+RIALACHÁN (AE) 2017/1369 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
------+Airteagal 1 1.
------+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 Oibleagáidí ginearálta soláthróirí
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
------+Airteagal 3 3.
------+Airteagal 3 4.
------+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 4 Oibleagáidí soláthróirí i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
------+Airteagal 4 5.
------+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 5 Oibleagáidí déileálaithe
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
------+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 6 Na hoibleagáidí eile atá ar sholáthróirí agus ar dhéileálaithe
---+Airteagal 7 Oibleagáidí na mBallstát
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
------+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 8 Faireachas an Aontais ar an margadh agus rialú ar tháirgí a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8 3.
------+Airteagal 8 4.
------+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 9 Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le táirgí a bhfuil riosca ag roinnt leo
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
------+Airteagal 9 3.
------+Airteagal 9 4.
------+Airteagal 9 5.
------+Airteagal 9 6.
------+Airteagal 9 7.
------+Airteagal 9 8.
------+Airteagal 9 9.
---+Airteagal 10 Nós imeachta cosanta an Aontais
------+Airteagal 10 1.
------+Airteagal 10 2.
------+Airteagal 10 3.
------+Airteagal 10 4.
------+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 11 Nós imeachta maidir le lipéid a thabhairt isteach agus a athscálú
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 2.
------+Airteagal 11 3.
------+Airteagal 11 4.
------+Airteagal 11 5.
------+Airteagal 11 6.
------+Airteagal 11 7.
------+Airteagal 11 8.
------+Airteagal 11 9.
------+Airteagal 11 10.
------+Airteagal 11 11.
------+Airteagal 11 12.
------+Airteagal 11 13.
---+Airteagal 12 Bunachar sonraí táirgí
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
------+Airteagal 12 3.
------+Airteagal 12 4.
------+Airteagal 12 5.
------+Airteagal 12 6.
------+Airteagal 12 7.
------+Airteagal 12 8.
------+Airteagal 12 9.
------+Airteagal 12 10.
------+Airteagal 12 11.
------+Airteagal 12 12.
---+Airteagal 13 Caighdeáin chomhchuibhithe
------+Airteagal 13 1.
------+Airteagal 13 2.
------+Airteagal 13 3.
------+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 14 Fóram Comhairliúcháin
------+Article 14 1.
------+Article 14 2.
---+Airteagal 15 Plean oibre
---+Airteagal 16 Gníomhartha tarmligthe
------+Airteagal 16 1.
------+Airteagal 16 2.
------+Airteagal 16 3.
------+Airteagal 16 4.
------+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 17 An tarmligean a fheidhmiú
------+Airteagal 17 1.
------+Airteagal 17 2.
------+Airteagal 17 3.
------+Airteagal 17 4.
------+Airteagal 17 5.
------+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 18 Nós imeachta coiste
------+Airteagal 18 1.
------+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 19 Meastóireacht agus tuairisciú
---+Airteagal 20 Aisghairm agus bearta idirthréimhseacha
------+Airteagal 20 1.
------+Airteagal 20 2.
------+Airteagal 20 3.
------+Airteagal 20 4.
------+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 21 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN I
---+IARSCRÍBHINN II
English - European Union - Energy -

RIALACHÁN (AE) 2017/1369 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

RIALACHÁN (AE) 2017/1369 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2017

lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

Ábhar agus raon feidhme

Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “táirge a bhaineann le fuinneamh” nó “táirge” aon earra nó córas ag a bhfuil tionchar ar ídiú fuinnimh le linn a úsáide, a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís, lena n-áirítear páirteanna ag a bhfuil tionchar ar ídiú fuinnimh le linn a úsáide d'aon earra nó córas den sórt sin a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís do chustaiméirí agus a bheartaítear a ionchorprú i dtáirgí;

(2) 

ciallaíonn “grúpa táirgí” grúpa táirgí ag a bhfuil an phríomhfheidhmiúlacht chéanna;

(3) 

ciallaíonn “córas” meascán roinnt earraí a bhfuil feidhm shonrach acu nuair a chuirtear le chéile iad i dtimpeallacht a bhfuil súil léi agus ina bhféadfar ansin an éifeachtúlacht fuinnimh a chinneadh mar eintiteas amháin;

(4) 

ciallaíonn “múnla” leagan de tháirge a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna, atá ábhartha i gcomhair an lipéid agus na bileoige faisnéise faoin táirge, agus an t-aitheantóir múnla céanna, ag gach aonad de;

(5) 

ciallaíonn “aitheantóir múnla” an cód, atá alfa-uimhriúil de ghnáth, lena ndéantar dealú idir múnla sonrach de tháirge agus múnlaí eile arb ionann trádmharc nó ainm ceánna soláthróirí dóibh;

(6) 

ciallaíonn “múnla comhionann” múnla arb ionann na saintréithe teicniúla, atá ábhartha don lipéad, agus an bhileog faisnéise faoin táirge agus saintréithe agus bileog faisnéise múnla eile, a chuireann an soláthróir céanna ar an margadh i seirbhís ach nach ionann an t-aitheantóir múnla;

(7) 

ciallaíonn “cuir ar fáil ar an margadh” táirge a sholáthar lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(8) 

ciallaíonn “cuir ar an margadh” táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(9) 

ciallaíonn “cuir i seirbhís” céadúsáid táirge chun na críche dár ceapadh é ar mhargadh an Aontais;

(10) 

ciallaíonn “monaróir” duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a dhéanann táirge den sórt sin a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin, faoina ainm nó faoina thrádmharc;

(11) 

ciallaíonn “ionadaí údaraithe” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ón monaróir gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;

(12) 

ciallaíonn “allmhaireoir” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

(13) 

ciallaíonn “déileálaí” miondíoltóir nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile a dhéanann táirgí a dhíol le custaiméirí nó le suiteálaithe, nó a fhruiliú, a thairiscint i gcomhair fruilcheannaigh nó a chur ar taispeáint do chustaiméirí nó do shuiteálaithe, le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh siad ar íocaíocht nó ná bíodh;

(14) 

ciallaíonn “soláthróir” an monaróir atá bunaithe san Aontas, ionadaí údaraithe monaróra nach bhfuil bunaithe san Aontas, nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ar mhargadh an Aontais;

(15) 

ciallaíonn “ciandíolachán” díol, fruiliú nó fruilcheannach trí phostdíol, trí chatalóg, ar líne, trí theileamhargaíocht nó trí mhodh ar bith eile nuair nach féidir a bheith ag súil leis go bhfeicfeadh an custaiméir ionchasach an táirge ar taispeáint;

(16) 

ciallaíonn “custaiméir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn, a fhruilíonn nó a fhaigheann táirge dá úsáid féin, bíodh sé á dhéanamh chun críocha atá lasmuigh dá shlí maireachtála, gnó, ceird nó gairm féin, nó ná bíodh;

(17) 

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” an cóimheas idir feidhmíocht aschuir, seirbhís, earraí nó fuinneamh agus ionchur fuinnimh;

(18) 

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(19) 

ciallaíonn “lipéad” léaráid ghrafach, i bhfoirm chlóite nó leictreonach, lena n-áirítear scála dúnta agus úsáid á baint as na litreacha ó A go G amháin, ina bhfuil gach litir comhfhreagrach d'aicme agus gach aicme comhfhreagrach do choigilteas fuinnimh, i seacht ndath éagsúla ó dhubhuaine go dearg, chun custaiméirí a chur ar an eolas faoi éifeachtúlacht fuinnimh agus ídiú fuinnimh; áirítear ann lipéid athscálaithe agus lipéid ina bhfuil níos lú aicmí agus dathanna i gcomhréir le hAirteagal 11(10) agus (11);

(20) 

ciallaíonn “athscálú” cleachtas lena gcuirtear le déine na riachtanas le haicmiú fuinnimh ar lipéad a bhaint amach i gcás grúpa táirgí ar leith;

(21) 

ciallaíonn “lipéad athscálaithe” lipéad i gcomhair grúpa táirgí ar leith a ndearnadh athscálú air, agus is féidir a dhealú ó lipéid roimh athscálú agus comhchuibheas amhairc agus aireachtála gach lipéid a chaomhnú;

(22) 

ciallaíonn “bileog faisnéise faoi tháirge” doiciméad caighdeánach faisnéise faoi tháirge, i bhfoirm chlóite nó i bhfoirm leictreonach;

(23) 

ciallaíonn “doiciméid theicniúla” doiciméid a bheidh leordhóthanach le go bhféadfaidh údaráis faireachais margaidh measúnú a dhéanamh ar chruinneas lipéid táirge agus bileoige faisnéise faoi tháirge, lena n-áirítear tuarascálacha tástála nó fianaise theicniúil den chineál céanna;

(24) 

ciallaíonn “faisnéis fhorlíontach” faisnéis, mar a shonraítear i ngníomh tarmligthe faoi fheidhmíocht fheidhmiúil agus chomhshaoil a bhaineann le táirge;

(25) 

ciallaíonn “bunachar sonraí táirgí” bailiúchán sonraí a bhaineann le táirge, arna shocrú ar mhodh córasach agus is éard atá ann cuid phoiblí atá dírithe ar thomhaltóirí, ina bhfuil teacht leictreonach ar fhaisnéis a bhaineann le paraiméadair táirgí aonair, tairseach ar líne ar mhaithe le hinrochtaineacht agus cuid a bhaineann le comhlíonadh, lena mbaineann ceanglais inrochtaineachta agus slándála atá sonraithe go soiléir;

(26) 

ciallaíonn “lamháltas fíoraithe” an diallas uasta is inghlactha den tomhas agus de na torthaí ríofa de thástálacha fíoraithe a rinne údaráis faireachais margaidh, nó a rinneadh thar a gceann, i gcomparáid le luachanna na bparaiméadar dearbhaithe nó foilsithe, lena léirítear diallas a thagann as comhathraithe idirshaotharlainne.

Airteagal 3 Oibleagáidí ginearálta soláthróirí

Oibleagáidí ginearálta soláthróirí

Airteagal 4 Oibleagáidí soláthróirí i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí

Oibleagáidí soláthróirí i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí

Airteagal 5 Oibleagáidí déileálaithe

Oibleagáidí déileálaithe

Airteagal 6 Na hoibleagáidí eile atá ar sholáthróirí agus ar dhéileálaithe

Airteagal 6

Na hoibleagáidí eile atá ar sholáthróirí agus ar dhéileálaithe

Déanfaidh an soláthróir agus an déileálaí an méid seo a leanas:

(a) 

déanfaidh siad tagairt d'aicme éifeachtúlachta an táirge agus do réimse na n-aicmí éifeachtúlachta atá ar fáil ar an lipéad i bhfógraí amhairc nó ábhar teicniúil chun múnla sonrach a chur chun cinn i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe ábhartha;

(b) 

comhoibreoidh siad le húdaráis faireachais margaidh agus gníomhóidh siad gan mhoill chun aon chás de neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe ábhartha a thagann faoina gcúraim a leigheas, ar a dtionscnamh féin nó nuair a éileoidh údaráis faireachais margaidh orthu déanamh amhlaidh;

(c) 

ní dhéanfaidh siad, i gcás táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe, lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile a sholáthar ná a chur ar taispeáint nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo ná na ngníomhartha tarmligthe ábhartha, más dóchúil go gcuirfidh siad custaiméirí ar míthreoir nó go gcuirfidh siad mearbhall orthu maidir leis an ídiú fuinnimh nó ídiú acmhainní eile le linn a úsáide nó le linn a n-úsáide;

(d) 

i gcás táirgí nach gcumhdaítear le gníomhartha, ní sholáthróidh siad lipéid ná ní chuirfidh siad lipéid ar taispeáint má dhéanann siad aithris ar na lipéid, dá bhforáiltear faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha;

(e) 

i gcás táirgí nach mbaineann le fuinneamh, ní sholáthróidh siad lipéid ná ní chuirfidh siad lipéid ar taispeáint má dhéanann siad aithris ar na lipéid dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó i ngníomhartha tarmligthe.

Ní dhéanfaidh pointe (d) sa chéad fomhír difear ar na lipéid dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, mura bhforáiltear do na lipéid sin i ngníomhartha tarmligthe.

Airteagal 7 Oibleagáidí na mBallstát

Oibleagáidí na mBallstát

Airteagal 8 Faireachas an Aontais ar an margadh agus rialú ar tháirgí a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais

Faireachas an Aontais ar an margadh agus rialú ar tháirgí a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais

Airteagal 9 Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le táirgí a bhfuil riosca ag roinnt leo

Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le táirgí a bhfuil riosca ag roinnt leo

Airteagal 10 Nós imeachta cosanta an Aontais

Nós imeachta cosanta an Aontais

Airteagal 11 Nós imeachta maidir le lipéid a thabhairt isteach agus a athscálú

Nós imeachta maidir le lipéid a thabhairt isteach agus a athscálú

Airteagal 12 Bunachar sonraí táirgí

Bunachar sonraí táirgí

Airteagal 13 Caighdeáin chomhchuibhithe

Caighdeáin chomhchuibhithe

Airteagal 14 Fóram Comhairliúcháin

Fóram Comhairliúcháin

Airteagal 15 Plean oibre

Airteagal 15

Plean oibre

Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14, plean oibre fadtéarmach a bhunú a chuirfear ar fáil go poiblí. Leagfar amach sa phlean oibre liosta táscach de ghrúpaí táirgí a mheastar a bheith ina dtosaíochtaí maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Leagfar amach sa phlean oibre freisin pleananna maidir le hathbhreithniú agus le hathscálú na lipéad do ghrúpaí táirgí i gcomhréir le hAirteagal 11(4) agus (5), seachas athscálú ar lipéid a bhí i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2017 ar athscálú é dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún an plean oibre a nuashonrú go tréimhsiúil tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin. Féadfar an plean oibre a chomhcheangal leis an bplean oibre a cheanglaítear faoi Airteagal 16 de Threoir 2009/125/CE agus déanfar é a athbhreithniú gach trí bliana.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ar bhonn bliantúil maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an plean oibre.

Airteagal 16 Gníomhartha tarmligthe

Gníomhartha tarmligthe

Airteagal 17 An tarmligean a fheidhmiú

An tarmligean a fheidhmiú

Airteagal 18 Nós imeachta coiste

Nós imeachta coiste

Airteagal 19 Meastóireacht agus tuairisciú

Airteagal 19

Meastóireacht agus tuairisciú

Faoin 2 Lúnasa 2025, déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme an Rialacháin seo a mheas agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Leis an tuarascáil sin, déanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun maidir le custaiméirí a chumasú chun táirgí níos éifeachtúla a roghnú, lena gcuirfear san áireamh an tionchar ar ghnó, an t-ídiú fuinnimh, astaíochtaí gás ceaptha teasa, gníomhaíochtaí faireachais margaidh, agus an costas a bhaineann leis an mbunachar sonraí a bhunú agus a choimeád ar bun.

Airteagal 20 Aisghairm agus bearta idirthréimhseacha

Aisghairm agus bearta idirthréimhseacha

Airteagal 21 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an gceathrú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2017.

De mhaolú ar an dara mír, beidh feidhm ag Airteagal 4 maidir le hoibleagáidí soláthróirí i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí ón 1 Eanáir 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

IARSCRÍBHINN I

IARSCRÍBHINN I

FAISNÉIS ATÁ LE CUR ISTEACH SA BHUNACHAR SONRAÍ TÁIRGÍ AGUS CEANGLAIS FHEIDHMIÚLA DON CHUID PHOIBLÍ DEN BHUNACHAR SONRAÍ

1. Faisnéis atá le cur isteach ag an soláthróir sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí:

(a) 

ainm nó trádmharc, seoladh, sonraí teagmhála agus aitheantas dlíthiúil eile an tsoláthróra;

(b) 

aitheantóir an mhúnla;

(c) 

an lipéad i bhformáid leictreonach;

(d) 

an aicme/na haicmí éifeachtúlachta fuinnimh agus paraiméadair eile ar an lipéad;

(e) 

paraiméadair na bileoige faisnéise faoin táirge i bhfoirm leictreonach.

2. Faisnéis atá le cur isteach ag an gCoimisiún sa tairseach ar líne:

(a) 

sonraí teagmhála údaráis faireachais margaidh na mBallstát;

(b) 

plean oibre de bhun Airteagal 15;

(c) 

miontuairiscí ar an bhFóram Comhairliúcháin;

(d) 

fardal a bhaineann le gníomhartha tarmligthe agus le gníomhartha cur chun feidhme, modhanna idirthréimhseacha tomhais agus ríofa agus caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

3. Faisnéis atá le cur isteach ag an soláthróir sa chuid den bhunachar sonraí a bhaineann le comhlíonadh:

(a) 

aitheantóir múnla na múnlaí coibhéiseacha uile a cuireadh ar an margadh cheana;

(b) 

na doiciméid theicniúla mar a shonraítear in Airteagal 12(5).

Cuirfidh an Coimisiún nasc ar fáil don Chóras Faisnéise agus Cumarsáide don Fhaireachas Margaidh (ICSMS), lena n-áirítear toradh na seiceálacha ar chomhlíonadh a dhéanann na Ballstáit agus na bearta sealadacha a ghlactar.

4. Critéir fheidhmiúla don chuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí:

(a) 

beifear in ann teacht ar gach múnla mar thaifead aonair;

(b) 

ginfidh sé comhad aonair de lipéad fuinnimh gach múnla a mbeifear in ann a fheiceáil, a íoslódáil agus phriontáil, chomh maith leis na leaganacha teanga den bhileog iomlán faisnéise faoin táirge, i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais;

(c) 

beidh an fhaisnéis inléite, insortáilte agus inchuardaithe ag meaisín, lena n-urramófar caighdeáin oscailte don úsáid saor in aisce ó thríú páirtithe;

(d) 

bunófar agus coimeádfar ar bun deasc chabhrach ar líne nó pointe teagmhála le haghaidh an tsoláthróra agus déanfar tagairt shoiléir dó ar an tairseach.

IARSCRÍBHINN II

IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL


Treoir 2010/30/AE

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

—

Airteagal 1(3)(a) agus (b)

Airteagal 1(2)(a) agus (b)

Airteagal 1(3)(c)

—

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 2(a)

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2(b)

Airteagal 2, pointe 22

Airteagal 2(c)

—

Airteagal 2(d)

—

Airteagal 2(e)

—

Airteagal 2(f)

—

Airteagal 2(g)

Airteagal 2, pointe 13

Airteagal 2(h)

Airteagal 2, pointe 14

Airteagal 2(i)

Airteagal 2, pointe 8

Airteagal 2(j)

Airteagal 2, pointe 9

Airteagal 2(k)

—

Airteagal 3

Airteagal 7

Airteagal 3(1)

Airteagal 7(3)

Airteagal 3(1)(b)

Airteagal 6(c)

Airteagal 3(1)(c)

Airteagal 7(3)

Airteagal 3(1)(d)

Airteagal 8(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 6(b) agus Airteagal 9

Airteagal 3(3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 3(4)

—

Airteagal 4(a)

Airteagal 5

Airteagal 4(b)

—

Airteagal 4(c)

Airteagal 6(a)

Airteagal 4(d)

Airteagal 6(a)

Airteagal 5

Airteagal 3(1) agus Airteagal 6

Airteagal 5(a)

Airteagal 3(1)(a)

Airteagal 5(b) pointí (i), (ii), (iii) agus (iv)

Airteagal 4(6) agus Iarscríbhinn I

Airteagal 5(c)

Airteagal 4(6)

Airteagal 5(d)

Airteagal 3(1)

Airteagal 5(d), an dara fomhír

Airteagal 3(1)

Airteagal 5(e)

Airteagal 3(1)

Airteagal 5(f)

—

Airteagal 5(g)

Airteagal 3(1)

Airteagal 5(h)

—

Airteagal 6

Airteagal 5(1) agus Airteagal 6

Airteagal 6(a)

Airteagal 5(1)(a)

Airteagal 6(b)

Airteagal 5(1)(a)

Airteagal 7

Airteagal 16(3)(e) agus (g)

Airteagal 8(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 8(2)

—

Airteagal 9(3)

Airteagal 7(2)

Airteagal 9(4)

—

Airteagal 10(1)

Airteagal 16

Airteagal 10(1), an dara mír

Airteagal 16(2)

Airteagal 10(1), an tríú mír

—

Airteagal 10(1), an ceathrú mír

Airteagal 16(3)(c)

Airteagal 10(2)(a)

Airteagal 16(2)(a)

Airteagal 10(2)(b)

Airteagal 16(2)(b)

Airteagal 10(2)(c)

—

Airteagal 10(3)(a)

—

Airteagal 10(3)(b)

—

Airteagal 10(3)(c)

Airteagal 14

Airteagal 10(3)(d)

—

Airteagal 10(4)(a)

Airteagal 16(3)(a)

Airteagal 10(4)(b)

Airteagal 16(3)(k)

Airteagal 10(4)(c)

Airteagal 16(3)(h)

Airteagal 10(4)(d)

Airteagal 16(3)(b)

Airteagal 10(4)(d), an dara mír

—

Airteagal 10(4)(d), an tríú mír

Airteagal 16(3)(b)

Airteagal 10(4)(d), an ceathrú mír

Airteagal 11(3)

Airteagal 10(4)(d), an cúigiú mír

Airteagal 11

Airteagal 10(4)(e)

Airteagal 16(3)(e)

Airteagal 10(4)(f)

Airteagal 16(3)(h)

Airteagal 10(4)(g)

Airteagal 16(3)(j)

Airteagal 10(4)(h)

Airteagal 11(3)

Airteagal 10(4)(i)

Airteagal 16(3)(i)

Airteagal 10(4)(j)

Airteagal 16(3)(o)

Airteagal 11(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 17(5)

Airteagal 11(3)

Airteagal 17(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 17(3)

Airteagal 12(2)

—

Airteagal 12(3)

Airteagal 17(3)

Airteagal 13

Airteagal 17(6)

Airteagal 14

Airteagal 19

Airteagal 15

Airteagal 7(4)

Airteagal 16

—

Airteagal 17

Airteagal 20

Airteagal 18

Airteagal 21

Airteagal 19

Airteagal 21

Iarscríbhinn I

—

—

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II


( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

( 2 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 811/2013 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le lipéadú fuinnimh téitheoirí spáis, comhthéitheoirí, pacáistí téitheora spáis, feiste rialaithe teochta agus grianfheiste agus pacáistí comhthéitheora, rialaithe teochta agus grianfheiste (IO L 239, 6.9.2013, lch. 1).

( 3 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 812/2013 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le lipéadú fuinnimh téitheoirí uisce, umar stórála uisce thé agus pacáistí téitheora uisce agus grianfheiste (IO L 239, 6.9.2013, lch. 83).

( 4 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1187 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2015 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le lipéadú coirí breosla sholadaigh agus pacáistí coire breosla sholadaigh, téitheoirí forlíontacha, rialuithe teochta agus grianfheistí (IO L 193, 21.7.2015, lch. 43).

( 5 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéad a bhaineann le lipéadú fuinnimh do mhiasniteoirí tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 1).

( 6 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh d'fhearais chuisniúcháin tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 17).

( 7 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do mheaisíní níocháin tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 47).

( 8 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do theilifíseáin (IO L 314, 30.11.2010, lch. 64).

( 9 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do lampaí leictreacha agus do shoilse (IO L 258, 26.9.2012, lch. 1).

( 10 ) Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (IO L 177, 5.6.2020, lch. 1)

( 11 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

( 12 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil cumarsáide agus córas faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach (IO L 6, 11.1.2017, lch. 40)

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas