+Airteagal 124 2.

Airteagal 124 2.

Déanfar neamhchosaint neamh-ADC, suas go dtí méid ainmniúil an liain ar an réadmhaoin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, a láimhseáil mar seo a leanas:

(a) 

i gcás ina bhfuil an neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin chónaithe,

(i) 

láimhseálfar neamhchosaint neamh-IPRE i gcomhréir le hAirteagal 125(1):

(ii) 

láimhseálfar neamhchosaint IPRE i gcomhréir le hAirteagal 125(1) i gcás ina gcomhlíonann sí aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(1) 

is ionann an réadmhaoin dhochorraithe lena n-urraítear an neamhchosaint agus príomháit chónaithe an oibleagáideora, i gcás inarb ionann an réadmhaoin dhochorraithe ina hiomláine agus aonad tithíochta aonair nó i gcás inarb ionann an réadmhaoin dhochorraithe lena n-urraítear an neamhchosaint agus aonad tithíochta atá ina chuid scoite laistigh den réadmhaoin dhochorraithe;

(2) 

is do dhuine nádúrtha atá an neamhchosaint agus tá sí urraithe le haonad tithíochta cónaithe a ghineann ioncam, i gcás inarb ionann an réadmhaoin dhochorraithe ina hiomláine agus aonad tithíochta aonair nó i gcás ina bhfuil an t-aonad tithíochta ina chuid scoite laistigh den réadmhaoin dhochorraithe, agus nach bhfuil neamhchosaintí foriomlána na hinstitiúide don duine nádúrtha sin urraithe le breis agus ceithre réadmhaoin dhochorraithe, lena n-áirítear iad siúd nach réadmhaoine dochorraithe iad nó nach gcomhlíonann aon chritéar a leagtar amach sa phointe seo, nó aonaid tithíochta aonair laistigh de réadmhaoin dhochorraithe;

(3) 

neamhchosaint ar chomhlachais nó ar chomharchumainn daoine nádúrtha atá rialáilte leis an dlí náisiúnta agus atá ann le haon chuspóir amháin chun úsáid as príomháit chónaithe sa mhaoin lena n-urraítear an iasacht a thabhairt dá gcomhaltaí;

(4) 

neamhchosaint ar chuideachtaí tithíochta poiblí nó comhlachais neamhbhrabúis atá rialáilte ag an dlí agus atá ann chun freastal ar fheidhmeanna sóisialta agus chun tithíocht fhadtéarmach a chur ar fáil do thionóntaí;

(iii) 

láimhseálfar neamhchosaint IPRE nach gcomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (ii) den phointe seo, i gcomhréir le hAirteagal 125(2);

(b) 

i gcás ina bhfuil an neamhchosaint urraithe le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála, déanfar í a láimhseáil mar a leanas:

(i) 

láimhseálfar neamhchosaint neamh-IPRE i gcomhréir le hAirteagal 126(1);

(ii) 

láimhseálfar neamhchosaint IPRE i gcomhréir le hAirteagal 126(2).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.