+Airteagal 166 8b.

Airteagal 166 8b.

Faoi réir cead údarás inniúil, bainfidh institiúidí a chomhlíonann na ceanglais chun IRB-CCF a úsáid mar a shonraítear i Roinn 6 úsáid as IRB-CCF i gcás neamhchosaintí a eascraíonn as gealltanais neamhtharraingthe imrothlacha a láimhseáiltear faoi Chur Chuige IRB ar choinníoll nach mbeadh na neamhchosaintí sin faoi réir SA-CCF 100 % faoin gCur Chuige Caighdeánaithe. Úsáidfear SA-CCFanna le haghaidh an mhéid seo a leanas:

(a) 

gach ítim eile lasmuigh den chlár comhardaithe, go háirithe gealltanais neamhtharraingthe neamh-imrothlacha;

(b) 

neamhchosaintí nach gcomhlíonann an institiúid na híoscheanglais ina leith chun IRB-CCF a ríomh mar a shonraítear i Roinn 6, nó i gcás nár thug an t-údarás inniúil cead chun IRB-CCF a úsáid.

Chun críche an Airteagail seo, measfar go mbeidh gealltanas “imrothlach” i gcás ina dtabharfaidh sé caoi d’fhéichiúnaí iasacht a fháil ina mbeidh sé de sholúbthacht ag an bhféichiúnaí a chinneadh cá mhinice a aistarraingeoidh sé as iasacht agus cé na faid ama a bheidh idir na haistarraingtí, rud a ligfidh don oibleagáideoir iasachtaí airleacain a tugadh dó a tharraingt anuas, a aisíoc agus a atarraingt. Is mar shocruithe “imrothlacha” a mheasfar socruithe conarthacha lena gceadaítear réamhíocaíochtaí a dhéanamh agus atarraingtí a dhéanamh ar na réamhíocaíochtaí sin ina dhiaidh sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.