+RIALACHÁN (AE) 2021/101 ÓN gCOMHAIRLE an 25 Eanáir 2021 lena mbunaítear an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do ghléasra cumhachta núicléiche Ignalina sa Liotuáin agus lena n - aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013
---+Preamble: 1
---+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
------+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
---------+Airteagal 1 1
---------+Airteagal 1 2
------+Airteagal 2 Sainmhínithe
---------+Airteagal 2 (1)
---------+Airteagal 2 (2)
------+Airteagal 3 Cuspóirí an Chláir
---------+Airteagal 3 1
---------+Airteagal 3 2
---------+Airteagal 3 3
------+Airteagal 4 Buiséad an Chláir
---------+Airteagal 4 1
---------+Airteagal 4 2
---------+Airteagal 4 3
------+Airteagal 5 Scaipeadh eolais
---------+Airteagal 5 1
---------+Airteagal 5 2
---------+Airteagal 5 3
------+Airteagal 6 Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas
---------+Airteagal 6 1
---------+Airteagal 6 2
---+CAIBIDIL II INCHÁILITHEACHT
------+Airteagal 7 Gníomhaíochtaí incháilithe
------+Airteagal 8 Rátaí cómhaoinithe
---+CAIBIDIL III CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ
------+Airteagal 9 Clár oibre
---------+Airteagal 9 1
---------+Airteagal 9 2
---------+Airteagal 9 3
------+Airteagal 10 Tuairisciú agus faireachán
---------+Airteagal 10 1
---------+Airteagal 10 2
---------+Airteagal 10 3
------+Airteagal 11 Meastóireacht
---------+Airteagal 11 1
---------+Airteagal 11 2
---------+Airteagal 11 3
---------+Airteagal 11 4
------+Airteagal 12 Iniúchtaí
------+Airteagal 13 An Coiste
---------+Airteagal 13 1
---------+Airteagal 13 2
---+CAIBIDIL IV FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 14 Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
---------+Airteagal 14 1
---------+Airteagal 14 2
---------+Airteagal 14 3
------+Airteagal 15 Aisghairm
------+Airteagal 16 Forálacha idirthréimhseacha
---------+Airteagal 16 1
---------+Airteagal 16 2
---------+Airteagal 16 3
------+Airteagal 17 Teacht i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN I
------+1. Is é cuspóir ginearálta an Chláir cuidiú leis an Liotuáin díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta …
------+2. Sa tréimhse mhaoiniúcháin dar tús 2021, beidh an clár ina chúnamh do na gníomhaíochtaí seo a …
------+3. Le plean díchoimisiúnúcháin Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina bunaíodh struchtúr …
------+4. Téitear i ngleic leis na príomhdhúshláin sábháilteachta sa tréimhse maoiniúcháin ón 1 Eanáir …
------+5. Dá réir sin, agus an clár oibre ilbhliantúil á ullmhú aige, breithneoidh an Coimisiún, i …
------+6. Scaipfear eolas agus taithí a fuarthas agus ceachtanna a foghlaimíodh faoin gClár maidir leis an …
------+7. Tá diúscairt breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí i stór geolaíoch domhain agus an …
---+IARSCRÍBHINN II
|
English -
European Union -
Energy -
Environment -
RIALACHÁN (AE) 2021/101 ÓN gCOMHAIRLE an 25 Eanáir 2021 lena mbunaítear an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do ghléasra cumhachta núicléiche Ignalina sa Liotuáin agus lena n - aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013
RIALACHÁN (AE) 2021/101 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Eanáir 2021
lena mbunaítear an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do ghléasra cumhachta núicléiche Ignalina sa Liotuáin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais 2003, agus go háirithe Airteagal 56 de agus Airteagal 3 de Phrótacal Uimh. 4 atá i gceangal léi,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
I gcomhréir le Prótacal Uimh. 4 maidir le gléasra cumhachta núicléiche Ignalina sa Liotuáin (1) (“Prótacal Uimh. 4”) atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus le hoiriúnaithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe (2) (“Ionstraim Aontachais”), gheall an Liotuáin go ndúnfadh sí aonaid 1 agus 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina faoin 31 Nollaig 2004 agus faoin 31 Nollaig 2009 faoi seach, agus, dá dhroim sin, go ndéanfadh sí na haonaid sin a dhíchoimisiúnú.
|
|
(2)
|
I gcomhréir lena hoibleagáidí faoin Ionstraim Aontachais agus le cúnamh ón Aontas, dhún an Liotuáin an dá aonad laistigh de na spriocdhátaí faoi seach agus rinne sí dul chun cinn suntasach i dtreo a ndíchoimisiúnaithe. Tá gá le tuilleadh oibre chun leanúint de leibhéal na guaise raideolaíche a laghdú. Bunaithe ar na meastacháin atá ar fáil, tá acmhainní airgeadais breise de dhíth chun na críche sin tar éis 2020.
|
|
(3)
|
Ba cheart do na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh. Ba cheart díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sábháilteacht núicléach, eadhon Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle (3), agus maidir le bainistiú dramhaíola, eadhon Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle (4). De bhun Airteagail 4(1) agus 7(1) de Threoir 2011/70/Euratom, is ar na Ballstáit anois agus feasta an fhreagracht deiridh maidir le bainistiú sábháilte an bhreosla spíonta agus na dramhaíola radaighníomhaí a ghintear.
|
|
(4)
|
Maidir le dúnadh Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina roimh am agus an díchoimisiúnú a rinneadh air ina dhiaidh sin, gléasra ina raibh dhá aonad imoibreora de chineál 1 500 MW RBMK a fuarthas le huacht ón Aontas Sóivéadach, ní fhacthas a leithéid riamh agus ba ionann é agus ualach eisceachtúil airgeadais ar an Liotuáin nach raibh i gcomhréir le méid agus neart eacnamaíoch na tíre. Luaitear i bPrótacal Uimh. 4 go bhfuiltear le leanúint gan bhriseadh den chúnamh airgeadais ón Aontas mar thaca le hiarrachtaí na Liotuáine chun Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíchoimisiúnú agus dul i ngleic le hiarmhairtí Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhúnadh agus a dhíchoimisiúnú agus le síneadh a chur leis tar éis 2006 ar feadh thréimhse na gcéad Peirspictíochtaí Airgeadais eile.
|
|
(5)
|
Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán an chláir cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina sa Liotuáin (an “Clár”) arb é atá le bheith ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (5), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.
|
|
(6)
|
Ba cheart an Clár a bhunú ar feadh tréimhse 7 mbliana chun a fhad a ailíniú le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (6).
|
|
(7)
|
Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (“Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht le saineolaithe seachtracha.
|
|
(8)
|
I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (9), (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 (10) agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle (11), táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.
Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas chun comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.
|
|
(9)
|
Ní dhéanann an Rialachán seo dochar do thoradh aon nósanna imeachta maidir le Státchabhair a d’fhéadfaí a chur ar bun amach anseo i gcomhréir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”).
|
|
(10)
|
Ba cheart don mhaoiniú a dhéantar de bhun an Rialacháin seo díriú ar ghníomhaíochtaí lena gcuirtear cuspóirí sábháilteachta an díchoimisiúnaithe chun feidhme.
|
|
(11)
|
Ba cheart táirgeadh eolais agus comhroinnt taithí a bheith i gceist leis an gClár freisin. Ba cheart an t-eolas agus an taithí a fhaightear faoin gClár agus na ceachtanna a fhoghlaimítear faoi a mhéid a bhaineann leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin núicléigh a scaipeadh san Aontas, i gcomhordú agus i sineirge le cláir ábhartha eile an Aontais i ndáil le gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin sa Bhulgáir, sa tSlóvaic agus ag suiteálacha núicléacha an Choimisiúin ag suíomhanna an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) toisc go mbaineann an breisluach AE is mó leis na bearta sin agus go gcuirtear le sábháilteacht na n-oibrithe agus an phobail i gcoitinne chomh maith le cosaint an chomhshaoil. Ba cheart raon feidhme, nós imeachta agus gnéithe eacnamaíocha an chomhair a shonrú sa chlár oibre ilbhliantúil agus d’fhéadfadh siad, ina theannta sin, a bheith faoi réir comhaontuithe idir na Ballstáit agus/nó leis an gCoimisiún.
|
|
(12)
|
Ba cheart do JRC scaipeadh eolais a éascú i measc geallsealbhóirí éagsúla an Aontais ar bhealach comhordaithe mar shampla trí anailís mhargaidh, athbhreithnithe agus measúnuithe a dhéanamh ar riachtanais eolais san Aontas, treoracha féideartha le haghaidh comhair a shainaithint, mar aon le geallsealbhóirí leasmhara agus réimsí a mbeadh an breisluach is mó ag gabháil leo de bharr an eolais a tháirgtear i gcur chun feidhme an Chláir, lena bhforbrófaí formáidí le haghaidh comhroinnt eolais. Ba cheart do JRC scaipeadh an eolais a tháirgtear a mhaoiniú. Ba cheart é a bheith de chumas ag aon Bhallstát, ar a thionscnamh féin, naisc agus malartuithe a chruthú ar mhaithe le heolas a scaipeadh.
|
|
(13)
|
Ba cheart Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíchoimisiúnú agus leas á bhaint as an saineolas teicniúil is fearr atá ar fáil, agus aird chuí á tabhairt ar chineál agus ar shonraíochtaí teicneolaíocha na suiteálacha atá le díchoimisiúnú, chun sábháilteacht agus an éifeachtúlacht is fearr is féidir a áirithiú, agus, ar an gcaoi sin, na cleachtais idirnáisiúnta is fearr a chur san áireamh.
|
|
(14)
|
Ba cheart don Liotuáin agus don Choimisiún faireachán agus rialú éifeachtach ar éabhlóid an phróisis díchoimisiúnúcháin a áirithiú chun an breisluach AE is airde a áirithiú maidir leis an gcistiú arna leithdháileadh faoin Rialachán seo, cé gur ar an Liotuáin atá an fhreagracht deiridh maidir leis an díchoimisiúnú. áirítear an dul chun cinn agus an fheidhmíocht a thomhas go héifeachtach, agus bearta ceartaitheacha a achtú i gcás inar gá, a chuimsiú leis sin. Chuige sin, ba cheart coiste a bhunú a mbeadh feidhmeanna faireacháin agus faisnéise aige agus ba cheart ionadaí ón gCoimisiún agus ón Liotuáin a bheith ina gcomhchathaoirligh air.
|
|
(15)
|
De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha agus ualaí riaracháin agus ró-rialáil, go háirithe ar na Ballstáit, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh.
|
|
(16)
|
Ba cheart é a bheith indéanta méid na leithreasuithe arna leithdháileadh ar an gClár chomh maith leis an gclárthréimhse a athbhreithniú ar bhonn thorthaí na tuarascála meastóireachtaeatramhaí.
|
|
(17)
|
Ba cheart gníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú faoin Rialachán seo a shainaithint laistigh de na teorainneacha a shainítear leis an bplean díchoimisiúnúcháin arna thíolacadh ag an Liotuáin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 (14). Sa phlean sin, sainítear raon feidhme an chláir, chomh maith le staid deiridh agus dáta deiridh an díchoimisiúnúcháin. Cumhdaítear ann freisin na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin, an sceideal gaolmhar a ghabhann leo, na costais agus na hacmhainní daonna is gá. Nuair is ábhartha, ba cheart don Liotuáin leaganacha nuashonraithe den phlean díchoimisiúnúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena mbreithniú agus na cláir oibre á n-ullmhú aici.
|
|
(18)
|
Ba cheart gníomhaíochtaí faoin gClár a dhéanamh le hiarracht chomhpháirteach airgeadais ón Aontas agus ón Liotuáin. Ba cheart uastairseach cómhaoinithe ón Aontas a bhunú i gcomhréir leis an gcleachtas cómhaoinithe arna bhunú faoi na cláir ba réamhtheachtaithe. Agus cleachtas clár inchomparáide de chuid an Aontais agus geilleagar neartaithe na Liotuáine á gcur san áireamh, ó thionscnamh an Chláir go dtí deireadh chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo, ba cheart gurbh é 86 % de na costais incháilithe ráta cómhaoinithe an Aontais. Ba cheart don Liotuáin agus foinsí eile seachas buiséad an Aontais an chuid eile den chómhaoiniú a chur ar fáil, amhail institiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus deontóirí eile.
|
|
(19)
|
Ar an ábhar sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 a aisghairm.
|
|
(20)
|
Tugadh aird chuí ar Thuarascáil Speisialta Uimh. 22/2016 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, dar teideal “Cláir chúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach an Aontais sa Liotuáin, sa Bhulgáir agus sa tSlóvaic: dul chun cinn a rinneadh ó 2011 ach dúshláin ríthábhachtacha amach anseo fós”, ar na moltaí atá inti agus ar an bhfreagra ón gCoimisiún.
|
|
(21)
|
Tugadh ar aird rún reachtach an 17 Eanáir 2019 ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina sa Liotuáin (clár Ignalina); agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 ón gComhairle.
|
|
(22)
|
Tagann an Clár faoi raon feidhme chlár náisiúnta na Liotuáine maidir le cur chun feidhme an bheartais bainistithe breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí a bunaíodh de bhun Threoir 2011/70/Euratom.
|
|
(23)
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).
|
|
(24)
|
Tá feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin leis an gcóras ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.
|
|
(25)
|
Na modhanna cur chun feidhme agus na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas a leagtar síos sa Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar riosca an neamhchomhlíonta a mheastar a bheith ann. Ba cheart, leis sin, breithniú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach bhfuil nasctha leis na costais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais,
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
|
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
|
CAIBIDIL II INCHÁILITHEACHT
|
CAIBIDIL II INCHÁILITHEACHT
|
|
CAIBIDIL III CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ
|
CAIBIDIL III CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ
|
|
CAIBIDIL IV FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
|
CAIBIDIL IV FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
|
|
IARSCRÍBHINN I
|
IARSCRÍBHINN I
|
|
IARSCRÍBHINN II
|
IARSCRÍBHINN II
Táscairí chun tuairisciú ar dhul chun cinn an Chláir i dtreo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach
|
(1)
|
Bainistiú dramhaíola radaighníomhaí:
|
—
|
cainníocht agus cineál na dramhaíola atá stóráilte nó diúscartha go sábháilte ag a bhfuil cuspóirí bliantúla de réir cineáil, lena mbaintear amach garspriocanna an Chláir;
|
|
|
(2)
|
Díchóimeáil agus dí-éilliú:
|
—
|
cainníocht agus cineál na n-ábhar a baineadh, ag a bhfuil cuspóirí bliantúla de réir cineáil, lena gcomhlíontar garspriocanna an Chláir.
|
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|