+Airteagal 223 1.
|
Airteagal 223 1.
D'fhonn luaineacht praghsanna a chur san áireamh, cuirfidh institiúidí coigeartuithe luaineachta i bhfeidhm maidir le margadhluach na comhthaobhachta, mar a leagtar amach in Airteagail 224 go 227, agus comhthaobhacht airgeadais á luacháil chun críocha an Mhodha Chuimsithigh Chomhthaobhaigh Airgeadais. I gcás ina mbeidh comhthaobhacht ainmnithe in airgeadra atá éagsúil leis an airgeadra ina bhfuil an
►C9
neamhchosaint ◄ fholuiteach ainmnithe, cuirfidh institiúidí coigeartú leis a léireoidh luaineacht airgeadra ar an gcoigeartú luaineachta atá iomchuí don chomhthaobhacht mar a leagtar amach in Airteagail 224 go 227. I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar arna gcumhdach faoi chomhaontuithe glanluachála a aithníonn na húdaráis inniúla faoi Chaibidil 6, cuirfidh institiúidí coigeartú luaineachta i bhfeidhm a léireoidh luaineacht airgeadra ar an gcoigeartú luaineachta nuair a bheidh neamhréir idir an t-airgeadra comhthaobhachta agus an t-airgeadra socraíochta. Fiú nuair atá airgeadraí éagsúla i gceist sna hidirbhearta arna gcumhdach faoin gcomhaontú glanluachála, cuirfidh institiúidí coigeartú luaineachta aonair i bhfeidhm.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|