|
+Airteagal 5 14. |
Airteagal 5 14.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le luacháil stuama mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 32, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 6 mar a leanas:
(a)
cuirfidh gach institiúid an fhaisnéis isteach a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 32.1, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 6;
(b)
chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, tuairisceoidh institiúidí a chuireann an cur chuige lárnach i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún ( 1 ) an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 32.2, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 6;
(c)
chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, tuairiscíonn institiúidí a chuireann an cur chuige lárnach i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún agus a théann thar an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán sin an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 32.3 agus 32.4, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 6. Chun críocha na míre seo, ní bheidh feidhm ag na critéir iontrála agus imeachta a leagtar amach in Airteagal 4. 1. Übersicht
1.1 Referenzen1.2 Identifizierte Anforderungen1.3 Zugehörige Standards2. Identifizierte Anforderungen
3. Zugehörige Standards
|