+Airteagal 216 Ceanglais bhreise maidir le díorthaigh chreidmheasa
---+Airteagal 216 1.
---+Airteagal 216 2.
---+Airteagal 216 3.

Airteagal 216 Ceanglais bhreise maidir le díorthaigh chreidmheasa

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 216 1.

Cáileoidh díorthaigh chreidmheasa mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 213 agus na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

áirítear ar na teagmhais chreidmheasa a shonraítear sa chonradh díorthach creidmheasa:

(i) 

mainneachtain na méideanna atá dlite faoi théarmaí na hoibleagáide foluití a íoc atá i bhfeidhm tráth na mainneachtana sin, agus tréimhse chairde ann atá comhionann leis an tréimhse chairde nó atá níos giorra ná an tréimhse chairde sa bhunoibleagáid;

(ii) 

féimheacht, dócmhainneacht nó neamhábaltacht an oibleagáideora a fhiacha a íoc, nó mainneachtain nó admháil i scríbhinn an oibleagáideora maidir lena neamhábaltacht go ginearálta a fhiacha a íoc de réir mar a thagann siad chun bheith dlite, agus teagmhais comhchosúla.

(iii) 

athchóiriú na hoibleagáide foluití trí bhíthin na príomhshuime, an úis nó na dtáillí as a dtig teagmhas caillteanas creidmheasa a mhaitheamh nó a chur siar;

(b) 

i gcás ina ndéantar foráil do shocraíochtaí airgid le díorthaigh chreidmheasa:

(i) 

tá próiseas luachála stóinsithe i bhfeidhm ag institiúidí d'fhonn caillteanas a mheas go hiontaofa;

(ii) 

tá tréimhse ann a shonraítear go soiléir chun luachálacha na hoibleagáide foluití a fháil tar éis an teagmhais chreidmheasa;

(c) 

i gcás ina bhfuil ceart agus cumas cheannaitheoir na cosanta an oibleagáid fholuiteach a aistriú chuig soláthraí na cosanta ag teastáil chun socrú a dhéanamh, foráiltear le téarmaí na hoibleagáide foluití nach gcoinneofar siar gan chall aon toiliú a bheadh ag teastáil chun aistriú den chineál sin a dhéanamh;

(d) 

tá sainithe go soiléir céannacht na bpáirtithe atá freagrach as a chinneadh cé acu a tharla teagmhas creidmheasa nó nár tharla;

(e) 

níl sé faoi sholáthraí na cosanta agus faoi-sean amháin an teagmhas creidmheasa a chinneadh;

(f) 

tá sé de cheart nó de chumas ag ceannaitheoir na cosanta teagmhas creidmheasa a tharla a chur in iúl do sholáthraí na cosanta.

I gcás nach n-áirítear athchóiriú na hoibleagáide foluití ar na teagmhais chreidmheasa mar a thuairiscítear i bpointe (a)(iii), d'fhéadfadh an chosaint creidmheasa a bheith incháilithe mar sin féin faoi réir laghdaithe sa luach mar a shonraítear in Airteagal 233(2);

Airteagal 216 2.

Aon neamhréir idir an oibleagáid fholuiteach agus an oibleagáid tagartha faoin díorthach creidmheasa nó idir an oibleagáid fholuiteach agus an oibleagáid a úsáidtear lena chinneadh cé acu a tharla nó nár tharla teagmhas creidmheasa, ní ceadmhach í a úsáid ach i gcás go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

tá an oibleagáid tagartha nó an oibleagáid a úsáidtear lena chinneadh cé acu a tharla nó nár tharla teagmhas creidmheasa, de réir mar a bheidh, pari passu leis an oibleagáid fholuiteach nó tá sí sóisearach dó;

(b) 

tá an oibleagáideoir céanna ag an oibleagáid fholuiteach agus ag an oibleagáid tagartha nó an oibleagáid a úsáidtear lena chinneadh cé acu a tharla nó nár tharla teagmhas creidmheasa, de réir mar a bheidh, agus tá clásail um thrasmhainneachtain nó um thras-luathú is inchurtha i bhfeidhm le dlí i bhfeidhm.

Airteagal 216 3.

De mhaolú ar mhír 1, maidir le neamhchosaintí ar chorparáidí arna cumhdach le díorthach creidmheasa, ní cheanglófar an teagmhas creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) den mhír sin a shonrú sa chonradh díorthach ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is gá vóta 100 % chun aibíocht, príomhshuim, cúpón, airgeadra nó stádas sinsearachta na neamhchosanta foluití ar chorparáidí a leasú;

(b) 

tá cód féimheachta seanbhunaithe ag an sainchónaí dlíthiúil lena rialaítear an neamhchosaint ar chorparáidí a thugann caoi do chuideachta atheagrú agus athchóiriú a dhéanamh, agus a bhforáiltear leis socraíocht ordúil ar éilimh ó chreidiúnaithe.

I gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, d’fhéadfadh an chosaint creidmheasa a bheith incháilithe mar sin féin faoi réir laghdú ar an luach mar a shonraítear in Airteagal 233(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.