+4.2 Rioscaí atá le measúnú
---+11. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh faoi strus ar an dóchúlacht go …
---+12. Chun críocha mhír 11, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna na gnéithe seo a leanas go léir a …
---+13. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le céatadáin an …
---+14. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh faoi strus ar an bhféidearthacht go …
---+15. Chun críocha mhír 14, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna gach ceann de na gnéithe seo a …
---+16. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú faoi strus a dhéanamh ar an ngá atá le …
---+17. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna na cásanna ina n-úsáidtear cur chuige aisamhairc …
---+18. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh luach …
|
4.2 Rioscaí atá le measúnú
4.2.1 Riosca fuascailte
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
11. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh faoi strus ar an dóchúlacht go …
|
Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh faoi strus ar an dóchúlacht go ndéanfar iarrataí ar fhuascailt tráth ar bith.
|
|
12. Chun críocha mhír 11, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna na gnéithe seo a leanas go léir a …
|
Chun críocha mhír 11, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna na gnéithe seo a leanas go léir a mheas: próifíl na sealbhóirí licíní (lena n-áirítear miondíol nó mórdhíol); an cineál licín (lena n-áirítear an bhfuil sé suntasach nó nach bhfuil); an cineál sócmhainne dá dtagraítear (amhail, airgeadra oifigiúil nó eile); saintréithe an eisitheora (amhail, institiúid chreidmheasa nó eile); eispéireas stairiúil iarratas ar fhuascailt; agus, próifíl aibíochta an chúlchiste sócmhainní. Féadfaidh eisitheoirí breithniú a dhéanamh ar aon ghné eile a mheas siad a bheith ábhartha don mheasúnú.
|
|
13. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le céatadáin an …
|
Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le céatadáin an chúlchiste sócmhainní a chomhlánú le haibíocht iarmhair suas le 1 lá oibre nó 5 lá oibre i gcomhréir le hAirteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114, a luaithe a bheidh feidhm ag an rialachán tarmligthe ábhartha, trí eatramh muiníne 99% a mheas i gcoibhneas leis an meánmhéid fuascailte sna cásanna is measa a breathnaíodh d’aibíocht iarmhair 1 lá agus 5 lá maidir le holl-eis-sreafaí, bunaithe ar a mbarúlacha stairiúla ar leith. 4.2.2 Riosca a bhaineann le taiscí le hinstitiúidí creidmheasa
|
|
14. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh faoi strus ar an bhféidearthacht go …
|
Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh faoi strus ar an bhféidearthacht go mbeadh mainneachtain ann maidir le rochtain phras a fháil ar mhéid na dtaiscí arna sealbhú in institiúidí creidmheasa mar chuid den chúlchiste sócmhainní.
|
|
15. Chun críocha mhír 14, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna gach ceann de na gnéithe seo a …
|
Chun críocha mhír 14, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna gach ceann de na gnéithe seo a leanas a mheas: i) cáilíocht chreidmheasa agus próifíl leachtachta an chontrapháirtí taisce; ii) comhchruinniú de réir contrapháirtí agus coimeádaí; iii) suíomh na taisce; iv) aibíocht na taisce; - v) an chomhthaobhacht a d’fhéadfadh a bheith ann (lena n-áirítear méid, cineál nó cáilíocht) atá faoin taisce; agus, vi) aon fhachtóir riosca nach gceanglaítear de réir Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114 a mheasann siad a bheith ábhartha don riosca sin.
4.2.3 Riosca margaidh agus luaineacht
|
|
16. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú faoi strus a dhéanamh ar an ngá atá le …
|
Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú faoi strus a dhéanamh ar an ngá atá le ceanglais leachtachta bhreise chun riosca margaidh an chúlchiste sócmhainní a chumhdach chomh maith lena dhifríochtaí ainmníochta airgeadra, luaineacht agus comhghaol i gcoibhneas le ceann de na sócmhainní dá dtagraítear, agus díorthaigh fálaithe ghaolmhara agus rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh atá i bhfeidhm á gcur san áireamh, cibé acu arna bhforchur i gcomhréir leis an tsonraíocht faoi Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114, a luaithe a bheidh feidhm ag an rialachán tarmligthe ábhartha, nó aon cheann eile arna iarraidh ón údarás inniúil/ón maoirseoir nó arna sealbhú ar bhonn deonach.
|
|
17. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna na cásanna ina n-úsáidtear cur chuige aisamhairc …
|
Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna na cásanna ina n-úsáidtear cur chuige aisamhairc stairiúil chun an rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh atá i bhfeidhm a chinneadh (dá dtagraítear sa mhír roimhe seo) a chur san áireamh agus tá sé bunaithe ar thréimhse bhreathnóireachta nár tharla aon teagmhas struis inti. Sna cásanna sin, mar shampla, ba cheart tréimhsí níos faide lena n-áirítear teagmhais struis a mheas nó ba cheart toimhdí struis a ionchorprú. 4.2.4 Riosca díphionnála
|
|
18. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh luach …
|
Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna measúnú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh luach margaidh na ARTanna/EMTanna éagsúil le luach margaidh na sócmhainne dá dtagraítear agus an bhfuil gá le ceanglais leachtachta bhreise chun an difríocht sin a mhaolú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|