+Airteagal 17 Imscrúdú margaidh chun geatóirí a ainmniú
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
|
Airteagal 17 Imscrúdú margaidh chun geatóirí a ainmniú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh féachaint ar cheart gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(8), nó chun na croísheirbhísí ardáin a shainaithint atá le liostú sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9). Féachfaidh an Coimisiún lena imscrúdú margaidh a thabhairt i gcrích laistigh de 12 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). D’fhonn a imscrúdú margaidh a thabhairt i gcrích, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach a chinneadh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
|
|
Airteagal 17 2.
|
Le linn imscrúdú margaidh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún iarracht na réamhchinntí uaidh a chur in iúl don ghnóthas lena mbaineann a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige laistigh de 6 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). Sna réamhchinntí, míneoidh an Coimisiún an measann sé, ar bhonn sealadach, gur iomchuí go ndéanfaí an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(8), agus go ndéanfaí, ar bhonn sealadach, na croísheirbhísí ardáin ábhartha a liostú de bhun Airteagal 3(9).
|
|
Airteagal 17 3.
|
I gcás ina sásaíonn an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 3(2), ach go bhfuil argóintí a bhfuil bunús leordhóthanach leo curtha in iúl aige i gcomhréir le hAirteagal 3(5) a thug amhras ar an toimhde in Airteagal 3(2), déanfaidh an Coimisiún iarracht an t-imscrúdú margaidh a thabhairt i gcrích laistigh de 5 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). I gcás den sórt sin, féachfaidh an Coimisiún lena réamhchinntí de bhun mhír 2 den Airteagal seo a chur in iúl don ghnóthas lena mbaineann laistigh de 3 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a).
|
|
Airteagal 17 4.
|
Nuair a ainmníonn an Coimisiún gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige mar gheatóir de bhun Airteagal 3(8), ar gnóthas é nach mbaineann tairbhe go fóill as suíomh daingnithe marthanach ina chuid oibríochtaí, ach go bhfuil sé intuartha go mbainfidh sé tairbhe as suíomh den sórt sin go luath, féadfaidh sé a fhógairt nach mbeidh infheidhme maidir leis an ngeatóir sin ach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5(3) go (6) agus Airteagal 6(4), (7), (9), (10) agus (13), mar a shonraítear sa chinneadh ainmniúcháin. Fógróidh an Coimisiún nach mbeidh infheidhme ach amháin na hoibleagáidí sin atá iomchuí agus riachtanach chun cosc a chur ar an ngeatóir suíomh daingnithe marthanach a bhaint amach ina chuid oibríochtaí ar bhealach atá éagórach. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar ainmniú den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 4.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R1925
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|