+Airteagal 95 Cóid iompair le haghaidh cur chun feidhme deonach ceanglas sonrach
---+Airteagal 95 1.
---+Airteagal 95 2.
---+Airteagal 95 3.
---+Airteagal 95 4.
|
Airteagal 95 Cóid iompair le haghaidh cur chun feidhme deonach ceanglas sonrach
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 95 1.
|
Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus na Ballstáit tarraingt suas cód iompair a spreagadh agus a éascú, lena n-áirítear sásraí rialachais gaolmhara, lena mbeartaítear cur i bhfeidhm deonach roinnt de na ceanglais nó na ceanglais uile a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a chothú maidir le córais intleachta saorga, seachas córais intleachta saorga ardriosca, agus na réitigh theicniúla agus na dea-chleachtais tionscail atá ar fáil á gcur san áireamh, lenar féidir na ceanglais sin a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 95 2.
|
Éascóidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus na Ballstáit tarraingt suas cód iompair maidir le cur i bhfeidhm deonach, lena n-áirítear tarraingt suas cód iompair a bheith á cur i bhfeidhm ag úsáideoirí gairmiúla, ceanglas sonrach maidir le gach córas intleachta saorga, ar bhonn cuspóirí soiléire agus príomhtháscairí feidhmíochta chun baint amach na gcuspóirí sin a thomhas, lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas, mar shampla, ach gan a bheith teoranta dóibh:
(a)
gnéithe is infheidhme dá bhforáiltear i dTreoirlínte Eitice an Aontais le haghaidh Intleacht Shaorga Iontaofa;
(b)
measúnú a dhéanamh ar thionchar córas intleachta saorga ar inbhuanaitheacht chomhshaoil agus é a íoslaghdú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le clársceidealú atá tíosach ar fhuinneamh agus teicnící maidir le ceapadh, oiliúint agus úsáid na hIntleachta Saorga ar bhealach éifeachtach;
(c)
litearthacht intleachta saorga a chur chun cinn, go háirithe litearthacht na ndaoine a bhíonn ag déileáil le forbairt, oibriú agus úsáid intleachta saorga;
(d)
éascú a dhéanamh ar cheapadh córas intleachta saorga le go mbeidís cuimsitheach, éagsúil, lena n-áirítear trí fhoirne forbartha cuimsitheacha, éagsúla a bhunú agus trí rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí sa phróiseas sin a chur chun cinn;
(e)
measúnú a dhéanamh ar thionchar diúltach na gcóras intleachta saorga ar dhaoine leochaileacha nó ar ghrúpaí de dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus ar chomhionannas inscne, agus an tionchar diúltach sin a chosc.
|
|
Airteagal 95 3.
|
Féadfaidh soláthraithe nó úsáideoirí gairmiúla aonair córas intleachta saorga, nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, nó iad araon, cóid iompair a tharraingt suas, lena n-áirítear i dteannta rannpháirtíocht aon gheallsealbhóra leasmhair agus a eagraíocht ionadaíoch, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus an lucht léinn. Féadfar córas intleachta saorga amháin nó níos mó a chumhdach le cóid iompair, agus aird á tabhairt ar chosúlacht na críche atá beartaithe do na córais ábhartha.
|
|
Airteagal 95 4.
|
Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus na Ballstáit leasanna agus riachtanais shonracha FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus FMBanna, agus tarraingt suas cód iompair á spreagadh agus á héascú acu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|