+40. Ba cheart don eisitheoir a áirithiú go bhfuil tuairisc shoiléir mhionsonraithe sa phlean …

40. Ba cheart don eisitheoir a áirithiú go bhfuil tuairisc shoiléir mhionsonraithe sa phlean …

Ba cheart don eisitheoir a áirithiú go bhfuil tuairisc shoiléir mhionsonraithe sa phlean fuascailte ar na socruithe agus na próisis rialachais lena gcumhdaítear a fhorbairt, a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith lena fhorghníomhú. Go háirithe, ba cheart an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa phlean fuascailte:

  • i. comhalta nó comhaltaí an chomhlachta bainistíochta nó aon duine nó daoine laistigh de struchtúr eagraíochtúil an eisitheora atá freagrach as an bplean fuascailte a fhorbairt, a thabhairt cothrom le dáta agus a chur chun feidhme a léiriú;
  • ii. tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a gcomhtháthaítear an plean fuascailte sa chreat rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear i dTreoirlínte ÚBE maidir le hinneachar íosta na socruithe rialachais d’eisitheoirí ARTanna5 nó rialachán ábhartha eile is infheidhme maidir le heisitheoirí EMTanna;
  • iii. tuairisc a thabhairt ar na próisis chun an plean a thabhairt cothrom le dáta nó a athbhreithniú i gcás athruithe ábhartha a dhéanann difear do phróifíl ghnó nó airgeadais an eisitheora nó an chomhartha/na gcomharthaí arna n-eisiúint;
  • iv. sainaithneofar na gníomhaíochtaí criticiúla a choinneofar oibríochtúil chun an plean a chur chun feidhme, agus sainaithneofar an duine nó na daoine atá freagrach, ar thaobh an eisitheora nó laistigh den soláthraí tríú páirtí, i gcomhréir le míreanna 42-51;
  • v. an próiseas a leagan síos maidir le glacadh na gníomhaíochta ag gach céim chun forghníomhú tráthúil an phlean fuascailte a áirithiú ar chinneadh an údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) 2023/1114; agus
  • vi. an duine teagmhála nó na daoine teagmhála atá i gceannas ar chumarsáid leis na sealbhóirí comharthaí, leis an údarás inniúil nó leis na húdaráis inniúla agus leis na contrapháirtithe agus/nó leis an bpobal a shainaithint, agus sonraí teagmhála cothrom le dáta na ndaoine sin a áireamh laistigh d’eagraíocht an eisitheora.

5 EBA/GL/2024/06. Ar fáil anseo: https://www.eba.europa.eu/sites/default/files/2024-06/611ef3d4-4d67-467f-bf0d-4c2b1dd0ef5e/Final%20report%20on%20draft%20Guidelines%20on%20internal%20governance%20of%20issuers%20of% 20ARTs.pdf.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.