+29. Maidir le rioscaí aeráide, ba cheart na tosca breise seo a leanas a chur san áireamh: a. …

29. Maidir le rioscaí aeráide, ba cheart na tosca breise seo a leanas a chur san áireamh: a. …

Maidir le rioscaí aeráide, ba cheart na tosca breise seo a leanas a chur san áireamh:

  • a. beartais aeráide, i.e. leibhéal na hidirghabhála beartais atá dírithe ar an athrú aeráide a mhaolú nó a thionchair a bhainistiú trí bheartais oiriúnúcháin; d’fhéadfadh gníomhaíochtaí an- uaillmhianach go gníomhaíochtaí íosta a bheith i gceist leis sin;
  • b. córais fuinnimh, i.e. struchtúr an táirgthe, an tomhaltais agus an bhonneagair fuinnimh, lena n- áirítear spleáchas ar bhreoslaí iontaise vs. foinsí fuinnimh in - athnuaite;
  • c. conairí earnála i dtreo astaíochtaí glan-nialasacha, i.e. an chaoi a n-aistríonn na hearnálacha éagsúla agus a n - oiriúnaíonn siad do gheilleagar inbhuanaithe, lena n - áirítear, i gcás inarb ábhartha, an t - ionchas idirnáisiúnta, amhail an Ghníomhaireacht Idi rnáisiúnta Fuinnimh (IEA), an tionscnamh um Sprioc Eolaíochtbhunaithe (SBTi) nó conairí dícharbónaithe earnála7 Chomhlachais Baincéireachta Neodrachta (NZBA)8 , an comhthéacs réigiúnach, lena n -áirítear, thar aon ní eile, straitéis an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, agus sprioc 2050 maidir le neodracht ó thaobh na haeráide de, agus na beartais náisiúnta agus an straitéis aeráide;
  • d. leibhéal astaíochtaí agus an tionchar aeráide ina dhiaidh sin, i.e. dlús astaíochtaí gás ceaptha teasa agus conas a mheastar go dtiocfaidh forbairt ar theocht agus ar phróisis bhithfhisiciúla eile amach anseo.

7 Is comhpháirtíocht dhomhanda é SBTi (idir CDP, Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe, WRI, agus WWF) a chuidíonn le cuideachtaí agus le hinstitiúidí airgeadais spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagan síos atá ailínithe le spriocanna Chomhaontú Pháras (an téamh a theorannú go mór faoi bhun 2°C, agus iarracht a dhéanamh 1.5°C a bhaint amach).

8 Is tionscnamh treoraithe ag tionscal de chuid na Náisiún Aontaithe é NZBA a seoladh in 2021 faoi Chomhghuaillíocht Airgeadais Ghlaschú um Neodracht (GFANZ) a sholáthraíonn creat coiteann do bhainc chun a bpunanna a ailíniú le hastaíochtaí neodrachta faoi 2050 trí spriocanna earnála a ghlacadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.