+IARSCRÍBHINN VII ÁBHAR NA DOICIMÉADACHTA TEICNIÚLA

IARSCRÍBHINN VII ÁBHAR NA DOICIMÉADACHTA TEICNIÚLA




IARSCRÍBHINN VII

ÁBHAR NA DOICIMÉADACHTA TEICNIÚLA

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 31, de réir mar is infheidhme maidir leis an táirge ábhartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

1. 

tuairisc ghinearálta ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena gcuimsítear an méid seo a leanas:

(a) 

an chríoch a beartaíodh dó;

(b) 

leaganacha de bhogearraí a dhéanann difear don chomhlíontacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha;

(c) 

i gcás inar táirge crua-earraí é an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, grianghraif nó léaráidí a léiríonn na gnéithe seachtracha, an mharcáil agus an leagan amach inmheánach;

(d) 

faisnéis agus treoracha le haghaidh an úsáideora mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

2. 

tuairisc ar dhearadh, ar fhorbairt agus ar tháirgeadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar phróisis láimhseála leochaileachtaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a) 

faisnéis riachtanach faoi dhearadh agus faoi fhorbairt an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, líníochtaí agus scéimeanna agus/nó tuairisc ar ollstruchtúr an chórais lena mínítear an chaoi a gcuireann na comhpháirteanna bogearraí le chéile nó an tionchar a bhíonn acu ar a chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán;

(b) 

faisnéis riachtanach agus sonraíochtaí maidir leis na próisis láimhseála leochaileachtaí arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir, lena n-áirítear an liosta ábhar bogearraí, an beartas um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí, fianaise ar sheoladh teagmhála a sholáthar chun leochaileachtaí a thuairisciú agus tuairisc ar na réitigh theicniúla a roghnaítear chun nuashonruithe a dháileadh go slán;

(c) 

faisnéis riachtanach agus sonraíochtaí maidir le próisis táirgthe agus faireacháin le haghaidh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus maidir le bailíochtú na bpróiseas sin.

3. 

measúnú ar na rioscaí cibearshlándála ar ina n-aghaidh a dhéantar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt, a tháirgeadh, a chur ar fáil agus a choinneáil ar bun de bhun Airteagal 13, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn 1 infheidhme;

4. 

faisnéis ábhartha a cuireadh san áireamh chun an tréimhse thacaíochta de bhun Airteagal 13(8) den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chinneadh;

5. 

liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe a cuireadh i bhfeidhm ina n-iomláine nó i bpáirt agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sonraíochtaí coiteanna mar a leagtar amach in Airteagal 27 den Rialachán seo nó scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881 de bhun Airteagal 27(8) den Rialachán seo, agus, i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí coiteanna ná na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála sin, tuairiscí ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCodanna I agus II d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta de na sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a cuireadh i bhfeidhm. I gcás caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí coiteanna nó scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bheith i bhfeidhm i bpáirt, sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na codanna a cuireadh i bhfeidhm;

6. 

tuairiscí ar na tástálacha a rinneadh chun a fhíorú go gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis láimhseála leochaileachtaí na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha is infheidhme mar leagtar amach i gCodanna I agus II d’Iarscríbhinn I;

7. 

cóip de dhearbhú comhréireachta AE;

8. 

i gcás inarb infheidhme, an liosta ábhar bogearraí, i ndiaidh iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh ar choinníoll go bhfuil gá leis chun go mbeidh an t-údarás sin in ann comhlíontacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a sheiceáil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha

  • Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2847
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.