+Airteagal 305 2.

Airteagal 305 2.

Gan dochar don chur chuige atá sonraithe i mír 1, i gcás gur cliant í an institiúid, féadfaidh sí na ceanglais cistí dílse dá ►C9  neamhchosaintí ◄ trádála d'idirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach lena comhalta imréitigh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 306 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

tá suímh agus sócmhainní na hinstitiúide sin a bhaineann leis na hidirbhearta sin idirdhealaithe agus leithscartha, ar leibhéal an chomhalta imréitigh agus an chontrapháirtí lárnaigh araon, ó shuímh agus sócmhainní an chomhalta imréitigh agus chliaint eile an chomhalta imréitigh sin agus mar gheall ar an idirdhealú sin agus an leithscaradh sin níl baint ag na suímh agus sócmhainní sin le féimheacht i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh nó duine amháin nó níos mó dá chliaint eile;

(b) 

éascaítear le dlíthe, rialacháin, rialacha agus socruithe conarthacha is infheidhme maidir leis an institiúid sin nó leis an gcontrapháirtí lárnach atá ceangailteach orthu, go ndéanfar suímh an chliaint a bhaineann leis na conarthaí agus idirbhearta sin agus an chomhthaobhacht chomhfhreagrach a aistriú chuig comhalta imréitigh eile laistigh den tréimhse corrlaigh is infheidhme faoi ►C9  riosca ◄ i gcás dhócmhainneacht nó mhainneachtain an chontrapháirtí lárnaigh nó an chomhalta imréitigh bhunaidh. In imthosca mar sin, déanfar suímh agus comhthaobhacht an chliaint a aistriú ag luach an mhargaidh mura n-iarrann an cliant go ndéanfaí an suíomh a shocrú ar luach an mhargaidh;

▼M8

(c) 

tá athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag an gcliant, ar athbhreithniú é atá cothrom le dáta, a chruthaíonn go bhfuil na socruithe lena n-áirithítear comhlíonadh an choinníll atá leagtha amach i bpointe (b), go bhfuil siad dlíthiúil, bailí, ceangailteach agus infhorfheidhmithe faoi dhlíthe ábhartha na dlínse nó na ndlínsí ábhartha;

▼B

(d) 

is contrapháirtí lárnach cáilitheach é an contrapháirtí lárnach.

I gcás ina ndéanann an institiúid measúnú ar an gcaoi a bhfuil an coinníoll i bpointe (b) den chéad fhomhír á chomhlíonadh aici, féadfaidh institiúid aon fhasaigh shoiléire i ndáil le haistrithe suíomhanna cliant agus le comhthaobhacht chomhfhreagrach chuig contrapháirtí lárnach a chur san áireamh, maille le haon rún sa tionscal leanúint den chleachtas seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.