+Airteagal 43 An nós imeachta um fhógra a thabhairt
---+Airteagal 43 1.
---+Airteagal 43 2.
---+Airteagal 43 3.
---+Airteagal 43 4.
---+Airteagal 43 5.
---+Airteagal 43 6.

Airteagal 43 An nós imeachta um fhógra a thabhairt

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 43 1.
Ní dhéanfaidh údaráis a thugann fógra fógra a thabhairt ach do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta sin amháin a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 39 comhlíonta acu.
Airteagal 43 2.
Déanfaidh an t-údarás a thugann fógra fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí úsáid a bhaint as córas faisnéise an Chur Chuige Nua i leith Eagraíochtaí faoina dTugtar Fógra agus Eagraíochtaí Ainmnithe, córas arna fhorbairt agus arna bhainistiú ag an gCoimisiún.
Airteagal 43 3.
Áireofar san fhógra mionsonraí iomlána faoi na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, faoin modúl nó faoi na modúil um measúnú comhréireachta agus faoin táirge nó faoi na táirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus faoi fhianú ábhartha na hinniúlachta.
Airteagal 43 4.
I gcás nach bhfuil fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2), soláthróidh an t-údarás a thugann fógra, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, fianaise dhoiciméadach lena bhfianaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta agus na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar an gcomhlacht go tráthrialta agus go leanfaidh an comhlacht de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 39.
Airteagal 43 5.
Ní fhéadfaidh an comhlacht lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a dhéanamh ach amháin mura ndéanann an Coimisiún ná na Ballstáit eile agóid laistigh de 2 sheachtain i ndiaidh an fhógra i gcás ina n-úsáidtear deimhniú creidiúnúcháin, nó laistigh de 2 mhí i ndiaidh an fhógra i gcás nach n-úsáidtear creidiúnú.

Ní mheasfar ach comhlacht den sórt sin a bheith ina chomhlacht faoina dtugtar fógra chun críocha an Rialacháin seo.

Airteagal 43 6.
Tabharfar fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon athrú ábhartha a dhéanfar ar an bhfógra ina dhiaidh sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2847
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.