+Airteagal 273a Coinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach na►C12neamhchosainta◄a ríomh
---+Airteagal 273a 1.
---+Airteagal 273a 2.
---+Airteagal 273a 3.
---+Airteagal 273a 4.
---+Airteagal 273a 5.
---+Airteagal 273a 6.
|
Airteagal 273a Coinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach na►C12neamhchosainta◄a ríomh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 273a 1.
|
Féadfaidh institiúid luach
►C12
neamhchosainta ◄ a cuid suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 4 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid:
(a)
10 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
|
|
Airteagal 273a 2.
|
Féadfaidh institiúid luach
►C12
neamhchosainta ◄ suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 5 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid;
(a)
5 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
|
|
Airteagal 273a 3.
|
Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh institiúidí méid a ngnó díorthach laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí amach i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfar gach suíomh díorthach a luacháil ag a margadhluachanna ar an dáta áirithe sin; i gcás nach bhfuil margadhluach suímh ar fáil ar dháta áirithe, déanfaidh institiúidí luach cóir don suíomh ar an dáta sin a ghlacadh; i gcás nach mbeidh an margadhluach an an luach cóir ar shuíomh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí don suíomh sin;
▼M17
(b)
déanfar luach absalóideach an tsuímh fhada chomhiomlánaithe a shuimiú le luach absalóideach an tsuímh ghearr chomhiomlánaithe;
▼M8
(c)
cuirfear na suíomhanna díorthach go léir san áireamh, seachas díorthaigh chreidmheasa a aithneofar mar fháluithe inmheánacha ar
►C12
neamhchosainti ◄ leabhair neamhthrádála ar
►C12
riosca ◄ creidmheasa.
Chun críocha na chéad fhomhíre, is ionann ciall na suíomhanna fada agus suíomhanna gearra agus an chiall a leagtar amach in Airteagal 94(3). Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh luach an tsuímh fhada (gearr) chomhiomlánaithe cothrom le suim luachanna na suíomhanna fada (gearr) aonair a áirítear sa ríomh i gcomhréir le pointe (c).
|
|
Airteagal 273a 4.
|
De mhaolú ar mhír 1 nó ar mhír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás nach sáraíonn an gnó díorthach ar bhonn comhdhlúite na tairseacha a leagtar amach i mír 1 nó 2, de réir mar is infheidhme, féadfaidh institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú agus ar a mbeidh an modh a leagtar amach i Roinn 3 nó 4 a chur i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, ós rud é go sáraíonn an institiúid na tairseacha sin ar bhonn aonair, a roghnú ina ionad sin, faoi réir formheas ó na húdaráis inniúla, an modh a chur i bhfeidhm ag a mbeadh feidhm ar bhonn comhdhlúite.
|
|
Airteagal 273a 5.
|
Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla i leith na modhanna a leagtar amach i Roinn 4 nó i Roinn 5 as a mbaineann siad úsáid, nó a scoireann siad de bheith á n-úsáid, de réir mar is infheidhme, chun luach
►C12
neamhchosainta ◄ a suíomhanna díorthach a ríomh.
|
|
Airteagal 273a 6.
|
Ní bheidh institiúidí páirteach in idirbheart díorthach ná ní dhéanfaidh siad ionstraim dhíorthach a cheannach ná a dhíol, mura bhfuil de chuspóir acu ach aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a chomhlíonadh i rith an mheasúnaithe mhíosúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|