+Airteagal 5 Na socruithe oibre a bheidh ag baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5

Airteagal 5 Na socruithe oibre a bheidh ag baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1

1.   Déanfaidh baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach na cúraimí a shainaithnítear sa phlean formhaoirseachta bliantúil aonair leis an inniúlacht chuí, cúram cuí agus dícheall cuí, gan aon chlaonadh agus i gcomhréir le treoracha chomhordaitheoir an Phríomh-Fhormhaoirseora dá dtagraítear in Airteagal 40(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2554.

Airteagal 5 2

2.   Agus cúraimí formhaoirseachta á ndéanamh acu, déanfaidh baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach nósanna imeachta formhaoirseachta arna ndréachtú go comhpháirteach ag na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha i ndáil le gníomhaíochtaí formhaoirseachta a leanúint agus i ndáil le haon réimse oibríochtúil ábhartha, lena n-áirítear sonraíochtaí a bhaineann le húsáid uirlisí agus trealaimh TF agus bainistiú ama.

Airteagal 5 3

3.   Leanfaidh baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach na sonraíochtaí agus na treoracha faisnéise agus láimhseála sonraí a sholáthraíonn comhordaitheoir an Phríomh-Fhormhaoirseora dá dtagraítear in Airteagal 40(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2554 agus comhlíonfaidh siad córas rúndachta na nÚdarás Maoirseachta Eorpach.

Airteagal 5 4

4.   Bunóidh an Príomh-Fhormhaoirseoir agus na húdaráis ainmniúcháin socruithe chun na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear socruithe maidir leis an am a chaitear agus na costais mheasta a bhaineann leis na gníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanann an fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach, oiliúint, agus breithnithe eiticiúla agus iompair i ndáil le ról na mball den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 5 5

5.   Áiritheoidh an Príomh-Fhormhaoirseoir agus na húdaráis ainmniúcháin go ndéanfar na socruithe dá dtagraítear i mír 4 a chur chun feidhme go tráthúil, go ndéanfar iad a athbhreithniú agus a choinneáil cothrom le dáta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0420
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.