+5. Measúnú na n-údarás ar shonraí stairiúla
---+25. Bunaithe ar thorthaí na measúnuithe ar cháilíocht, ar chruinneas, ar chomhsheasmhacht agus ar …
---+26. I gcás inar sainaithníodh earráidí, míchruinneas agus ceartúcháin ghaolmhara sna sonraí a …
---+27. Ag brath ar a measúnú agus ar an ngá atá lena ndualgais a chomhlíonadh, féadfaidh údaráis …
---+28. Féadfaidh údaráis inniúla, údaráis réitigh nó ÚBE a éileamh freisin go gcuirfear isteach an …

5. Measúnú na n-údarás ar shonraí stairiúla

5. Measúnú na n-údarás ar shonraí stairiúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
25. Bunaithe ar thorthaí na measúnuithe ar cháilíocht, ar chruinneas, ar chomhsheasmhacht agus ar …

Bunaithe ar thorthaí na measúnuithe ar cháilíocht, ar chruinneas, ar chomhsheasmhacht agus ar iomláine na sonraí tuairiscithe ag na hinstitiúidí airgeadais, lena n-áirítear trí bhíthin bailíochtú sonraí agus measúnuithe dearbhaithe cáilíochta sonraí, féadfaidh údaráis inniúla, údaráis réitigh nó ÚBE a cheangal ar institiúidí airgeadais athruithe agus ceartúcháin a dhéanamh ar na sonraí reatha, agus, má mheastar gur gá é, ar na sonraí stairiúla freisin.

26. I gcás inar sainaithníodh earráidí, míchruinneas agus ceartúcháin ghaolmhara sna sonraí a …

I gcás inar sainaithníodh earráidí, míchruinneas agus ceartúcháin ghaolmhara sna sonraí a cuireadh isteach, ba cheart do na húdaráis inniúla, do na húdaráis réitigh nó do ÚBE a cheangal go gcuirfear na sonraí stairiúla ceartaithe isteach an athuair i gcomhréir le ceanglais na dtreoirlínte sin, mura ndearna na hinstitiúidí airgeadais iad a thíolacadh an athuair as a stuaim féin, mar a fhoráiltear i Mír 4 de na treoirlínte.

27. Ag brath ar a measúnú agus ar an ngá atá lena ndualgais a chomhlíonadh, féadfaidh údaráis …

Ag brath ar a measúnú agus ar an ngá atá lena ndualgais a chomhlíonadh, féadfaidh údaráis inniúla, údaráis réitigh nó ÚBE a cheangal ar institiúidí airgeadais mínithe iomchuí a thabhairt ar na ceartúcháin agus ar na cúiseanna atá leo, nuair a bheidh ceangal á chur ar na hinstitiúidí sonraí stairiúla a chur isteach an athuair.

28. Féadfaidh údaráis inniúla, údaráis réitigh nó ÚBE a éileamh freisin go gcuirfear isteach an …

Féadfaidh údaráis inniúla, údaráis réitigh nó ÚBE a éileamh freisin go gcuirfear isteach an athuair sonraí stairiúla le haghaidh dátaí tagartha breise i gcomparáid leis na ceanglais a leagtar amach sna treoirlínte, i gcás inar gá chun a gcúraimí reachtúla nó maoirseachta a dhéanamh. I gcás ina n-iarrtar dátaí tagartha breise a chur isteach an athuair i gcomparáid le ceanglais na dtreoirlínte sin, ba cheart do na húdaráis inniúla agus réitigh a áirithiú go bhfuil na hiarrataí sin comhréireach i ndáil le hábharthacht na n-earráidí sna sonraí a tuairiscíodh roimhe sin agus i ndáil le próifíl riosca nó ceanglais stuamachta na hinstitiúide.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.