+IARSCRÍBHINN III Cineál seirbhísí TFC

IARSCRÍBHINN III Cineál seirbhísí TFC




IARSCRÍBHINN III

Cineál seirbhísí TFC

Agus tagairt á déanamh do chineál seirbhísí TFC i dteimpléid an chláir faisnéise, ní thuairisceofar ach aitheantóir (ó S01 go S19) an chineáil ábhartha seirbhísí TFC.



Aitheantóir

Cineál seirbhísí TFC

Tuairisc

S01

1.  Bainistiú tionscadal TFC

Seirbhísí a sholáthar a bhaineann le hOifigeach Bainistíochta Tionscadal (OBT).

S02

2.  Forbairt TFC

Seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an méid seo a leanas: anailís ghnó, dearadh agus forbairt bogearraí, tástáil.

S03

3.  deasc chabhrach TFC agus tacaíocht chéadleibhéil

Seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an méid seo a leanas: tacaíocht deisce cabhrach agus tacaíocht chéadleibhéil maidir le teagmhas TFC

S04

4.  Seirbhísí bainistíochta slándála TFC

Seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an méid seo a leanas: slándáil TFC (cosaint, brath, freagairt agus athshlánú), lena n-áirítear teagmhas slándála agus fóiréinsic a láimhseáil.

S05

5.  Sonraí a sholáthar

Síntiús le seirbhísí soláthraithe sonraí. (seirbhís sonraí digiteacha)

S06

6.  Anailís sonraí

Seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an tacaíocht le haghaidh anailís sonraí. (seirbhís sonraí digiteacha)

S07

7.  TFC, saoráidí agus seirbhísí óstála (seachas néalseirbhíse)

Bonneagar, saoráidí agus seirbhísí óstála TFC a sholáthar, lena n-áirítear fóntas (fuinneamh, bainistiú teasa etc.), rochtain teileachumarsáide agus slándáil fhisiciúil (gan néalseirbhísí san áireamh), gníomhaíochtaí próiseála íocaíochta nó gníomhaíochtaí a oibríonn bonneagair íocaíochta a sholáthar

S08

8.  Ríomh

Acmhainní próiseála digití (lena n-áirítear ríomh sonraí) a sholáthar, gan na seirbhísí ríomha a dhéantar i gcomhthéacs timpeallacht néalríomhaireachta san áireamh.

S09

9.  Stóráil sonraí Nach Storáil Néalríomhaireachta í

Ardán stórála sonraí (seachas néalseirbhísí) a sholáthar.

S10

10.  Iompróir teileachumarsáide

Oibríochtaí le haghaidh córais teileachumarsáide agus bainistíocht sreibhe. Déantar seirbhísí teileafóin analógacha traidisiúnta a eisiamh go sainráite de bhun Airteagal 3, pointe (21), de Rialachán (AE) 2022/2554

S11

11.  Bonneagar líonra

Bonneagar líonra a sholáthar

S12

12.  Crua-earraí agus feistí fisiciúla

Stáisiúin oibre, fóin, freastalaithe, gléasanna stórála sonraí, fearais, etc. a sholáthar i bhfoirm seirbhíse

S13

13.  Ceadúnú bogearraí (gan SaaS a áireamh)

Bogearraí a sholáthar a ritheann ar an láthair.

S14

14.  bainistíocht oibríochtaí TFC (lena n-áirítear cothabháil)

Seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an méid seo a leanas: bonneagar (córais agus crua-earraí gan líonra san áireamh) cumraíocht, cothabháil, suiteáil, bainistíocht acmhainneachta, bainistíocht leanúnachais gnó, etc.

Lena n-áirítear Soláthraithe Seirbhísí Bainistithe (MSP)

S15

15.  Comhairliúchán TFC

Seirbhísí saineolais intleachta / TFC a sholáthar.

S16

16.  Bainistíocht riosca TFC

Fíorú ar chomhlíontacht ceanglas bainistíochta riosca TFC i gcomhréir le hAirteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2022/2554

S17

17.  Néalseirbhísí: IaaS

Infreastruchtúr mar Sheirbhís

S18

18.  Néalseirbhísí: PaaS

Ardán mar Sheirbhís

S19

19.  Néalseirbhísí: SaaS

Bogearraí mar Sheirbhís

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha

  • Builddate: 02.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2956
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.