+Airteagal 59 Gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n-údarás um fhaireachas margaidh
---+Airteagal 59 1.
---+Airteagal 59 2.
---+Airteagal 59 3.
---+Airteagal 59 4.
---+Airteagal 59 5.
|
Airteagal 59 Gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n-údarás um fhaireachas margaidh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 59 1.
|
Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a chomhaontú le húdaráis ábhartha eile gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh atá dírithe ar an gcibearshlándáil agus ar chosaint tomhaltóirí a áirithiú i ndáil le táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh, go háirithe táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar minic rioscaí cibearshlándála a bheith ag baint leo.
|
|
Airteagal 59 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún nó ENISA gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh chun a sheiceáil an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a bheidh le déanamh ag na húdaráis um fhaireachas margaidh bunaithe ar thásca nó ar fhaisnéis lena dtugtar le fios go mb’fhéidir nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo á gcomhlíonadh i roinnt Ballstát trí chéile ag táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar fud roinnt Ballstát i ndáil leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
|
|
Airteagal 59 3.
|
Áiritheoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh agus, i gcás inarb infheidhme, an Coimisiún, nach mbeidh iomaíocht éagórach idir oibreoirí eacnamaíocha mar gheall ar an gcomhaontú maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh agus nach ndéanfaidh sé difear d’oibiachtúlacht, do neamhspleáchas ná do neamhchlaontacht na bpáirtithe sa chomhaontú.
|
|
Airteagal 59 4.
|
Féadfaidh údarás um fhaireachas margaidh úsáid a bhaint as aon fhaisnéis a fhaightear mar thoradh ar na gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanfar mar chuid d’aon imscrúdú a dhéanfaidh sé.
|
|
Airteagal 59 5.
|
Déanfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, an Coimisiún, an comhaontú maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha, lena n-áirítear ainmneacha na bpáirtithe lena mbaineann, a chur ar fáil don phobal.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2847
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|