+TREOIR (AE) 2024/2810 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a iarrann go ligfí isteach a scaireanna chun a dtrádála ar shaoráid trádála iltaobhach (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
---+Preamble: 1
---+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
------+Airteagal 1 1
------+Airteagal 1 2
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
------+Airteagal 2 (1)
------+Airteagal 2 (2)
------+Airteagal 2 (3)
------+Airteagal 2 (4)
------+Airteagal 2 (5)
------+Airteagal 2 (6)
---+Airteagal 3 Glacadh nó modhnú struchtúir MVS roimh ligean isteach chun a dtrádála
------+Airteagal 3 1
------+Airteagal 3 2
------+Airteagal 3 3
------+Airteagal 3 4
------+Airteagal 3 5
---+Airteagal 4 Coimircí
------+Airteagal 4 1
------+Airteagal 4 2
---+Airteagal 5 Trédhearcacht
------+Airteagal 5 1
------+Airteagal 5 2
------+Airteagal 5 3
------+Airteagal 5 4
------+Airteagal 5 5
---+Airteagal 6 Athbhreithniú
------+Airteagal 6 (a)
------+Airteagal 6 (b)
------+Airteagal 6 (c)
---+Airteagal 7 Trasuí
------+Airteagal 7 1
------+Airteagal 7 2
---+Airteagal 8 Teacht i bhfeidhm
---+Airteagal 9 Seolaithe
|
English -
European Union -
Financial Industry -
Capital Markets -
Corporate Law -
TREOIR (AE) 2024/2810 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a iarrann go ligfí isteach a scaireanna chun a dtrádála ar shaoráid trádála iltaobhach (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TREOIR (AE) 2024/2810 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2024
maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a iarrann go ligfí isteach a scaireanna chun a dtrádála ar shaoráid trádála iltaobhach
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(1), Airteagal 50(2), pointe (g), agus Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Chun go mbeidh sé níos tarraingtí a bheith ar liosta na n-ionad trádála ar a ndíríonn fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go príomha, amhail margaí fáis FBManna agus saoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna) eile, agus, ar an gcaoi sin, go gcuirfí lena gcumas cistí a thiomsú ar MTFanna, agus chun neamhionannais a laghdú i gcás cuideachtaí atá ag iarraidh go ligfí isteach iad chun trádála sa mhargadh inmheánach, is gá aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an rochtain ar MTFanna a eascraíonn as bacainní rialála.
|
|
(2)
|
Is díspreagadh mór an eagla a bhíonn ar na scairshealbhóirí rialaithe go gcaillfí rialú ar an gcuideachta, má chuirtear ar mhargadh poiblí, amhail MTF, í. Is gnách go mbíonn caolú úinéireachta do na scairshealbhóirí rialaithe i gceist leis an ligean isteach chun trádála, rud a laghdaíonn a dtionchar ar chinntí tábhachtacha infheistíochta agus oibriúcháin. D’fhéadfadh sé go háirithe go mbeadh tábhachtach faoi leith á leagan ag scairshealbhóirí rialaithe na ngnólachtaí nuathionscanta agus na gcuideachtaí ag a bhfuil tionscadail fhadtéarmacha a dteastaíonn costais tosaigh nach beag ina leith ar rialú na cuideachta a choinneáil, toisc go mb’fhéidir gur mhian leo a bhfís a chur chun cinn gan a bheith ró-neamhchosanta ar luaineachtaí sa mhargadh.
|
|
(3)
|
Ba cheart cuideachtaí, agus iad faoi réir coimircí arna mbunú faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, a bheith in ann na struchtúir chaipitil agus rialachais is fearr a oireann don chéim forbartha acu a roghnú, lena n-áirítear trí na scairshealbhóirí rialaithe a chumasú chun rialú a choinneáil ar an gcuideachta tar éis dóibh rochtain a fháil ar MTFanna, ar a n-áirítear margaí fáis FBManna, agus tairbhe á baint acu ag an am céanna as na sochair a bhaineann le trádáil ar na MTFanna sin, ar choinníoll go ndéantar cearta na scairshealbhóirí a bhfuil cearta vótála níos ísle acu a chosaint.
|
|
(4)
|
Is sásra um rialú a fheabhsú é struchtúr scaireanna ilvótaí (MVS) chun cur ar chumas scairshealbhóirí rialaithe an chumhacht chinnteoireachta a choinneáil i gcuideachta, agus cistí a chruinniú ón bpobal ag an am céanna. Baineann dhá aicme ar leithligh scaireanna ar a laghad le struchtúr MVS, agus tá líon éagsúil vótaí in aghaidh na scaire ag gach ceann acu. Faoi struchtúr den sórt sin, is ísle líon na vótaí in aghaidh na scaire atá ag ceann amháin ar a laghad de na haicmí scaireanna ná mar atá ag aicme nó aicmí eile scaireanna le cearta vótála. MVS is ea scair lena ngabhann líon níos airde vótaí. Ní struchtúr nach gcinntear difríochtaí i gcearta vótála ach amháin de réir luachanna ainmniúla éagsúla scaireanna ann é struchtúr MVS mar a shainmhínítear sa Treoir seo.
|
|
(5)
|
Aon sásra chun rialú a fheabhsú lena ngiaráiltear cearta vótála, seachas struchtúr MVS, amhail scaireanna nach mbaineann vóta leo agus scaireanna a mbaineann ceart crosta leo i gcás cinntí áirithe, níor cheart é a bheith teacht faoi raon feidhme na Treorach seo.
|
|
(6)
|
Tugann scaireanna dílseachta líon breise vótaí do scairshealbhóir a shealbhaíonn na scaireanna ar feadh tréimhse ainmnithe agus a chomhlíonann coinníollacha áirithe. Dá bhrí sin, is sásra chun rialú a fheabhsú iad scaireanna dílseachta, a cheaptar chun úinéireacht níos fadtéarmaí a chothú i measc infheisteoirí seachas cur leis an tarraingteacht a bhaineann le cistí a chruinniú ón bpobal. Níl sé iomchuí, dá bhrí sin, scaireanna dílseachta a áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo.
|
|
(7)
|
Tá difríochtaí suntasacha idir na forálacha náisiúnta maidir le struchtúir MVS ar fud na mBallstát. Ceadaíonn roinnt Ballstát struchtúir MVS, agus cuireann roinnt eile toirmeasc orthu. I roinnt Ballstát, tá toirmeasc den sórt sin teoranta do chuideachtaí poiblí, agus i roinnt Ballstát eile tá feidhm aige maidir le gach cuideachta. Leis na difríochtaí sna córais náisiúnta, cruthaítear bacainní ar shaorghluaiseacht an chaipitil laistigh den mhargadh inmheánach agus cruthaítear éagothroime iomaíochta do chuideachtaí i mBallstáit éagsúla mar gheall orthu. Ní mór do chuideachtaí atá i mBallstát a chuireann toirmeasc ar struchtúir MVS bogadh chuig Ballstát eile nó fiú lasmuigh den Aontas, áit a mbeidh costais níos airde orthu, más mian leo struchtúr MVS a ghlacadh d’fhonn a iarraidh go ligfí isteach iad chun a scaireanna a thrádáil ar mhargadh. I gcásanna áirithe, mar gheall ar na costais níos airde sin, d’fhéadfadh cuideachtaí cinneadh a dhéanamh gan cistí a chruinniú ón bpobal, rud a d’fhéadfadh teorainn a chur le deiseanna maoinithe na gcuideachtaí sin. Tá breithnithe den sórt sin ábhartha go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta nach bhfuil acmhainní airgeadais acu chun na costais sin a chumhdach.
|
|
(8)
|
Chun go mbeidh cuideachtaí in ann a iarraidh go ligfí isteach chun trádála ar MTF iad gan iallach a bheith ar a scairshealbhóirí rialaithe scaradh le hurlámhas rialú, ba cheart do na Ballstáit deis a thabhairt do na cuideachtaí na struchtúir MVS a ghlacadh nó iad a mhodhnú d’fhonn a iarraidh go ligfí isteach chun trádála ar MTF iad. Níor cheart d’fhéidearthacht den sórt sin a bheith coinníollach ar chearta eacnamaíocha feabhsaithe a sholáthar i gcás scaireanna nach MVS iad.
|
|
(9)
|
Cé go bhfuil an cead isteach chun trádála ar mhargaí rialáilte níos oiriúnaí do chuideachtaí atá níos mó agus níos aibí, is iondúil go mbíonn MTFanna níos iomchuí do FBManna. Thairis sin, ceapadh margaí fáis FBManna, ar fochatagóir MTF iad, go sonrach mar ionaid trádála tiomanta do FBManna le cóir rialála a chuireann sainiúlachtaí FBManna san áireamh. Ní FBM í gach cuideachta a bhfuil urrúis aici agus atá liostaithe ar MTFanna, áfach. Ceanglaítear le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), chun go gclárófar MTF mar mhargadh fáis FBManna, gur FBManna iad 50 % ar a laghad d’eisitheoirí a ligtear a n-ionstraimí airgeadais isteach chun a dtrádála ar an MTF sin. De ghnáth, bíonn urrúis níos leachtaí ag cuideachtaí nach FBManna iad agus, dá bhrí sin, nuair a ligtear isteach in MTFanna iad, is féidir táillí trádála níos airde a ghiniúint sna MTFanna chun brabúsacht a samhla gnó a choinneáil. Mar sin féin, chun soiléire a áirithiú d’infheisteoirí, tá gach eisitheoir ar mhargaí fáis FBManna, gan beann ar a méid, faoi réir na rialacha céanna faoi láthair. Is amhlaidh atá i gcás na n-eisitheoirí maidir le MTFanna eile. Is iomchuí, dá bhrí sin, go mbeidh feidhm ag tabhairt isteach an chirt maidir leis na struchtúir MVS a ghlacadh nó a mhodhnú d’fhonn a iarraidh go ligfí isteach chun trádála iad, maidir le gach cineál cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a mhéid is féidir le cuideachtaí den sórt sin, faoin dlí náisiúnta, scaireanna a eisiúint agus a iarraidh go ligfí isteach iad chun a scaireanna a thrádáil ar MTF.
|
|
(10)
|
Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann forálacha náisiúnta a thabhairt isteach nó a choinneáil i bhfeidhm, forálacha lena gceadaítear do chuideachtaí na struchtúir MVS sin a ghlacadh nó a mhodhnú chun críocha eile seachas a iarraidh go ligfí isteach iad chun scaireanna a thrádáil ar MTF. Áirítear leis sin, inter alia, cead a thabhairt do chuideachtaí struchtúr MVS a ghlacadh nó a mhodhnú agus iad ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte iad, nó a áirithiú gur féidir le cuideachtaí príobháideacha struchtúir scaireanna ilvótaí a ghlacadh nó a mhodhnú gan é a bheith ar intinn acu a iarraidh go ligfí isteach iad chun a scaireanna a thrádáil. Áirítear leis sin freisin cásanna ina n-aistríonn cuideachtaí ó MTF go margadh rialáilte, agus MVS á gcoinneáil acu ag an am céanna. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann struchtúir MVS a thoirmeasc nó a shrianadh chun críocha eile seachas a iarraidh go ligfí isteach iad chun scaireanna a thrádáil ar MTF.
|
|
(11)
|
De ghnáth, is gá leasú a dhéanamh ar airteagail chomhlachais cuideachta chun struchtúr MVS a ghlacadh nó a mhodhnú, d’fhonn a iarraidh go ligfí isteach chun trádála í. Chun a fhoráil go gcaithfear go cothrom le scairshealbhóirí, ba cheart do na Ballstáit a cheangal gur cheart glacadh nó modhnú struchtúir MVS d’fhonn a iarraidh go ligfí isteach chun trádála í, chomh maith le haon mhodhnú ina dhiaidh sin ar struchtúr MVS ar bhealach a dhéanann difear do na cearta vótála, gur cheart iad a bheith faoi réir cinneadh ó chruinniú ginearálta na scairshealbhóirí (‘cruinniú ginearálta’) trí thromlach cáilithe ar a laghad mar a shonraítear faoin dlí náisiúnta. I gcás ina bhfuil roinnt aicmí scaireanna ann, ba cheart cinntí den sórt sin a bheith faoi réir vóta ar leithligh freisin i ngach aicme scaireanna a ndéantar difear dá gcearta.
|
|
(12)
|
Ba cheart solúbthacht a bheith ag cuideachtaí maidir leis an tráth a ghlacfar nó a mhodhnófar na struchtúir MVS, ar choinníoll go ndéantar glacadh nó modhnú den sórt chun go ligfí isteach chun trádála ar MTF iad. Níor cheart do na Ballstáit toirmeasc a chur ar chuideachtaí struchtúir MVS a ghlacadh ná a mhodhnú roimh an nóiméad a ligfear na scaireanna isteach chun a dtrádála ar MTF. Ba cheart, na Ballstáit, áfach a bheith in ann a cheangal go mbeadh feidhmiú na gceart vótála feabhsaithe, ar vótaí breise iad a ghabhann le MVS, murab ionann agus vótaí scaireanna ó aicmí eile, coinníollach ar scaireanna na cuideachta a ligeadh isteach chun trádála ar MTF. Sa chás sin agus go dtí go ligfear scaireanna ilvótaí isteach chun a dtrádála, ba cheart na cearta vótála céanna a bheith ag MVS agus atá ag cineálacha eile scaireanna sa chuideachta. D’áiritheofaí leis sin go gcuirfí ligean isteach chun trádála ar MTF chun cinn go sonrach le MVS.
|
|
(13)
|
D’fhéadfadh struchtúr MVS cur leis an mbaol go mbainfeadh scairshealbhóirí rialaithe sochair phríobháideacha ón gcuideachta. Sna Ballstáit a cheadaíonn MVS cheana, foráiltear do choimircí chun na scairshealbhóirí a bhfuil scaireanna acu lena ngabhann cearta vótála níos ísle a chosaint. Tá éagsúlacht sna coimircí atá ann cheana idir na Ballstáit i ngeall ar shainiúlachtaí náisiúnta agus ar chórais éagsúla dlí cuideachtaí. D’ainneoin an athraithe sin, agus ag féachaint do chuspóirí an mhargaidh inmheánaigh mar a leagtar amach iad go háirithe in Airteagal 50(2), pointe (g), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart an cur chuige sa dlí náisiúnta maidir le struchtúir MVS a mhéid a bhaineann le cosaint leasanna na scairshealbhóirí ag a bhfuil scaireanna lena gabhann ceart vótála níos ísle, ba cheart iad a chomhordú i gcás cuideachtaí atá ag feidhmiú a gcirt faoin Treoir seo chun struchtúr MVS a ghlacadh agus a mhodhnú chun go ligfí isteach chun trádála ar MTF iad.
|
|
(14)
|
Faoin gcur chuige comhordaithe do chuideachtaí a fheidhmíonn a gceart faoin Treoir seo maidir le struchtúr MVS a ghlacadh nó a mhodhnú d’fhonn a iarraidh go ligfí isteach chun a dtrádála ar MTF iad, ba cheart do na Ballstáit a fhoráil go gcaitear go cothrom le scairshealbhóirí trí shrian a thabhairt isteach ar cheapadh na struchtúr MVS lena socraítear cóimheas uasta líon na vótaí a ghabhann le scaireanna ilvótaí le líon na vótaí a ghabhann le scaireanna a bhfuil na cearta vótála is lú acu. De rogha air sin, gan dochar do Threoir (AE) 2017/1132, ba cheart do na Ballstáit srian a thabhairt isteach i dtaca le cinntí ón gcruinniú ginearálta, faoi réir thromlach cáilithe na vótaí arna gcaitheamh, cé is moite de chinntí maidir le comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta na cuideachta a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost chomh maith le cinntí oibríochtúla a bheidh le déanamh ag comhlachtaí den sórt sin agus a chuirtear faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta lena bhformheas trína cheangal go ríomhtar an tromlach cáilithe ar bhonn líon iomlán na vótaí a caitheadh agus ar bhonn an scairchaipitil a rinneadh ionadaíocht air ag an gcruinniú ginearálta nó ar bhonn líon iomlán na scaireanna a rinneadh ionadaíocht orthu ag an gcruinniú ginearálata agus líon iomlán na vótaí a caitheadh i ngach aicme scaireanna a ndéanann an cinneadh difear dóibh. Chun críocha na Treorach seo, ba cheart a mheas go ndéanann cinneadh difear d’aicme scaireanna má bhíonn tionchar diúltach ag an gcinneadh sin ar chearta na scairshealbhóirí san aicme shonrach scaireanna sin.
|
|
(15)
|
Ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit coimircí breise a thabhairt isteach agus a choimeád chun cosaint leordhóthanach a áirithiú do leasanna scairshealbhóirí nach bhfuil MVS ina seilbh acu, amhail clásal éagtha. Ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht coimircí den sórt sin i bhfianaise a éifeachtaí atá siad ó thaobh leasanna scairshealbhóirí den sórt sin a chosaint, agus é á áirithiú acu ag an am céanna nach gcuireann na coimircí sin deireadh le cuspóir na struchtúr MVS, inter alia go bhféadfadh sealbhóirí MVS tionchar a imirt ar chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta na cuideachta a cheapadh nó a bhriseadh as a bpost agus, dá réir sin, ar chinntí oibríochtúla na cuideachta. Agus príomhbhearta an dlí náisiúnta arna nglacadh sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo á gcur in iúl, ba cheart do na Ballstáit aon choimircí breise a chur in iúl don Choimisiún freisin, lena n-áirítear nuair a thiocfaidh athrú ar aon choimircí. Cuirfidh an Coimisiún an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ar an eolas faoi aon choimircí breise.
|
|
(16)
|
Mar bhunchloch, ní mór faisnéis chruinn chuimsitheach faoi chuideachtaí a nochtadh chun go mbeidh na hinfheisteoirí muiníneach agus beidh gá leis sin chun cinnteoireacht infheistíochta eolasach a dhéanamh. Tá cinnteoireacht infheistíochta eolasach den sórt sin riachtanach ó thaobh chosaint na n-infheisteoirí agus éifeachtúlacht an mhargaidh araon de. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar chuideachtaí atá ag feidhmiú a gcirt faoin Treoir seo chun struchtúr MVS a ghlacadh nó a mhodhnú faisnéis maidir lena struchtúr scaireanna tráth a ligtear isteach chun a dtrádála ar MTF iad a fhoilsiú i réamheolaire nó doiciméad um ligean isteach, i gcás ina bhfoilsíonn an chuideachta réamheolaire nó doiciméad den sórt sin i gcomhréir leis an dlí ábhartha. Ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar chuideachtaí a fheidhmíonn a gceart faoin Treoir seo chun struchtúr MVS a ghlacadh nó a mhodhnú d’fhonn a iarraidh go ligfí isteach chun trádála ar MTF iad an fhaisnéis sin maidir lena struchtúr scaireanna a fhoilsiú in aon tuarascáil airgeadais bhliantúil a cheanglaítear leis an dlí a luaithe a ligtear isteach a scaireanna chun a dtrádála i gcásanna nár foilsíodh an fhaisnéis sin cheana nó nár athraíodh í ó foilsíodh go deireanach í.
|
|
(17)
|
I measc na faisnéise maidir le struchtúr scaireanna cuideachta atá le cur sanáireamh i réamheolairí, i ndoiciméid um ligean isteach nó i dtuarascálacha airgeadais bliantúla, ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar chuideachtaí a lua an bhfuil aon teorainn le hinaistritheacht na scaireanna. Ba cheart a lua i bhfaisnéis den sórt sin freisin an bhfuil aon srian ar chearta vótála, lena n-áirítear teorainneacha ar chearta vótála sealbhóirí de chéatadán áirithe vótaí nó de líon áirithe vótaí, spriocdhátaí chun cearta vótála a fheidhmiú, nó córais trína ndéantar na cearta airgeadais a ghabhann le scaireanna a dheighilt ó scaireanna a shealbhú. Ina theannta sin, cuideachtaí a fheidhmíonn a gceart faoin Treoir seo chun struchtúr MVS a ghlacadh nó a mhodhnú d’fhonn a iarraidh go ligfí isteach chun trádála ar MTF iad, ba cheart dóibh, a mhéid is eol don chuideachta, céannacht sealbhóirí MVS arb ionann iad agus níos mó ná 5 % de chearta vótála na scaireanna uile sa chuideachta (‘scairshealbhóirí móra’) chomh maith le daoine nádúrtha nó eintitis dhlíthiúla atá i dteideal cearta vótála a fheidhmiú thar ceann scairshealbhóirí móra a nochtadh. Chuirfeadh sé sin ar chumas na n-infheisteoirí, mar bhaill den phobal i gcoitinne, cinntí eolasacha a dhéanamh agus ar an gcaoi sin a muinín i margaí caipitil a fheidhmíonn go maith a neartú. I gcás inar mian le scairshealbhóirí rialaithe cuideachta cumhachtaí cinnteoireachta a choinneáil sa chuideachta agus cistí a thiomsú ar mhargadh poiblí ag an am céanna, tá gá le faisnéis faoi, inter alia, na scairshealbhóirí móra chun go mbeidh infheisteoirí ionchasacha in ann cinntí fónta infheistíochta a dhéanamh. I gcás ina mbaineann an nochtadh sin le daoine nádúrtha, ba cheart an fhaisnéis maidir leis an gcéannacht a theorannú dá n-ainm.
|
|
(18)
|
Chun trédhearcacht, tuiscint phoiblí agus cinnteoireacht infheistíochta eolasach a chur chun cinn, ba cheart scaireanna cuideachtaí a bhfuil struchtúir MVS acu a shainaithint go soiléir. D’fhéadfaí an tsainaithint sin a bhaint amach, mar shampla, trí mharcóir a d’úsáid oibreoirí margaidh nó gnólachtaí infheistíochta a oibríonn MTF a áireamh in ainm stoic cuideachtaí den sórt sin. Chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú, ba cheart do ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, agus caighdeáin mhargaidh sheanbhunaithe agus cleachtais dhea-fheidhmiúla á gcur san áireamh. Ba cheart, leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, sainaithint scaireanna mar sin a chinneadh, agus scaireanna den sórt sin amháin agus, dá bhrí sin, níor cheart dóibh cur isteach ar chórais náisiúnta aicmithe scaireanna. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
(19)
|
Tá sé tábhachtach freisin nach n-úsáidfí na cearta vótála feabhsaithe a ghabhann le MVS laistigh de raon feidhme na Treorach seo chun cosc a chur ar chuideachtaí dlí an Aontais maidir le cearta comhshaoil nó cearta bunúsacha is infheidhme a chomhlíonadh.
|
|
(20)
|
Tá an Treoir seo gan dochar do chosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).
|
|
(21)
|
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon roghanna cistiúcháin do chuideachtaí a mhéadú agus FBManna a dhéanamh níos tarraingtí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na mbeart, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
|
|
(22)
|
Chun forbairtí margaidh agus forbairtí i réimsí eile de dhlí an Aontais nó taithí na mBallstát ar chur chun feidhme na Treorach seo a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo taobh istigh de 4 bliana tar éis dháta a teacht i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh, inter alia, ar a iomchuí atá sé a raon feidhme a leathnú.
|
|
(23)
|
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (7), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.
|
|
(24)
|
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus thug an Maoirseoir tuairim uaidh an 6 Feabhra 2023 (9),
|
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Arna déanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
ZSIGMOND B. P.
|
|
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
|
|
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
|
Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
|
Airteagal 3 Glacadh nó modhnú struchtúir MVS roimh ligean isteach chun a dtrádála
|
|
|
Airteagal 4 Coimircí
|
|
|
Airteagal 5 Trédhearcacht
|
|
|
Airteagal 6 Athbhreithniú
|
Faoin 5 Nollaig 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus éifeachtacht na Treorach seo, lena n-áirítear maidir lena iomchuí atá sé raon feidhme na Treorach seo a leathnú. Chuige sin, faoin 5 Nollaig 2027, cuirfidh gach Ballstát faisnéis ar fáil don Choimisiún, go háirithe, maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
Airteagal 7 Trasuí
|
|
|
Airteagal 8 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 8
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 9 Seolaithe
|
Airteagal 9
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
(1)
IO C 184, 25.5.2023, lch. 103.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024.
(3) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(4) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (códú) (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(6) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(7)
IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(8) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(9)
IO C 65, 22.2.2023, lch. 2.
(10) Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais eagraíochtúla agus coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainithe chun críoch na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|