+Airteagal 104c 1.

Airteagal 104c 1.

Féadfaidh institiúid a bhfuil suíomh riosca tógtha aici d’aon turas chun fálú a dhéanamh, ar a laghad go páirteach, in aghaidh gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí ar aon cheann dá cóimheasa caipitil dá dtagraítear in Airteagal 92(1), pointí (a), (b) agus (c), féadfaidh sí, faoi réir chead a húdaráis inniúil, an suíomh riosca sin a eisiamh ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí dá dtagraítear in Airteagal 325(1), ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha a leanas:

(a) 

tá uasmhéid an tsuímh riosca a eisiatar ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh teoranta do mhéid an tsuímh riosca a neodraíonn íogaireacht aon cheann de na cóimheasa caipitil chuig na gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí;

(b) 

eisiatar an suíomh riosca ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh ar feadh ar a laghad 6 mhí;

(c) 

tá creat bainistíochta riosca iomchuí bunaithe ag an institiúid chun na gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí ar aon cheann dá cóimheasa caipitil a fhálú, lena n-áirítear straitéis fálúcháin shoiléir agus struchtúr rialála soiléir;

(d) 

tá údar le suíomh riosca a eisiamh ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh, mionsonraí an tsuímh riosca sin agus an méid le heisiamh, tugtha ag an institiúid don údarás inniúil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.