+Airteagal 293 Ceanglais maidir leis an gcóras bainistíochta►C9riosca◄
---+Airteagal 293 1.
---+Airteagal 293 2.
---+Airteagal 293 3.
---+Airteagal 293 4.
---+Airteagal 293 5.
---+Airteagal 293 6.

Airteagal 293 Ceanglais maidir leis an gcóras bainistíochta►C9riosca◄

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 293 1.

Comhlíonfaidh institiúid na ceanglais seo a leanas:

(a) 

comhlíonfaidh sí na ceanglais cháilíochtúla a leagtar amach i gCuid 3, Teideal IV, Caibidil 5;

(b) 

déanfaidh sí clár rialta de chúltástáil, agus na bearta ►C9  riosca ◄ a ghineann an tsamhail á gcur i gcomparáid le bearta ►C9  riosca ◄ réadaithe, agus athruithe hipitéiseacha bunaithe ar shuímh statacha á gcur i gcomparáid le bearta réadaithe;

(c) 

déanfaidh sí bailíochtú tosaigh agus athbhreithniú tréimhsiúil leanúnach ar samhail na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR agus ar na bearta ►C9  riosca ◄ arna nginiúint léi. Beidh an bailíochtú agus an t-athbhreithniú neamhspleách ó fhorbairt na samhla;

(d) 

beidh baint ag comhlacht bainistíochta agus lucht bainistíochta sinsearaí leis an bpróiseas rialaithe ►C9  riosca ◄ agus áiritheoidh siad go leithdháilfear dóthain acmhainní ar rialú creidmheasa agus rialú ►C9  riosca ◄ creidmheasa contrapháirtithe. I dtaca leis sin, déanfar athbhreithniú ar na tuarascálacha laethúla arna n-ullmhú ag an aonad rialaithe creidmheasa neamhspleách arna bhunú de réir Airteagal 287(1)(a) ar leibhéal bainistíochta ag a mbeidh sinsearacht agus údarás imleor chun laghduithe i suímh a ghlacann trádálaithe aonair a fhorfheidhmiú chomh maith le laghduithe i ►C9  neamhchosaint ◄ fhoriomlán na hinstitiúide ar ►C9  riosca ◄ ;

(e) 

beidh an tsamhail inmheánach um thomhas ►C9  neamhchosaintí ◄ ar ►C9  riosca ◄ comhtháite go dlúth le próiseas laethúil um bainistiú ►C9  riosca ◄ creidmheasa na hinstitiúide;

(f) 

bainfear úsáid as an gcóras chun ►C9  riosca ◄ a thomhas in éineacht le teorainneacha inmheánacha maidir le trádáil agus le neamhchosaint. I dtaca leis sin, beidh baint ag teorainneacha ►C9  neamhchosanta ◄ le samhail tomhais ►C9  riosca ◄ na hinstitiúide ar bhealach a bheidh comhsheasmhach thar am agus ar a mbeidh dea-thuiscint ag trádálaithe, an fheidhm chreidmheasa agus lucht bainistíochta sinsearaí;

(g) 

áiritheoidh institiúid go bhfuil a córas bainistíochta ►C9  riosca ◄ doiciméadaithe go leormhaith. Go háirithe, déanfaidh sí tacar doiciméadaithe de bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha a choinneáil a bhaineann le hoibriú an chórais tomhais ►C9  riosca ◄ , chomh maith le socruithe chun a áirithiú go gcomhlíontar na beartais sin;

(h) 

déanfar athbhreithniú neamhspleách ar an gcóras tomhais ►C9  riosca ◄ go rialta i bpróiseas iniúchta inmheánaigh na hinstitiúide. Áireofar leis an athbhreithniú sin gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid neamhspleáigh rialaithe ►C9  riosca ◄ araon. Déanfar athbhreithniú ar an gcóras bainistithe ►C9  riosca ◄ foriomlán ag eatraimh rialta (agus tráth nach lú ná uair amháin sa bhliain) agus tabharfar faoi na pointí go léir dá dtagraítear in Airteagal 288 go háirithe;

(i) 

déanfar athbhreithniú tréimhsiúil ar an mbailíochtú leanúnach ar shamhlacha ►C9  riosca ◄ creidmheasa contrapháirtithe, lena n-áirítear cúltástáil, ar leibhéal bainistíochta ag a mbeidh údarás leormhaith chun aghaidh a thabhairt ar laigí sna samhlacha.

Airteagal 293 2.
Cuirfidh údaráis inniúla an méid a chomhlíonann institiúid na ceanglais i mír 1 san áireamh agus an leibhéal alfa a shocrú acu, mar a leagtar amach in Airteagal 284(4). Is iad na hinstitiúidí sin a chomhlíonann na ceanglais sin go hiomlán, agus na hinstitiúidí sin amháin, a bheidh incháilithe chun an fachtóir iolrúcháin íosta a chur i bhfeidhm.
Airteagal 293 3.
Déanfaidh institiúid an próiseas maidir le bailíochtú tosaigh agus bailíochtú leanúnach a samhala um ►C9  neamhchosaint ◄ CCR agus maidir le ríomh na mbeart ►C9  riosca ◄ a ghineann na samhlacha a dhoiciméadú go leibhéal mionsonraithe a chuirfeadh ar chumas tríú páirtí na bearta anailíse agus ►C9  riosca ◄ , faoi seach, a athchruthú. Leagfar amach sa doiciméadú sin an mhinicíocht lena ndéanfar anailísí cúltástála agus aon bhailíochtú leanúnach eile a fheidhmiú, an dóigh a ndéanfar an bailíochtú a fheidhmiú maidir le sreabha sonraí agus punanna agus na hanailísí a úsáidtear.
Airteagal 293 4.
Déanfaidh institiúid critéir a shainiú lena ndéanfar samhlacha na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR agus na samhlacha a thugann ionchur i ríomh na ►C9  neamhchosanta ◄ a mheasúnú agus déanfaidh sí beartas i scríbhinn a choinneáil lena gcuirtear síos ar an bpróiseas trína ndéanfar feidhmíocht mhíshásúil a aithint agus a leigheas.
Airteagal 293 5.
Déanfaidh institiúid an dóigh ina ndéantar punanna contrapháirtithe ionadaíocha a chruthú a shainiú chun samhail na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR agus a bearta ►C9  riosca ◄ a bhailíochtú.
Airteagal 293 6.
Déanfar níos mó ná staitistic amháin ó leithdháileadh réamhaisnéise a bhreathnú i mbailíochtú shamhlacha na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR agus a mbearta ►C9  riosca ◄ lena dtáirgtear leithdháiltí réamhaisnéise.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.