+26. Ba cheart d’institiúidí a ‘gcumas téarnaimh cás-sonrach’ a chur in iúl do na ‘táscairí ábhartha …
|
26. Ba cheart d’institiúidí a ‘gcumas téarnaimh cás-sonrach’ a chur in iúl do na ‘táscairí ábhartha …
Ba cheart d’institiúidí a ‘gcumas téarnaimh cás-sonrach’ a chur in iúl do na ‘táscairí ábhartha RP’ seo a leanas ar a laghad6 : - a. cóimheas caipitil de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1);
- b. cóimheas caipitil iomlán;
- c. cóimheas giarála;
- d. cóimheas cumhdaigh ar leachtacht (LCR);
- e. cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí (NSFR); I gcásanna nár chuir na hinstitiúidí na táscairí liostaithe san áireamh ina gcreat táscairí plean téarnaimh bunaithe ar an toimhde infhrisnéise dá bhforáiltear i dTreoirlínte ÚBE maidir le táscairí plean téarnaimh7 , ba cheart an ‘cumas téarnaimh cás-sonrach’ a shloinneadh i dtéarmaí na dtáscairí ionadacha faoi seach. Ba cheart d’institiúidí na méideanna ainmniúla is bunús le ríomh na dtáscairí ábhartha (uimhreoir agus ainmneoir) a áireamh ina bpleananna téarnaimh chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na figiúirí tuairiscithe a mheasúnú i gceart agus dúshlán a thabhairt ina gcoinne.
6 San áireamh in Iarscríbhinn II (‘an liosta íosta de tháscairí an phlean téarnaimh’) i dTreoirlínte ÚBE maidir le táscairí plean téarnaimh faoi Airteagal 9 de Threoir 2014/59/AE (EBA/GL/2021/11). 7 Féach Iarscríbhinn II – Íosliosta táscairí an phlean téarnaimh i dTreoirlínte ÚBE maidir le táscairí an phlean téarnaimh faoi Airteagal 9 de Threoir 2014/59/AE (EBA/GL/2021/11).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|