+Airteagal 63 Rúndacht
---+Airteagal 63 1.
---+Airteagal 63 2.
---+Airteagal 63 3.
---+Airteagal 63 4.

Airteagal 63 Rúndacht

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 63 1.

Gach páirtí a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, urramóidh siad rúndacht na faisnéise agus na sonraí a gheofar agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu sa chaoi is go gcosnófar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear cód foinseach, seachas na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(b) 

cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críoch cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí;

(c) 

leasanna an phobail agus leasanna slándála náisiúnta;

(d) 

sláine na n-imeachtaí coiriúla nó riaracháin.

Airteagal 63 2.
Gan dochar do mhír 1, faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis um fhaireachas margaidh féin agus idir na húdaráis um fhaireachas margaidh agus an Coimisiún, ní nochtfar í gan réamhthoiliú ón údarás um fhaireachas margaidh tionscnaimh.
Airteagal 63 3.
Ní dhéanfaidh míreanna 1 agus 2 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann, faisnéis a sholáthar faoi dhlí coiriúil na mBallstát.
Airteagal 63 4.
I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis íogair a mhalartú le húdaráis ábhartha tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo lena ráthaítear leibhéal leormhaith cosanta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2847
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.