+69. Bunaithe ar an anailís a rinneadh, ba cheart d’údaráis inniúla teacht ar a dtuairim ar na …
|
69. Bunaithe ar an anailís a rinneadh, ba cheart d’údaráis inniúla teacht ar a dtuairim ar na …
Bunaithe ar an anailís a rinneadh, ba cheart d’údaráis inniúla teacht ar a dtuairim ar na gnéithe seo a leanas nó a dtuairim a nuashonrú: - a. na príomhleochaileachtaí, ar leochaileachtaí iad a bhfuil samhail agus straitéis ghnó na hinstitiúide neamhchosant orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu, amhail comhchruinnithe iomarcacha nó glacadh riosca, drochstiúradh straitéiseach na gcumas brabúsachta agus forghníomhaithe;
- b. inmharthanacht shamhail ghnó reatha na hinstitiúide, mar a shainmhínítear i mír 56, i bhfianaise a feidhmíochta cainníochtúla, a hinghlacthachta riosca, a struchtúir maoinithe, a príomhthiomántóirí ratha agus a spleáchais agus a timpeallachta gnó;
- c. inbhuanaitheacht straitéis na hinstitiúide, mar a shainmhínítear i mír 56, bunaithe ar inchreidteacht a plean straitéisigh agus a réamhaisnéisí airgeadais, agus i bhfianaise an mheasúnaithe maoirseachta ar fheidhmíocht airgeadais réamh-mheasta, ar an straitéis fhoriomlán, ar leibhéal na hathléimneachta oibríochtúla agus ar na cumais forghníomhaithe. Ba cheart d'údaráis inniúla aird a thabhairt freisin ar chumas na hinstitiúide a áirithiú go mbeidh sí athléimneach i gcoinne rioscaí comhshaoil sa mheántéarma agus san fhadtéarma trí thréimhsí fadtéarmacha de dheich mbliana ar a laghad a chur san áireamh, lena n-áirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar na hanailísí athléimneachta ar an tsamhail ghnó comhshaoil a rinne an institiúid i gcomhréir le Treoirlínte an ÚBE maidir le hanailís cásanna comhshaoil17 ;
17 ÚBE/GL/2019/04
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|