+Airteagal 144 Measúnú na n-údarás inniúil ar iarratas chun an Cur Chuige IRB a úsáid
---+Airteagal 144 1.
---+Airteagal 144 2.

Airteagal 144 Measúnú na n-údarás inniúil ar iarratas chun an Cur Chuige IRB a úsáid

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 144 1.

Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid, de bhun Airteagal 143, an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, ach amháin má tá an t-údarás inniúil sásta gur comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos sa Chaibidil seo, go háirithe na ceanglais sin a leagadh síos i Roinn 6, agus go bhfuil córais na hinstitiúide chun ►C9  neamhchosaintí ◄ ar ►C9  riosca ◄ creidmheasa a bhainistiú agus a rátáil fónta agus curtha chun feidhme ina n-iomláine agus, go háirithe, gur léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil gur comhlíonadh na caighdeáin seo a leanas:

(a) 

tugann córais rátála na hinstitiúide deis measúnú fóinteach a dhéanamh ar thréithe an oibleagáideora agus na n-idirbheart, idirdhealú fóinteach a dhéanamh ar ►C9  riosca ◄ agus meastacháin bheachta agus chomhsheasmhacha chainníochtúla a dhéanamh ar ►C9  riosca ◄ ;

(b) 

tá rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas, a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse agus córais agus próisis ghaolmhara a ríomh, fíor-riachtanach don phróiseas bainistíochta ►C9  riosca ◄ agus cinnteoireachta, agus d'fheidhmeanna na hinstitiúide a bhaineann le formheas creidmheasa, leithdháileadh caipitil inmheánaigh agus rialachas corparáideach;

(c) 

tá aonad rialaithe ►C9  riosca ◄ creidmheasa san institiúid atá freagrach as córais rátála na hinstitiúide agus atá neamhspleách go hiomchuí agus saor ó thionchar míchuí;

(d) 

bailíonn agus stórálann an institiúid na sonraí ábhartha go léir chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt dá próiseas chun ►C9  riosca ◄ creidmheasa a thomhas agus a bhainistiú;

(e) 

déanann an institiúid doiciméadú ar a córais rátála agus ar an réasúnaíocht a bhaineann lena ndearadh agus déanann sí bailíochtú ar a córais rátála;

▼M17

(f) 

rinne an institiúid bailíochtú ar gach córas rátála i dtréimhse iomchuí sula bhfuair sí cead an córas rátála sin a úsáid, rinne sí measúnú le linn na tréimhse sin féachaint an oireann gach córas rátála do raon feidhme an chórais rátála sin, agus, bunaithe ar an measúnú a bheith déanta aici, rinne sí na hathruithe is gá ar gach córas rátála;

▼M8

(g) 

rinne an institiúid na ceanglais cistí dílse a thagann óna cuid meastachán ar pharaiméadair phriacail a ríomh faoin gCur Chuige IRB agus tá sí in ann an tuairisciú a cheanglaítear le hAirteagal 430 a chur isteach;

▼M17

(h) 

tá an institiúid tar éis gach neamhchosaint a shannadh, agus leanfaidh sí den sannadh sin, i réimse cur i bhfeidhm córais rátála maidir le grád rátála nó comhthiomsú an chórais rátála sin.

▼B

Tá feidhm freisin leis na ceanglais chun an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta, i gcás inar chuir institiúid córas rátála, nó samhail arna húsáid laistigh de chóras rátála, a cheannaigh sí ó dhíoltóir tríú-páirtí, i bhfeidhm.

Airteagal 144 2.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht mheasúnúcháin a shonrú le leanúint ag na húdaráis inniúla le linn dóibh measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh institiúide leis na ceanglais chun Cur Chuige IRB a úsáid.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.