+41. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta liosta den fhoireann ar fad a bhunú agus a chinneadh cé …
|
41. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta liosta den fhoireann ar fad a bhunú agus a chinneadh cé …
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta liosta den fhoireann ar fad a bhunú agus a chinneadh cé acu baill foirne ar cheart a áireamh i ríomh na bearna pá idir na hinscní, i gcomhréir leis na critéir seo a leanas: - a. Ba cheart an bhearna phá idir na hinscní a ríomh le haghaidh na mball foirne atá ina mball foirne ag deireadh na bliana airgeadais, i.e. ní chuirtear san áireamh sa bheart seo baill foirne a d’fhág an gnólacht infheistíochta le linn na bliana airgeadais.
- b. Ba cheart baill foirne a fhaigheann níos lú ná a ngnáthluach saothair iomlán bliantúil toisc go raibh siad ag deireadh na bliana airgeadais ar aon chineál saoire do thuismitheoirí, saoire bhreoiteachta fadtéarmach nó saoire speisialta fadtéarmach a eisiamh ón mbeart; ba cheart saoire fhadtéarmach a thuiscint mar shaoire ar feadh tréimhse comhleanúnach de thrí mhí ar a laghad.
- c. Níor cheart baill foirne a earcaíodh le linn na dtrí mhí deiridh den bhliain airgeadais a chur san áireamh sa bheart seo.
- d. Ba cheart caitheamh le baill den chomhlacht bainistíochta san fheidhm bhainistíochta mar bhaill foirne agus mar bhaill foirne shainaitheanta.
- e. Níor cheart baill den chomhlacht bainistíochta san fheidhm mhaoirseachta a áireamh sa ríomh, mura ionadaithe fostaithe iad.
- f. Ba cheart baill an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta atá ina n-ionadaithe fostaithe a chur san áireamh sa ríomh mar bhaill foirne agus níor cheart iad a chur san áireamh sa ríomh do bhaill foirne sainaitheanta ach amháin más baill foirne sainaitheanta iad bunaithe ar an bhfeidhm atá acu mar bhall foirne.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|