+Airteagal 72c Ionstraimí dliteanas incháilithe a amúchadh
---+Airteagal 72c 1.
---+Airteagal 72c 2.
---+Airteagal 72c 3.
---+Airteagal 72c 4.

Airteagal 72c Ionstraimí dliteanas incháilithe a amúchadh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 72c 1.
Ionstraimí dliteanas incháilithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair bliana amháin ar a laghad, cáileoidh siad go hiomlán mar ítimí dliteanas incháilithe.

Ionstraimí dliteanas incháilithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair faoi bhun bliain amháin, ní cháileoidh siad go mar ítimí dliteanas incháilithe.

Airteagal 72c 2.
Chun críocha mhír 1, i gcás ina gcuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe rogha fuascailte don sealbhóir is infheidhmithe roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, saineofar tráth aibíocht na hionstraime mar an dáta is luaithe is féidir leis an sealbhóir an rogha fuascailte a fheidhmiú agus fuascailt nó aisíoc na hionstraime a iarraidh.
Airteagal 72c 3.
Chun críocha mhír 1, má chuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe dreasacht don eisitheoir an ionstraim a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, saineofar tráth aibíocht na hionstraime mar an dáta is luaithe is féidir leis an eisitheoir an rogha sin a fheidhmiú agus fuascailt nó aisíoc na hionstraime a iarraidh.
Airteagal 72c 4.
Chun críocha mhír 1, má chuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe luathroghanna ar fhuascailt is infheidhmithe de réir lánrogha iomlán an eisitheora roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, ach nach gcuimsíonn na forálacha lena rialaítear an ionstraim dreasacht ar bith an ionstraim a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach roimh thráth a haibíochta agus nach gcuimsíonn siad rogha ar bith fuascailte nó aisíoctha de réir lánrogha na sealbhóirí, saineofar tráth aibíochta na hionstraime mar an tráth aibíochta a sonraíodh ar dtús.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.