+Airteagal 10 Díolúine ar fhorais sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
|
Airteagal 10 Díolúine ar fhorais sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir nó ar a thionscnamh féin, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach a chinneadh an geatóir sin a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó oibleagáid shonrach a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 maidir le croísheirbhís ardáin atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), ina bhfuil údar maith le díolúine den sórt sin ar na forais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo (“an cinneadh díolúine”). Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh díolúine laistigh de 3 mhí tar éis dó iarraidh atá réasúnaithe go hiomlán a fháil, agus soláthróidh sé ráiteas réasúnaithe ina míneofar na forais leis an díolúine. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
|
|
Airteagal 10 2.
|
I gcás ina ndeonaítear díolúine de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a chinneadh díolúine más rud é nach ann a thuilleadh d’fhoras na díolúine nó ar a laghad gach bliain. I ndiaidh athbhreithniú den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an bhfionraí go hiomlán nó go páirteach, nó cinnfidh sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 á sásamh go fóill.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Ní fhéadfar díolúine de bhun mhír 1 a dheonú ach amháin ar fhorais sláinte poiblí nó slándála poiblí.
|
|
Airteagal 10 4.
|
I gcásanna práinne, féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir nó ar a thionscnamh féin, cur i bhfeidhm oibleagáide ar leith dá dtagraítear i mír 1 maidir le ceann amháin nó níos mó de chroísheirbhísí ardáin aonair a chur ar fionraí go sealadach roimh an gcinneadh de bhun na míre sin. Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh agus a dheonú tráth go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún an measúnú de bhun mhír 1.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Agus an iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 á measúnú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go sonrach, an tionchar a bheadh ag comhlíonadh na hoibleagáide ábhartha ar na forais i mír 3 chomh maith leis na héifeachtaí ar an ngeatóir lena mbaineann agus ar thríú páirtithe. D’fhéadfadh an Coimisiún an fhionraí a chur faoi réir coinníollacha agus oibleagáidí chun cothromaíocht chóir a áirithiú idir na leasanna atá á saothrú leis na forais i mír 3 agus na cuspóirí atá leis an Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R1925
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|