+Airteagal 38 Sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a asbhaint
---+Airteagal 38 1.
---+Airteagal 38 2.
---+Airteagal 38 3.
---+Airteagal 38 4.
---+Airteagal 38 5.
|
Airteagal 38 Sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a asbhaint
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38 1.
|
Déanfaidh institiúidí méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a chaithfear a asbhaint i gcomhréir leis an Airteagal seo a chinneadh.
|
|
Airteagal 38 2.
|
Seachas i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 3, ríomhfar méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí gan é a laghdú de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar atá ag an institiúid.
|
|
Airteagal 38 3.
|
Féadfar méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a laghdú de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar atá ag an institiúid, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá ceart ag an eintiteas faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ar ceart é atá infhorghníomhaithe ó thaobh dlí de, chun na sócmhainní cánach reatha sin a fhritháireamh in aghaidh dliteanas cánach reatha;
(b)
baineann na sócmhainní cánach iarchurtha sin agus na dliteanais chánach iarchurtha le cánacha ioncaim a ghearrann an t-údarás cánachais céanna ar an eintiteas inchánach céanna.
|
|
Airteagal 38 4.
|
Ní fhéadfar dliteanais chánach iarchurtha, a laghdaíonn méid na sócmhainní doláimhsithe nó na sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a chaithfear a asbhaint, a áireamh faoi dhliteanais chánach iarchurtha ghaolmhara na hinstitiúide a úsáidtear chun críocha mhír 3.
|
|
Airteagal 38 5.
|
Déanfar méid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar dá dtagraítear i mír 4 a leithdháileadh orthu seo a leanas:
(a)
sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha nach n-asbhaintear i gcomhréir le hAirteagal 48(1);
(b)
na sócmhainní cánach iarchurtha eile go léir atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí.
Déanfaidh institiúidí na dliteanais chánach iarchurtha ghaolmhara a leithdháileadh de réir an chion de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a bhfuil na hítimí dá dtagraítear i bpointí (a), (b),agus (c) in ionannas leis.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|