+Airteagal 4a Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun claontacht a bhrath agus a cheartú
---+Airteagal 4a 1.
---+Airteagal 4a 2.

Airteagal 4a Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun claontacht a bhrath agus a cheartú

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4a 1.

A mhéid is fíorghá chun brath agus ceartú claontachta a áirithiú i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca, i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointí (f) agus (g) den Rialachán seo, féadfaidh soláthraithe na gcóras sin catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil go heisceachtúil, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha. De bhreis ar na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus i dTreoir (AE) 2016/680, mar is infheidhme, comhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas chun go bhféadfaí an phróiseáil sin a dhéanamh:

(a) 

ní féidir brath agus ceartú claontachta a chomhlíonadh go héifeachtach trí shonraí eile a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí sintéiseacha nó anaithnidithe;

(b) 

tá na catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi réir teorainneacha teicniúla maidir le hathúsáid na sonraí pearsanta, agus faoi réir bearta úrscothacha slándála agus caomhnaithe príobháideachais, lena n-áirítear an bréagainmniú;

(c) 

tá na catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi réir beart chun a áirithiú go bhfuil na sonraí pearsanta a phróiseáiltear slán agus faoi chosaint, faoi réir coimircí oiriúnacha, lena n-áirítear rialuithe dochta agus doiciméadacht ar an rochtain, chun mí-úsáid a sheachaint agus chun a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag daoine údaraithe a bhfuil oibleagáidí rúndachta iomchuí orthu ar na sonraí pearsanta sin;

(d) 

ní tharchuirtear, ní aistrítear ná níl rochtain ar shlí eile ag páirtithe eile ar na catagóirí speisialta sonraí pearsanta;

(e) 

scriostar na catagóirí speisialta sonraí pearsanta a luaithe a cheartófar an chlaontacht nó nuair a bheidh deireadh tagtha le tréimhse coinneála na sonraí pearsanta, cibé acu is túisce; agus

(f) 

áirítear sna taifid ar ghníomhaíochtaí próiseála de bhun Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Threoir (AE) 2016/680 na cúiseanna a raibh fíorghá le catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun claontachtaí a bhrath agus a cheartú, agus an fáth nárbh fhéidir an cuspóir sin a bhaint amach trí shonraí eile a phróiseáil.

Airteagal 4a 2.

Féadfaidh soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas agus samhlacha intleachta saorga eile agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil go heisceachtúil a mhéid:

(a) 

a bheidh géarghá leis an bpróiseáil sin chun brath agus ceartú claontachta a áirithiú i bhfianaise claontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar dócha go ndéanfaidh siad difear do shláinte agus do shábháilteacht daoine, go mbeidh tionchar diúltach acu ar chearta bunúsacha nó go mbeidh idirdhealú a thoirmisctear de bhun dhlí an Aontais mar thoradh orthu, go háirithe i gcás ina mbíonn tionchar ag aschuir sonraí ar ionchuir le haghaidh oibríochtaí a bheidh ann amach anseo; agus

(b) 

a chuirfear na coinníollacha agus na coimircí uile a leagtar amach i mír 1 i bhfeidhm.

Ní chruthaítear leis an mír seo aon oibleagáid chun an chlaontacht sin a bhrath agus a cheartú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.