+Airteagal 36 Ceanglais bhunriachtanacha maidir le conarthaí cliste chun socruithe chomhroinnte sonraí a fhorghníomhú
---+Airteagal 36 1
---+Airteagal 36 2
---+Airteagal 36 3
---+Airteagal 36 4
---+Airteagal 36 5
---+Airteagal 36 6
---+Airteagal 36 7
---+Airteagal 36 8
---+Airteagal 36 9
---+Airteagal 36 10
---+Airteagal 36 11
|
Airteagal 36 Ceanglais bhunriachtanacha maidir le conarthaí cliste chun socruithe chomhroinnte sonraí a fhorghníomhú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 36 1
|
1. Díoltóir feidhmchláir a úsáideann conarthaí cliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, áiritheoidh sé nó sí go ndéanfar, leis na conarthaí cliste sin, na ceanglais bhunriachtanacha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
(a)
|
stóinseacht agus rialú rochtana, chun a áirithiú go bhfuil an conradh cliste deartha chun sásraí rialaithe rochtana agus leibhéal an-ard stóinseachta a thairiscint chun earráidí feidhmiúla a sheachaint agus chun ionramháil ag tríú páirtithe a sheasamh;
|
|
(b)
|
foirceannadh agus briseadh sábháilte, chun a áirithiú go bhfuil sásra ann chun deireadh a chur le forghníomhú leanúnach na n-idirbheart agus go n-áirítear sa chonradh cliste feidhmeanna inmheánacha lenar féidir an conradh a athshocrú nó a threorú chun an oibríocht a stopadh nó a bhriseadh, go háirithe chun forghníomhú tionóisceach amach anseo a sheachaint;
|
|
(c)
|
cartlannú agus leanúnachas sonraí chun a áirithiú go mbeidh féidearthacht ann, in imthosca inar gá conradh cliste a fhoirceannadh nó a dhíghníomhachtú, na sonraí idirbhirt, an loighice agus cód chonartha chliste a chartlannú chun taifead a choinneáil ar na hoibríochtaí a rinneadh ar na sonraí san am a chuaigh thart (in-iniúchóireacht);
|
|
(d)
|
rialú rochtana, chun a áirithiú go ndéantar conradh cliste a chosaint trí bhíthin sásraí rialaithe rochtana diana ag na sraitheanna rialachais agus ag na sraitheanna conartha cliste; agus
|
|
(e)
|
comhsheasmhacht, chun comhsheasmhacht a áirithiú le téarmaí an chomhaontaithe comhroinnte sonraí a chuirtear i gcrích leis an gconradh cliste.
|
|
|
Airteagal 36 2
|
2. Díoltóir conartha chliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird, a ghnó nó a ghairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, déanfaidh sé measúnú comhréireachta d’fhonn na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh agus, ar chomhlíonadh na gceanglas sin, eiseoidh sé dearbhú comhréireachta AE.
|
|
Airteagal 36 3
|
3. Tríd an dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas, maidir leis an díoltóir feidhmchláir a úsáideann conarthaí cliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird, a ghnó nó a ghairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, beidh sé freagrach as na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 36 4
|
4. Toimhdeofar conradh cliste lena gcomhlíontar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na codanna ábhartha díobh a bhfuil a dtagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le caighdeáin chomhchuibhithe den sórt sin nó le codanna díobh.
|
|
Airteagal 36 5
|
5. Iarrfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíontar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 36 6
|
6. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena gcumhdófar aon cheann nó gach ceann de na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíonfar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus;
|
(i)
|
nár glacadh leis an iarraidh;
|
|
(ii)
|
nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sheachadadh laistigh den spriocdháta a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó
|
|
(iii)
|
nach gcomhlíontar na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus
|
|
|
(b)
|
nach bhfuil aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.
|
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).
|
|
Airteagal 36 7
|
7. Sula n-ullmhóidh sé dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 6 den Airteagal seo comhlíonta.
|
|
Airteagal 36 8
|
8. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh comhairle EDIB agus tuairimí comhlachtaí nó grúpaí saineolaithe ábhartha eile agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.
|
|
Airteagal 36 9
|
9. Maidir le díoltóir conartha chliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm le conarthaí cliste a imscaradh do dhaoine eile i gcomhthéacs comhaontuithe maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, lena gcomhlíontar na sonraíochtaí arna mbunú le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 nó le codanna díobh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le sonraíochtaí coiteanna den sórt sin nó le codanna díobh.
|
|
Airteagal 36 10
|
10. I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí é don Choimisiún chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE)1025/2012. I gcás ina bhfoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, nó codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais bhunriachtanacha chéanna a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.
|
|
Airteagal 36 11
|
11. Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.12.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2854
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|