+Airteagal 72i Dliteanais incháilithe a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintitis G-SII
---+Airteagal 72i 1.
---+Airteagal 72i 2.
---+Airteagal 72i 3.
---+Airteagal 72i 4.
---+Airteagal 72i 5.
|
Airteagal 72i Dliteanais incháilithe a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintitis G-SII
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 72i 1.
|
Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 72e(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a díorthaíodh ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
(a)
an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais agus eintitis, ionstraimí dliteanas de chuid eintiteas G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in aon cheann acu, a sháraíonn 10 % de na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhfar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
▼M17
(ii)
Airteagal 36(1), pointí (a) go (g), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;
▼M8
(b)
an méid comhiomlán sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach ar ionstraimí dliteanas incháilithe atá ag eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu arna roinnt ar mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá ag an institiúid d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 breise agus Leibhéal 2 de chuid eintiteas san earnáil airgeadais agus ionstraimí dliteanas de chuid eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an eintiteas réitigh in aon cheann acu.
|
|
Airteagal 72i 2.
|
Déanfaidh institiúidí suíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá gnó nó níos lú a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1.
|
|
Airteagal 72i 3.
|
Dáilfear an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 ar gach ionstraim dliteanas incháilithe de chuid eintiteas G-SII. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime dliteanas incháilithe a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion a shonraítear i bpointe (b) den mhír seo:
(a)
méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
(b)
an méid comhiomlán de na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí dliteanas incháilithe de chuid eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu arna léiriú ag gach ionstraim dliteanas incháilithe atá i seilbh na hinstitiúide.
|
|
Airteagal 72i 4.
|
Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 72e(1) atá cothrom le nó níos lú ná 10 % d'ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha leagtar síos i bpointí (a)(i), (a)(ii) agus (a)(iii) de mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualuithe
►C12
riosca ◄ is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 72i 5.
|
Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime dliteanas incháilithe atá
►C12
riosca-ualaithe ◄ de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid sealúchas a cheanglaítear a bheith
►C12
riosca-ualaithe ◄ i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion a thiocfaidh as an ríomh a shonraítear i bpointe (b) de mhír 3.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|