+Airteagal 11 Láimhseáil ghinearálta
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3a.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.

Airteagal 11 Láimhseáil ghinearálta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.
Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí i mBallstát, a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18, na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó, a Trí, a Ceathair, a Seacht agus a Seacht A ar bhonn a gcáis chomhdhlúite, cé is moite de phointe (d) d'Airteagal 430(1). Bunóidh na máthairghnóthais agus a bhfochuideachtaí atá faoi réir an Rialacháin seo struchtúr eagraíochtúil iomchuí agus sásraí rialaithe inmheánaigh is iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí is gá chun an comhdhlúthú a phróiseáil go hiomchuí agus a chur ar aghaidh. Go háirithe, áiritheoidh siad go ndéanfaidh na fochuideachtaí sin nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí a chur chun feidhme chun comhdhlúthú iomchuí a áirithiú.
Airteagal 11 2.

Chun a áirithiú go gcuirfear ceanglais an Rialacháin seo i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh na téarmaí “institiúid”, “máthairinstitiúid i mBallstát”, “máthairinstitiúid AE” agus “máthairghnóthas”, de réir an cháis, tagairt freisin don mhéid a leanas:

(a) 

cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 21a de Threoir 2013/36/AE;

(b) 

institiúid ainmnithe a rialaíonn máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i gcás nach mbíonn an mháthairchuideachta sin faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 21a(4) de Threoir 2013/36/AE;

(c) 

cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó institiúid a ainmnítear i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 21a(6) de Threoir 2013/36/AE.

Is é cás comhdhlúite na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nach mbíonn faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 21a(4) de Threoir 2013/36/AE a bheidh i gcás comhdhlúite gnóthais dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo. Is é cás comhdhlúite na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a bheidh i gcás comhdhlúite gnóthais dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 11 3a.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, is máthairinstitiúidí a sainaithníodh mar eintitis réitigh ar eintitis G-SII iad agus iad sin amháin a chomhlíonfaidh Airteagal 92a den Rialachán seo ar bhonn comhdhlúite, a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18 den Rialachán seo.

Is máthairghnóthais de chuid an Aontais Eorpaigh ar fochuideachta iad de G-SII neamh-AE agus nach eintitis réitigh iad, agus iadsan amháin, a chomhlíonfaidh Airteagal 92b den Rialachán seo ar bhonn comhdhlúite a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18 den Rialachán seo. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE, comhlíonfaidh an dá mháthairghnóthas idirmheánacha AE faoi seach, ar sainaithníodh go comhpháirteach iad mar fhochuideachta ábhartha, Airteagal 92b den Rialachán seo ar bhonn a gcáis chomhdhlúite.

Airteagal 11 4.

Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn a staide comhdhlúite i gcás ina bhfuil institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó sa ghrúpa atá údaraithe na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a sholáthar.

I gcás inar tugadh tarscaoileadh faoi Airteagal 8(1) go (5), déanfaidh na hinstitiúidí agus, i gcás inarb infheidhme, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar cuid d'fhoghrúpa leachtachta iad, Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo‐chomhdhlúite an fhoghrúpa leachtachta.

Airteagal 11 5.
I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10 den Rialachán seo, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin ceanglais Chuid a Dó go Cuid a hOcht den Rialachán seo agus Chaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 ar bhonn chás comhdhlúite an iomláin arb éard atá ann an comhlacht lárnach i dteannta a institiúidí cleamhnaithe.
Airteagal 11 6.
De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo, agus gan dochar d'fhorálacha eile an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE nuair a bheidh bonn cirt ann chun críocha maoirseachta de bharr shonraíochtaí ►C12  riosca ◄ nó struchtúr caipitil institiúide, nó i gcás ina nglacfaidh na Ballstáit dlíthe náisiúnta lena gceanglófar go ndéanfar gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa baincéireachta a scaradh go struchtúrach, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar institiúid na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó go dtí a hOcht den Rialachán seo agus i dTeideal VII de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh ar bhonn fo-chomhdhlúite.

Beidh cur i bhfeidhm an chur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.