+Airteagal 141 2.
|
Airteagal 141 2.
De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina dtagann neamhchosaint chun cinn trí rannpháirtíocht institiúide in iasacht arna síneadh ag, nó arna ráthú in aghaidh in-chomhshóiteachta agus aistriú riosca ag, banc forbartha iltaobhach a liostaítear in Airteagal 117(2) a n-aithnítear a stádas mar chreidiúnaí tosaíochta sa mhargadh, féadfar an measúnú creidmheasa ar ítim airgeadra intíre an oibleagáideora a úsáid ar mhaithe le hualú riosca a dhéanamh le haghaidh neamhchosaint ar an oibleagáideoir céanna sin atá ainmnithe in airgeadra eachtrach. Chun críocha na chéad fhomhíre, i gcás ina bhfuil an neamhchosaint atá ainmnithe in airgeadra eachtrach ráthaithe in aghaidh in-chomhshóiteachta agus aistriú riosca, ní fhéadfar an measúnú creidmheasa ar ítim airgeadra intíre an oibleagáideora a úsáid ach chun críoch ualaithe riosca ar an gcuid ráthaithe den neamhchosaint sin. Déanfar an chuid den neamhchosaint nach bhfuil ráthaithe a ualú ó thaobh riosca bunaithe ar mheasúnú creidmheasa ar an oibleagáideoir ina dtagraítear d’ítim atá ainmnithe san airgeadra eachtrach sin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|