+1. Comhlíonadh agus oibleagáidí tuairiscithe
---+Stádas na dTreoirlínte seo
---+Ceanglais maidir le tuairisciú

1. Comhlíonadh agus oibleagáidí tuairiscithe

1. Comhlíonadh agus oibleagáidí tuairiscithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Stádas na dTreoirlínte seo

Tá treoirlínte sa doiciméad seo a eisíodh de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/20101 . De réir Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ní mór d’údaráis inniúla agus d’institiúidí airgeadais gach iarracht a dhéanamh na treoirlínte a chomhlíonadh.

Sna treoirlínte leagtar amach tuairim ÚBE maidir le cleachtais mhaoirseachta iomchuí laistigh den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais, nó maidir le conas ba cheart dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i réimse ar leith. Ba cheart d’údaráis inniúla, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbaineann treoirlínte, comhlíonadh trí na treoirlínte a ionchorprú ina gcleachtais mar is cuí (e.g. trína gcreat dlíthiúil nó a bpróisis mhaoirseachta a leasú), agus cásanna ina bhfuil na treoirlínte dírithe go príomha ar institiúidí san áireamh.

Ceanglais maidir le tuairisciú

De réir Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ní mór d’údaráis inniúla fógra a thabhairt do ÚBE maidir le cibé an bhfuil na treoirlínte seo á gcomhlíonadh acu, nó cibé an bhfuil sé ar intinn acu iad a chomhlíonadh, nó cúiseanna a sholáthar le neamhchomhlíonadh ar shlí eile, faoin [ 27.12.2026 ] . In éagmais aon fhógra faoin spriocdháta sin, measfaidh ÚBE go bhfuil údaráis inniúla neamhchomhlíontach. Ba chóir fógraí a sheoladh tríd an bhfoirm atá ar fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE a chur isteach agus an tagairt ‘EBA/GL/2026/05’ luaite leo. Ba cheart go mbeadh fógraí curtha isteach thar ceann a n údarás inniúil ag daoine a bhfuil an t údarás cuí acu chun comhlíonadh a thuairisciú. Ní mór aon athrú ar an stádas comhlíonta a thuairisciú do ÚBE chomh maith. ‑ ‑

Foilseofar fógraí ar shuíomh gréasáin ÚBE, de réir Airteagal 16(3).

1 Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj ). 2

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.