+Airteagal 78 Rúndacht
---+Airteagal 78 1.
---+Airteagal 78 2.
---+Airteagal 78 3.
---+Airteagal 78 4.
---+Airteagal 78 5.
|
Airteagal 78 Rúndacht
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 78 1.
|
Urramóidh an Coimisiún, údaráis faireachais margaidh agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a bhfuil baint aige le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, rúndacht na faisnéise agus na sonraí arna bhfáil i mbun cúraimí agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach ina ndéanfar an méid seo a leanas a chosaint go háirithe:
(a)
cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear cód foinseach, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
);
(b)
cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críoch cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí;
(c)
leas an phobail agus leasanna slándála náisiúnta;
(d)
seoladh imeachtaí coiriúla nó riaracháin;
(e)
faisnéis a aicmítear de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 78 2.
|
Na húdaráis a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun mhír 1, ní iarrfaidh siad ach sonraí a bhfuil fíorghá leo chun measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le córais intleachta saorga agus chun a gcumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2019/1020. Cuirfidh siad bearta cibearshlándála leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm chun slándáil agus rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaightear a chosaint, agus scriosfaidh siad na sonraí arna mbailiú a luaithe nach mbeidh gá leo a thuilleadh chun na críche dá bhfuarthas iad, i gcomhréir le dlí is infheidhme an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
|
|
Airteagal 78 3.
|
Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, maidir le faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus idir údaráis inniúla náisiúnta agus an Coimisiún, ní nochtfar an fhaisnéis sin gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás inniúil náisiúnta tionscnaimh agus leis an úsáideoir gairmiúil nuair a úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis rialaithe teorann, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 nó 7 d’Iarscríbhinn III, agus nuair a chuirfeadh an nochtadh sin leasanna slándála poiblí agus leasanna slándála náisiúnta i mbaol. Ní chumhdófar, leis an malartú faisnéise sin, sonraí oibríochtúla íogaire maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó tearmainn. Maidir le húdaráis forfheidhmithe dlí, inimirce agus tearmainn, i gcás inar soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca iad dá dtagraítear i bpointí 1, 6 nó 7 d’Iarscríbhinn III, fanfaidh an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV laistigh d’áitreabh na n-údarás sin. Áiritheoidh na húdaráis sin gur féidir leis na húdaráis faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 74(8) agus (9), de réir mar is infheidhme, rochtain a fháil ar an doiciméadacht láithreach, arna iarraidh sin dóibh, nó cóip di a fháil. Ní cheadófar ach d’fhoireann an údaráis faireachais margaidh a bhfuil an leibhéal iomchuí imréitigh slándála acu rochtain a fháil ar an doiciméadacht sin nó ar aon chóip di.
|
|
Airteagal 78 4.
|
Ní dhéanfaidh míreanna 1, 2 ná 3 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus a n-údarás ábhartha, agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, lena n-áirítear i gcomhthéacs an chomhair trasteorann, ná d’oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann chun faisnéis a chur ar fáil faoi dhlí coiriúil na mBallstát.
|
|
Airteagal 78 5.
|
Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcás inar gá agus i gcomhréir le forálacha ábhartha comhaontuithe idirnáisiúnta agus trádála, faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo lena ráthaítear leibhéal leordhóthanach rúndachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|