+Airteagal 6 Prionsabail ghinearálta
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 1a.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
|
Airteagal 6 Prionsabail ghinearálta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Déanfaidh institiúidí na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó, a Trí, a Ceathair, a Seacht, a Seacht A agus a hOcht den Rialachán seo agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh ar bhonn aonair, cé is moite de phointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 6 1a.
|
De mhaolú ar mhír 1 den Rialachán seo, is institiúidí a sainaithníodh mar eintitis réitigh, ar eintitis G-SII iad freisin, agus nach bhfuil fochuideachtaí acu, agus na hinstitiúidí sin amháin a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92a ar bhonn aonair. Comhlíonfaidh fochuideachtaí ábhartha de G-SII neamh-AE Airteagal 92b ar bhonn aonair i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha uile seo a leanas:
(c)
ní fochuideachtaí iad de mháthairinstitiúid AE.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Maidir le haon institiúid ar fochuideachta í sa Bhallstát ina bhfuil sí údaraithe agus maoirsithe nó ar máthairghnóthas í, agus maidir le haon institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 18, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 89, Airteagal 90 agus Airteagal 91 a chomhlíonadh ar bhonn aonair.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Maidir le haon institiúid ar máthairghnóthas í nó ar fochuideachta í, agus gach institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 18, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht a chomhlíonadh ar bhonn aonair. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo Airteagal 437a agus pointe (h) d'Airteagal 447 ar bhonn aonair.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Comhlíonfaidh institiúidí na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé agus i bpointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn aonair.
Ní bheidh sé de cheangal ar na hinstitiúidí seo a leanas cloí le hAirteagal 413(1) agus na ceanglais tuairiscithe leachtachta bhainteacha a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo:
(a)
institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(b)
institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 16 agus pointe (a) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
26
), ar choinníoll nach ndéanann siad aon tiontuithe aibíochta suntasacha; agus
(c)
institiúidí a ainmnítear i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll:
(i)
go bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí teoranta chuig seirbhísí de chineál baincéireachta, amhail dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, a thairiscint do sheirbhísí do thaisclanna lárnacha urrús a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin,; agus
(ii)
nach ndéanann siad aon tiontuithe aibíochta suntasacha.
|
|
Airteagal 6 5.
|
Institiúidí a bhfuil an maolú a shonraítear in Airteagal 7(1) nó (3) den Rialachán seo feidhmithe ag údaráis inniúla ina leith, agus institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní bheidh de cheangal orthu na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Seacht agus na ceanglais tuairiscithe cóimheasa luamhánaithe bhainteacha a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn aonair.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|