+Airteagal 117 ►C9Neamhchosaintí◄ar bhainc forbartha iltaobhacha
---+Airteagal 117 1.
---+Airteagal 117 2.
---+Airteagal 117 3.

Airteagal 117 ►C9Neamhchosaintí◄ar bhainc forbartha iltaobhacha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 117 1.

Déanfar ualú riosca a shannadh do neamhchosaintí ar bhainc forbartha iltaobhacha nach dtagraítear dóibh i mír 2 agus a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith i gcomhréir le Tábla 1. Sannfar ualú riosca 50 % ar neamhchosaintí ar bhainc forbartha iltaobhacha nach dtagraítear dóibh i mír 2 agus nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith.



Tábla 1

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú riosca

20 %

30 %

50 %

100 %

100 %

150 %

Measfar gur bainc forbartha iltaobhacha iad an Chorparáid Idir-Mheiriceánach Infheistíochta, Banc Trádála agus Forbartha na Mara Duibhe, an Banc Lár-Mheiriceánach um Lánpháirtíocht Eacnamaíoch agus CAF-Banc Forbartha Mheiriceá Laidineach.

Airteagal 117 2.

Déanfar ►C9  ualach riosca ◄ 0 % a shannadh do ►C9  neamhchosaintí ◄ ar na bainc forbartha iltaobhacha seo a leanas:

(a) 

an Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha;

(b) 

an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta;

(c) 

an Banc Forbartha Idir-Mheiriceánach;

(d) 

Banc Forbartha na hÁise;

(e) 

Banc Forbartha na hAfraice;

(f) 

Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa;

(g) 

an Banc Nordach Infheistíochta;

(h) 

Banc Forbartha Mhuir Chairib;

(i) 

an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha;

(j) 

an Banc Eorpach Infheistíochta;

(k) 

an Ciste Eorpach Infheistíochta;

(l) 

an Ghníomhaireacht Iltaobhach Rathaithe Infheistíochtaí;

(m) 

an tSaoráid Airgeadais Idirnáisiúnta um Imdhíonadh;

(n) 

an Banc Ioslamach um Fhorbraíocht;

▼M8

(o) 

an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta;

(p) 

Banc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a leasú trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 lena leasítear, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, liosta na mbanc forbartha iltaobhach dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 117 3.
Déanfar ►C9  ualach riosca ◄ 20 % a shannadh don chion de chaipiteal neamhíoctha atá suibscríofa leis an gCiste Eorpach Infheistíochta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.