+(i) Catagóirí riosca agus táscairí riosca
---+29. Ba cheart don SRT ARW do bhall-institiúid aonair a ríomh bunaithe ar thacar táscairí riosca ó …
---+30. Laistigh de gach catagóir riosca, ba cheart don SRT na croítháscairí riosca a shonraítear i …
---+31. I gcás ina ndéanann an t-údarás inniúil, i gcomhar leis an údarás ainmnithe nó leis an SRT …
---+32. Ba cheart do SRT ceachtar den Chóimheas Cumhdaigh Caipitil nó den chóimheas Gnáthchothromais …

(i) Catagóirí riosca agus táscairí riosca

Catagóirí riosca

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
29. Ba cheart don SRT ARW do bhall-institiúid aonair a ríomh bunaithe ar thacar táscairí riosca ó …

Ba cheart don SRT ARW do bhall-institiúid aonair a ríomh bunaithe ar thacar táscairí riosca ó gach ceann de na cúig chatagóir riosca seo a leanas:

  • a. Caipiteal: ba cheart go léireodh táscairí leibhéal chumas ionsúcháin caillteanais na ball-institiúide.
  • b. Leachtacht agus maoiniú: ba cheart do tháscairí tomhas a dhéanamh ar chumas na ball-institiúide a hoibleagáidí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite gan dochar a dhéanamh dá riocht airgeadais.
  • c. Cáilíocht sócmhainní: ba cheart do tháscairí tomhas a dhéanamh ar a mhéid is dóigh a rachaidh caillteanais chreidmheasa i gcion ar an mball-institiúid.
  • d. Samhail ghnó agus bainistíocht ghnó: ba cheart do tháscairí tomhas a dhéanamh ar an riosca a eascraíonn as samhail ghnó reatha agus as pleananna straitéiseacha reatha na ball-institiúide, ar cháilíocht rialachas inmheánach agus rialuithe inmheánacha na ball-institiúide.
  • e. Caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann don SRT: ba cheart na caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ag an SRT mar thoradh ar idirghabháil SRT a bheith léirithe i dtáscairí, caillteanais nach dócha go n-aisghabhfadh an SRT iad.

Croítháscairí riosca

30. Laistigh de gach catagóir riosca, ba cheart don SRT na croítháscairí riosca a shonraítear i …

Laistigh de gach catagóir riosca, ba cheart don SRT na croítháscairí riosca a shonraítear i dTábla 1 sa mhodh ríomha a chur san áireamh. Mar eisceacht, féadfaidh an t-údarás inniúil, i gcomhar leis an údarás ainmnithe, príomhtháscaire a eisiamh nó a cheadú don SRT, maidir le cineálacha sonracha institiúidí, ar bhonn bonn cirt nach bhfuil an táscaire sin ar fáil mar gheall ar shaintréithe dlíthiúla nó ar chóras maoirseachta na n-institiúidí sin.

31. I gcás ina ndéanann an t-údarás inniúil, i gcomhar leis an údarás ainmnithe nó leis an SRT …

I gcás ina ndéanann an t-údarás inniúil, i gcomhar leis an údarás ainmnithe nó leis an SRT, croítháscaire riosca a bhaint maidir le chineál sonrach ball-institiúide, ba cheart dóibh an t-ionadaí is iomchuí a úsáid don táscaire a baineadh. Ba cheart dóibh a áirithiú go léirítear na rioscaí a bhaineann leis an institiúid don SRT sna táscairí eile a úsáidtear. Ba cheart dóibh a chur san áireamh freisin an gá atá le machaire réidh le ball-institiúidí eile a bhfuil an táscaire eisiata ar fáil dóibh.

32. Ba cheart do SRT ceachtar den Chóimheas Cumhdaigh Caipitil nó den chóimheas Gnáthchothromais …

Ba cheart do SRT ceachtar den Chóimheas Cumhdaigh Caipitil nó den chóimheas Gnáthchothromais Leibhéal 1 a chur i bhfeidhm mar chroítháscaire.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.