+32. Maidir le measúnú a dhéanamh ar rioscaí comhshaoil ar leibhéal neamhchosanta, ba cheart go n …

32. Maidir le measúnú a dhéanamh ar rioscaí comhshaoil ar leibhéal neamhchosanta, ba cheart go n …

Maidir le measúnú a dhéanamh ar rioscaí comhshaoil ar leibhéal neamhchosanta, ba cheart go n áireofaí i nósanna imeachta inmheánacha na n institiúidí sraith fachtóirí riosca agus critéar lena ngabhtar spreagaithe riosca fisiceacha agus idirthréimhseacha araon. I gcás ‑ ‑ institiúidí móra, áirítear leis sin, i gcás inarb infheidhme, an méid seo a leanas ar a laghad:

  • a) méid na leochaileachta do ghuaiseacha comhshaoil, agus suíomh geografach phríomhshócmhainní na gcontrapháirtithe agus na ráthóirí á gcur san áireamh, nó na comhthaobhachta fisiciúla a thacaíonn leis na neamhchosaintí á gcur san áireamh, agus breithniú á dhéanamh ar neamhchosaintí laistigh den chlár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe;
  • b) méid na leochaileachta do rioscaí aistrithe, agus forbairtí teicneolaíocha ábhartha á gcur san áireamh, tionchar na rialachán comhshaoil is infheidhme nó atá le teacht a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’earnáil gníomhaíochta an chontrapháirtí, astaíochtaí GCT reatha agus más ann dóibh spriocdhírithe i dtéarmaí dearbhluacha agus, i gcás inarb ábhartha, luacha déine an chontrapháirtí, tionchar roghanna margaidh atá ag teacht chun cinn, agus leibhéal na héifeachtúlachta fuinnimh i gcás neamhchosaintí ar eastát réadach cónaithe nó tráchtála mar aon le cumas seirbhísithe fiachais na gcontrapháirtithe;
  • c) neamhchosaint shamhail ghnó an chontrapháirtí agus/nó an tslabhra soláthair do shuaitheadh criticiúil mar gheall ar fhachtóirí comhshaoil amhail an tionchar ag caillteanas na bithéagsúlachta, strus uisce nó truailliú;
  • d) neamhchosaint an chontrapháirtí ar rioscaí clú agus dlíthíochta agus cásanna dlíthíochta atá curtha i gcrích, ar feitheamh nó ar tí tarlú a bhaineann le saincheisteanna comhshaoil á gcur san áireamh;
  • e) aibíocht (pleanáilte) nó struchtúr téarma na neamhchosanta nó na sócmhainne;
  • f) fachtóirí maolaithe riosca, amhail cumhdach árachais phríobháidigh nó phoiblí, mar shampla bunaithe ar scéimeanna tubaiste náisiúnta is infheidhme nó ar chreataí comhchosúla, agus cumas an chontrapháirtí athléimneacht i gcoinne rioscaí aistrithe agus fisiceacha a áirithiú lena n áirítear trí phleanáil réamhbhreathnaitheach um aistriú. ‑

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.