+Airteagal 124 3.

Airteagal 124 3.

Chun bheith incháilithe don láimhseáil dá dtagraítear i mír 2, comhlíonfaidh neamhchosaint atá urraithe le réadmhaoin dhochorraithe gach ceann de na coinníollacha a leanas:

(a) 

comhlíonann an réadmhaoin dhochorraithe lena n-urraítear an neamhchosaint aon cheann de na coinníollacha a leanas:

(i) 

cuireadh an réadmhaoin dhochorraithe i gcrích ina hiomláine;

(ii) 

is foraois nó talamh talmhaíochta í an réadmhaoin dhochorraithe;

(iii) 

is leis an duine nádúrtha atá an t-iasachtú agus is ionann an réadmhaoin dhochorraithe agus réadmhaoin chónaithe atá á tógáil nó talamh ar a bhfuil sé beartaithe réadmhaoin chónaithe a thógáil sa chás inar fhaomh go dlíthiúil gach údarás ábhartha an plean, de réir mar is infheidhme, agus sa chás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leanas:

(1) 

níl níos mó ná ceithre aonad chónaithe sa réadmhaoin dhochorraithe agus príomháit chónaithe an oibleagáideora a bheidh ann agus ní bheidh iasachtú an duine nádúrtha ag maoiniú neamhchosaintí ADC go hindíreach;

(2) 

tá rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil nó eintiteas earnála poiblí i gceist, a láimhseáiltear neamhchosaintí air i gcomhréir le hAirteagail 115(2) nó 116(4), faoi seach, agus tá na cumhachtaí dlíthiúla agus an cumas aige lena chinntiú go gcríochnófar réadmhaoin atá á tógáil faoi thráthchlár réasúnta agus a n-éilítear air, nó a thug gealltanas ar bhealach atá ceangailteach ó thaobh dlí de, críochnú a áirithiú i gcás nach gcríochnófaí an tógáil laistigh de thráthchlár réasúnta den sórt sin murach sin; de rogha air sin, tá sásra dlíthiúil coibhéiseach i bhfeidhm chun a áirithiú go gcríochnófar an réadmhaoin atá á tógáil laistigh de thréimhse réasúnta ama;

(b) 

tá an neamhchosaint urraithe le céad lian atá i seilbh na hinstitiúide ar an réadmhaoin dhochorraithe, nó tá an chéad lian agus aon lian eile ag a bhfuil rangú níos ísle ar an réadmhaoin sin i seilbh na hinstitiúide;

(c) 

ní bhraitheann an luach réadmhaoine go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora;

(d) 

déantar an fhaisnéis ar fad is gá ag tionscnamh na neamhchosanta agus chun críoch faireacháin a dhoiciméadú go cuí, lena n-áirítear faisnéis maidir le cumas an oibleagáideora aisíocaíocht a dhéanamh agus faisnéis maidir le luach na réadmhaoine;

(e) 

comhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 208 agus comhlíontar na rialacha luachála a leagtar amach in Airteagal 229(1).

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás ina ndéanfaidh tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch difear don luach réadmhaoine agus d’fheidhmíocht an oibleagáideora araon.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), cuirfidh institiúidí beartais frithgheallta i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe a thionscnamh lena n-áirítear measúnú ar chumas an iasachtaí aisíocaíocht a dhéanamh. Áireofar sna beartais frithgheallta na méadrachtaí ábhartha don mheasúnú sin agus a n-uasleibhéil faoi seach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.