+(ii) Ualaí do tháscairí riosca agus do chatagóirí riosca
---+49. Maidir le gach luach táscaire riosca, ba cheart don SRT scór riosca aonair (IRS) a shannadh ó 0 …
---+50. Ba cheart do SRTanna breithiúnas saineolaithe a chur i bhfeidhm chun na tairseacha a chalabrú …
---+51. Sa mhodh ‘buicéid’, i gcás táscaire riosca ar leith, sainíonn an SRT líon seasta aicmí riosca …
---+52. Maidir le gach buicéad de tháscaire riosca ‘j’, ba cheart don SRT uasteorainn agus íosteorainn …
---+53. Ba cheart don SRT líon agus teorainneacha na mbuicéad a shocrú chun a áirithiú go ndéantar …
---+54. Níor cheart don SRT teorainn uachtarach a shocrú don bhuicéad is airde agus níor cheart dó …
---+55. Maidir le gach buicéad táscaire riosca, ba cheart don SRT IRS comhfhreagrach a shannadh. Ba …
---+56. Sa mhodh sin, i gcás gach institiúide ‘I’ agus i gcás gach táscaire riosca ‘j’, ba cheart don …
---+57. I gcás gach táscaire riosca, ba cheart don SRT an uasteorainn ‘ ’ agus an íosteorainn ‘ a …
|
(ii) Ualaí do tháscairí riosca agus do chatagóirí riosca
(ii) Ualaí do tháscairí riosca agus do chatagóirí riosca
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
49. Maidir le gach luach táscaire riosca, ba cheart don SRT scór riosca aonair (IRS) a shannadh ó 0 …
|
Maidir le gach luach táscaire riosca, ba cheart don SRT scór riosca aonair (IRS) a shannadh ó 0 go 100, i gcás ina léiríonn 0 an riosca is ísle agus 100 an riosca is airde. Chun gach IRS a ríomh, féadfaidh an SRT an modh ‘buicéid’ nó ‘scála sleamhnáin’ a chur i bhfeidhm.
|
|
50. Ba cheart do SRTanna breithiúnas saineolaithe a chur i bhfeidhm chun na tairseacha a chalabrú …
|
Ba cheart do SRTanna breithiúnas saineolaithe a chur i bhfeidhm chun na tairseacha a chalabrú, ach ba cheart dóibh, i gcás ar bith, na tairseacha íosta seo a leanas a urramú: - a. Maidir leis an gcóimheas giarála, cóimheas bhunchothromas leibhéal 1, cóimheas cumhdaigh leachtachta agus cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, má tá luach tháscaire ball-institiúide níos ísle ná an t-íoscheanglas rialála is infheidhme de réir Airteagal 92(1), 412 agus 413 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart go mbeadh an IRS comhfhreagrach cothrom le 100.
- b. Maidir leis an gcóimheas cumhdaigh caipitil, má tá luach táscaire ball-institiúide níos ísle ná 100%, ba cheart go mbeadh an IRS comhfhreagrach cothrom le 100.
- c. Maidir le méid iomlán neamhchosanta ar riosca/cóimheas iomlán na sócmhainní agus na dtaiscí cumhdaithe/cóimheas na sócmhainní nach bhfuil curtha i bhfiach, má tá luach tháscaire ball-institiúide os cionn 100%, ba cheart go mbeadh an IRS comhfhreagrach cothrom le 100.
An modh ‘buicéid’ don IRS
|
|
51. Sa mhodh ‘buicéid’, i gcás táscaire riosca ar leith, sainíonn an SRT líon seasta aicmí riosca …
|
Sa mhodh ‘buicéid’, i gcás táscaire riosca ar leith, sainíonn an SRT líon seasta aicmí riosca (buicéid), agus dhá bhuicéad ar a laghad ann. Ba cheart don SRT líon na mbuicéad a shainiú chun leibhéil éagsúla riosca a léiriú a bhaineann leis na ball-institiúidí (mar shampla, ardriosca, meánriosca, riosca íseal) a mheasúnaítear ar bhonn an táscaire riosca faoi seach.
|
|
52. Maidir le gach buicéad de tháscaire riosca ‘j’, ba cheart don SRT uasteorainn agus íosteorainn …
|
Maidir le gach buicéad de tháscaire riosca ‘j’, ba cheart don SRT uasteorainn agus íosteorainn luach ‘A’ an táscaire riosca a chinneadh sa chaoi go ndéanfar ball-institiúidí a bhfuil leibhéal riosca comhchosúil acu a ghrúpáil sa bhuicéad céanna. Ba cheart don SRT teorainneacha na mbuicéad a chinneadh ar bhonn coibhneasta nó ar bhonn iomlán, sna cásanna seo a leanas: - a. Agus an bonn coibhneasta á úsáid, ba cheart don SRT ball-institiúidí a dháileadh go cothrom idir buicéid. Cinneann an SRT teorainneacha na mbuicéad tar éis luachanna ‘A’ tháscaire riosca na mball-institiúidí sa bhuicéad céanna a chinneadh.
- b. Agus an bonn iomlán á úsáid aige, ba cheart don SRT teorainneacha na mbuicéad a chinneadh chun a léiriú gurb ionann luachanna uile ‘A’ an táscaire riosca laistigh de na teorainneacha sin agus leibhéal riosca comhchosúil agus go gcríochnaíonn gach ball-institiúid ag a bhfuil leibhéal riosca comhchosúil sa bhuicéad céanna.
|
|
53. Ba cheart don SRT líon agus teorainneacha na mbuicéad a shocrú chun a áirithiú go ndéantar …
|
Ba cheart don SRT líon agus teorainneacha na mbuicéad a shocrú chun a áirithiú go ndéantar difreáil leordhóthanach agus fhiúntach idir na ball-institiúidí. Ba cheart do SRT gan an líon agus na teorainneacha a chalabrú sa chaoi go n-aicmeofaí na ball-institiúidí sa bhuicéad céanna, d’ainneoin go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na leibhéil riosca arna dtomhas le táscaire riosca ar leith.
|
|
54. Níor cheart don SRT teorainn uachtarach a shocrú don bhuicéad is airde agus níor cheart dó …
|
Níor cheart don SRT teorainn uachtarach a shocrú don bhuicéad is airde agus níor cheart dó teorainn níos ísle a shocrú don bhuicéad is ísle.
|
|
55. Maidir le gach buicéad táscaire riosca, ba cheart don SRT IRS comhfhreagrach a shannadh. Ba …
|
Maidir le gach buicéad táscaire riosca, ba cheart don SRT IRS comhfhreagrach a shannadh. Ba cheart don SRT IRS 100 a shannadh don bhuicéad is mó riosca agus IRS 0 a shannadh don bhuicéad is lú riosca. Féadfaidh an SRT imeacht ón riail sin maidir le táscairí riosca nach féidir ach dhá luach fhéideartha a bheith acu agus i gcás ina bhfuil meánleibhéal riosca i gceist le ceann amháin acu. Má chinneann an SRT úsáid a bhaint as an bhféidearthacht sin, ba cheart dó IRS 50 a shannadh don bhuicéad a sheasann don mheánleibhéal riosca agus ba cheart IRS 100 nó 0 a shannadh don bhuicéad eile. Modh an ‘scála sleamhnáin’ don IRS
|
|
56. Sa mhodh sin, i gcás gach institiúide ‘I’ agus i gcás gach táscaire riosca ‘j’, ba cheart don …
|
Sa mhodh sin, i gcás gach institiúide ‘I’ agus i gcás gach táscaire riosca ‘j’, ba cheart don SRT IRS a ríomh bunaithe ar luach ‘A’ an táscaire riosca. Ba cheart don SRT ‘ ’ teorainn uachtarach agus ‘ ’ teorainn íochtarach a shainiú do gach táscaire. Má tá luach 𝑎𝑎 𝑗𝑗 an táscaire idir na teorainneacha 𝑠𝑠 𝑗𝑗 sainithe, ba cheart don SRT luach an IRS a shannadh idir 0 agus 100 de réir an dá fhoirmle seo a leanas: - a. Nuair a léiríonn luach táscaire níos airde riosca níos airde agus go bhfuil an táscaire os cionn na teorann uachtaraí ‘ ’, ba cheart don SRT luach an IRS a shocrú ag 100. Mar an gcéanna, nuair a bhíonn luach 𝑎𝑎 𝑗𝑗 an táscaire faoi bhun na teorann íochtarí ‘ ’, ba cheart don SRT luach an IRS a shocrú ag 0. Is í an fhoirmle chomhfhreagrach ná: 𝑠𝑠 𝑗𝑗
i gcás ina bhfuil 𝐼𝐼𝐶𝐶𝑆𝑆 𝑖𝑖𝑗𝑗 j = = táscaire ⎩ ⎧ ⎪ ⎨ ⎪ ‘j’, 𝐴𝐴 𝑎𝑎 𝑖𝑖𝑗𝑗 𝑗𝑗 i −𝑠𝑠 raon −𝑠𝑠 100 0 𝑗𝑗 𝑗𝑗 ó ∗ 1 100, go 𝑖𝑖𝑎𝑎 𝑖𝑖 ‘m’. á 𝑖𝑖 𝑡𝑡 𝑡𝑡 á á á 𝐴𝐴 𝐴𝐴 𝑡𝑡 𝑖𝑖𝑗𝑗 𝑖𝑖𝑗𝑗 á 𝑠𝑠 < > 𝑗𝑗 ≤ 𝑠𝑠 𝑎𝑎 𝑗𝑗 𝑗𝑗 𝐴𝐴 𝑖𝑖𝑗𝑗 ≤ 𝑎𝑎 𝑗𝑗 - b. Mar an gcéanna, má léirítear riosca níos airde le táscaire níos ísle agus má tá an táscaire faoi bhun na teorann íochtaraí ‘ ’, ba cheart don SRT luach an IRS a shocrú ag 100. Dá réir sin, nuair a bhíonn luach an táscaire 𝑠𝑠 𝑗𝑗 os cionn na teorann uachtaraí ‘ ’, ba cheart don SRT luach an IRS a shocrú ag 0. Is í an fhoirmle chomhfhreagrach ná: 𝑎𝑎 𝑗𝑗
𝐼𝐼𝐶𝐶𝑆𝑆 𝑖𝑖𝑗𝑗 = ⎩ ⎧ ⎪ ⎨ ⎪ 𝑎𝑎 𝑎𝑎 𝑗𝑗 𝑗𝑗 −𝐴𝐴 −𝑠𝑠 100 0 𝑖𝑖𝑗𝑗 𝑗𝑗 ∗ 100, 𝑖𝑖 𝑖𝑖 á á 𝑡𝑡 𝑡𝑡 á 𝑖𝑖 á 𝐴𝐴 𝐴𝐴 á 𝑖𝑖𝑗𝑗 𝑖𝑖𝑗𝑗 𝑡𝑡 á > < 𝑠𝑠 𝑗𝑗 𝑎𝑎 𝑠𝑠 ≤ 𝑗𝑗 𝑗𝑗 𝐴𝐴 𝑖𝑖𝑗𝑗 ≤ 𝑎𝑎 𝑗𝑗 15
|
|
57. I gcás gach táscaire riosca, ba cheart don SRT an uasteorainn ‘ ’ agus an íosteorainn ‘ a …
|
I gcás gach táscaire riosca, ba cheart don SRT an uasteorainn ‘ ’ agus an íosteorainn ‘ a chalabrú chun a áirithiú go ndéantar difreáil leordhóthanach fhiúntach 𝑎𝑎 𝑗𝑗 idir na ball-institiúidí. 𝑠𝑠 𝑗𝑗 Ba ′ cheart don SRT gan na huasteorainneacha agus na híosteorainneacha a chalabrú sa chaoi gur cheart do gach ball-institiúid titim go leanúnach faoi bhun na híosteorann nó os cionn na huasteorann, in ainneoin difríochtaí suntasacha sa réimse a thomhaistear le táscaire riosca ar leith.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|