+Airteagal 201 Incháilitheacht sholáthraithe na cosanta faoi gach cur chuige
---+Airteagal 201 1.
---+Airteagal 201 2.

Airteagal 201 Incháilitheacht sholáthraithe na cosanta faoi gach cur chuige

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 201 1.

Féadfaidh institiúidí na páirtithe seo a leanas a úsáid mar sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa:

(a) 

rialtais láir agus bainc cheannais;

(b) 

rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla;

(c) 

bainc forbartha iltaobhacha;

▼M17

(d) 

eagraíochtaí idirnáisiúnta dá sanntar ualú riosca 0 % i gcomhréir le hAirteagal 118;

▼B

(e) 

eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear éilimh orthu i gcomhréir le hAirteagal 116;

(f) 

institiúidí, agus institiúidí airgeadais a ndéantar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar an institiúid airgeadais ina leith a láimhseáil mar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 119(5);

▼M17

(fa) 

eintitis earnála airgeadais rialáilte;

▼M17

(g) 

i gcás nach soláthraítear cosaint creidmheasa do neamhchosaint ar urrúsú, gnóthais eile, ag a bhfuil measúnú creidmheasa arna dhéanamh ag IMCS ainmnithe orthu, lena n-áirítear máthairghnóthais, fochuideachtaí nó eintitis chleamhnaithe an oibleagáideora, i gcás ina bhfuil ualú riosca níos ísle ag neamhchosaint dhíreach ar na máthairghnóthais, na fochuideachtaí nó na heintitis chleamhnaithe sin ná an neamhchosaint ar an oibleagáideoir;

▼M8

(h) 

contrapháirtithe lárnacha cáilitheacha.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (fa), den Airteagal seo, ciallaíonn “eintiteas earnála airgeadais rialáilte” eintiteas earnála airgeadais a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 142(1), pointe (4)(b).

Airteagal 201 2.
I dteannta na soláthraithe cosanta a liostaítear i mír 1, beidh eintitis chorparáideacha a mbíonn rátáil á déanamh go hinmheánach orthu ag an institiúid i gcomhréir le Caibidil 3, Roinn 6, ina soláthraithe incháilithe cosanta creidmheasa neamhchistithe i gcás ina n-úsáideann an institiúid Cur Chuige IRB maidir le neamhchosaintí ar na heintitis chorparáideacha sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.