+Airteagal 97 Tuarascálacha ón gCoimisiún
---+Airteagal 97 1.
---+Airteagal 97 2.
---+Airteagal 97 3.
---+Airteagal 97 4.
---+Airteagal 97 5.
|
Airteagal 97 Tuarascálacha ón gCoimisiún
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 97 1.
|
Faoin 25 Bealtaine 2020, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Poibleofar na tuarascálacha.
|
|
Airteagal 97 2.
|
I gcomhthéacs na meastóireachtaí agus na n-athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an Coimisiún, go háirithe, cur i bhfeidhm agus feidhmiú na nithe seo a leanas:
(a)
Caibidil V maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ó thaobh cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 45(3) den Rialachán seo agus cinntí a ghlactar ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE;
(b)
Caibidil VII maidir le comhar agus comhsheasmhacht.
|
|
Airteagal 97 3.
|
Chun na críche mhír 1, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis mhaoirseachta.
|
|
Airteagal 97 4.
|
I gcur i gcrích na meastóireachtaí agus na n-athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile chomh maith.
|
|
Airteagal 97 5.
|
Más gá, tíolacfaidh an Coimisiún tograí iomchuí d'fhonn an Rialachán seo a leasú, ag cur san áireamh go háirithe an méid atá tite amach forbairtí i dteicneolaíocht na faisnéise agus i bhfianaise staid an dul chun cinn sa tsochaí faisnéise.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.05.2016 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R0679
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|