAVARRO RÍOS
|
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
|
CAIBIDIL II BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA
|
CAIBIDIL II BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA
|
|
CAIBIDIL III AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL
|
CAIBIDIL III AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL
|
|
CAIBIDIL IV CERT-EU
|
CAIBIDIL IV CERT-EU
|
|
CAIBIDIL V OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU
|
CAIBIDIL V OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU
|
|
CAIBIDIL VI FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
CAIBIDIL VI FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|